Apr 25, 2019

Ról na nOifigeach Gaeilge – Mealladh nó Cosaint?

Fiosraíonn Aoife Kearins feidhm agus cuspóir na n-oifigeach Gaeilge sna haontais mac léinn i spreagadh agus cosaint na teanga.

Aoife KearinsEagarthóir na nGné-Alt

Bíonn oifigigh páirtaimseartha mar bhaill de haontais mhic léinn in ollscoileanna timpeall na tíre. Ionadaíonn na hoifigighsin réimse leathan de shuimeanna agus de chursaí sóisialta – oifigeach na ndaoine faoi mhíchumus, oifigeach spóirt agus oifigeach LADT+ ina measc. Chomh maith leis sin, bíonn Oifigeach na Gaeilge mar bhall de bheagnach gach aontas mac léinn timpeall na tíre faoi láthair, agus cur chun cinn na Gaeilge mar dhualgus acu.

Tá mandáid ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) tacú a thabhairt d’institúidí tríú leibhéal chun Oifigeach na Gaeilge a chruthú iontu go léir toisc go mothaítear go bhfuil difir faoi leith idir na Baill-Eagraíochtaí le hoifigigh Gaeilge agus iadsan gan Oifigeach ó thaobh gníomhaíocht Gaeilge de. Ach chomh maith leis an teanga a chur chun cinn d’fhoglaimeoirí, ba cheart go mbeadh na hoifigigh Gaeilge ag déanamh iarracht cearta teanga a bhaint amach do mhic léinn as an nGaeltacht agus an Ghaeilge mar a gcéad teanga. An bhfuil siad ag éirí leis an gcúram sin?

Ag labhairt le The University Times, míníonn Aoife Ní Dheisigh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge in USI, go raibh formhór dá cuid oibre i mbliana ná Lá na Gaeilge á chruthú in institiúidí teicneolaíochta nuair nach mbíonn láithreacht Gaelach láidir. “Bhí mé timpeall na tíre i mbliana, ag cur ciorcail comhrá ‘s rudaí mar sin le chéile in institiuidí tríú leibhéal gan phobal Ghaeilge mhór – bhí orainn na cainteori Gaeilge a aithint ar dtús, agus ní raibh na structúirí ann chun Seachtain na Gaeilge iomlán a bheith ann.”

ADVERTISEMENT

Bhí orainn na cainteori Gaeilge a aithint ar dtús, agus ní raibh na structúirí ann chun Seachtain na Gaeilge iomlán a bheith ann

Ó thaobh cearta teanga de, bhí Ní Dheisigh bainteach leis an iarracht chun tascfhórsa a bhunú sa Tuaisceart le NUS-USI – aontas naisiúnta an Tuaiscirt, bainte le hAontas Naisiúnta na Mac Léinn (NUS) agus USI – chun sainriachtanais teanga do Ghaelgeoiri sa Tuaisceart a thusicint agus a fháil: “Ba é sin ceann de mo thionscnaimh is mó i mbliana. Agus ó thaobh Acht na Gaeilge agus na cearta teanga atá ó na cainteoirí sa Tuaisceart, chomh maith leis an méid polaitíochta a bhaineann leis an teanga ann, mhothaigh mé gurbh é sin an beatha is fearr chun cearta teanga a chosaint, agus chun taithí na gcainteoirí tuaisceartacha a thuiscint.”

Ach taobh amuigh de sin, is léir go bhfuil níos mó tábhachta curtha ag USI ar an teanga a spreagadh do dhaoine atá ag foghlaim nó mic léinn idirnáisiúnta, ná ar chainteoirí dúchais agus a riachtanais.

Cuirtear traenáil ar fáil ag tús na bliana do na oifigigh Gaeilge timpeall na tíre, agus dar le Ní Dheisigh, tugtar tacaíocht do na oifigigh ina n-iarrachtaí féin “le traenáil, agus a bheith i láthair ar an lá dá mbéadh sé ag teastáil”, mar shampla leis an bhfeachtas do lóistín lán-Ghaelach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Is dócha go bhfuil an dearcadh ina chuirtear foghlaimeoirí thar cainteoirí líofa mar phatrún le hoifigigh na gaeilge sna ollscoilleanna chomh maith. Ag labhairt le The University Times, míníonn Sorcha Ní Chonghaile, Oifigeach na Gaeilge Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), go mbíonn an t-oifigeach ann chun obair mar nasc idir an aontas agus an Cumann Gaelach. Tugann an t-oifigeach seans do chainteoirí a nGaeilge a úsáid i ngach imeacht a bhíonn ar siúl ag an aontas i DCU: “Gach cáipéis atá déanta ag an aontas mac léinn – tá sé le fáil trí Bhéarla agus trí Ghaeilge. Bíonn duine ag gach imeacht an aontais chomh maith atá liofa sa Ghaeilge ionas go mbeadh failte rompu í a labhairt.” Ach arís, creidtear gur cheart don oifigeach a n-aird a dhíriú ar an teanga a chur chun cinn le daltaí idirnaisiúnta no daltaí gan mórán Gaeilge. “Níl feachtas againn chun cearta teanga a bhaint amach do mhic léinn as an nGaeltacht,” admhaíonn Ní Chonghaile. “Ach ó mo thaithi, bíonn siad lán-sasta cabhrú linn chun an teanga a chur chun cinn le daoine atá ag iarraidh foghlaim.”

Níl aon dulagaisí scríofa síos a deir go bhfuil ar an oifigeach cearta teanga a bhaint amach do chainteoiri dúchais, ach bhí mé ag iarraidh cearta teanga a chosaint

Ag labhairt le The University Times, deir Cúnla Morris, Oifigeach na Gaeilge in Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, go mbíonn dhá dhualgas ag an oifigeach: an ríomhphost seachtainiúil a aistriú agus Éigse na Tríonóide – seachtain a dhéanann ceiliuradh ar theanga agus cultúr na Gaeilge, a chur ar siúl. “Níl aon dulagaisí scríofa síos a deir go bhfuil ar an oifigeach cearta teanga a bhaint amach do chainteoiri dúchais, ach bhí mé ag iarraidh cearta teanga a chosaint.”

Bhí ar Morris seasamh suas do na cearta sin nuair a rinneadh iarracht fáil réidh leis an leagan Gaeilge de ríomhphost seachtainiúil an aontais ag Comhairle roimh an Nollaig. Bhí sé ar intinn ar Morris grúpa a bhunú chun tacaíocht a thabhairt do mhic léinn sa Tuaisceart chun a gcearta teanga a bhaint amach maidir le hAcht na Gaeilge, ach ní tharla sé faoi dheireadh. Ach dar le Morris, ba cheart go mbeadh sé mar thosaíocht ag oifigigh Gaeilge timpeall na tíre cearta teanga a bhaint amach do mhic léinn atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid mar a gcéad teanga san ollscoil gach lá: “Gan tuiscint dár gcúltúr, dár stair mar dhaoine Éireannacha, níl mórán difriocht idir an Ghaeilge, Gaidlig agus an Bhreatanais, agus faighimid an tuiscint sin nuair a éistimid le daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá, agus nuair a thugaimid na hacmháinní dóibh chun a bheith cinnte go bhfuil siad ábalta í a labhairt gach lá.”

Is léir go bhfuil na hoifigigh Gaeilge in ollscoilleanna ar fud na tíe ag cabhrú leis an iarracht chun ár dteanga dhuchais a choimead beo. Ach is ceart go machnaímid ar ceard is cóir a bheith acu mar phríomhaidhm: an Ghaeilge a spreagadh tríd rochtain do Bhearlóirí, nó troid ar son na mic léinn agus a gcearta teanga séanta acu gach lá?

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.