Apr 11, 2011

An Ghaeilge agus an Idirlíon – Réiteach na Faidhbe?

Harriet Burgess

Polaiteoirí na tíre – nach bhfuil sibh bréan den ghrúpa lochtach seo, a chairde? Táimse, gan dabht ar bith. Anois, tá ár dTaoiseach nua againne… Nílim fós cinnte faoi. B’fhéidir go bhfuil ré nua polaitíochta ag teacht, b’fhéidir go mbeidh Fine Gael díreach cosúil leis na buachaillí náireacha as Fianna Fáil. Níl fhios againn fós.

"Is é mo thuairimse go bhfuil sé do theist ag an rialtas an Ghaeilge a chur chun chinn go láidir- ar an idirlíon."

Ach chomh fada is a bhaineann se liomsa, ní deas an comhartha é an polasaí atá ag Éanna Ó Cionnaith maidir le stádas na Gaeilge. Tá Éanna ag dearbhú go bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a bheith roghnach mar ábhar don Ardteist. An ag magadh atá sé?! Is léir ón méid atá ráite aige nach ndéanfaidh aon smaoineamh atá aige ach díobhál. (Is feidir leat an Leader’s Debate a fháil ar http://www.tg4.tv/main.aspx?level=Dios). Bí ag smaoineamh air, a léitheoirí. Is léir do chách go bhfuil an ‘plean’ seo lochtach, mí-éifeachtach agus leisciúil nach dtugann don teanga ach fadhbanna.

ADVERTISEMENT

Mar sin, measaim go bhfuil sé soiléir nach n-aontaím le hÉanna maidir le Gaeilge agus an córas oideachais. Ach, aontaím leis, ar phointe amháin: tá rud éigin mór in easnamh sa chóras. Mar is eol do mhadraí an bhaile, is í an ghné is mó fáis sa Ghaeilge ná réimse an oideachais trí Ghaeilge. Ach conas is féidir linn réiteach a fháil, conas is féidir an teanga a chur chun cinn?

Tá an réiteach díreach ós do chomhair. Gach uair a logáileann tú isteach ar facebook, gach uair atá tú ag léamh alt ar irishtimes.com, gach uair a bhíonn tú ag úsáid an idirlíon go ginearalta, is féidir leat a bheith ag foghlaim na teanga. Is é mo thuairimse go bhfuil sé do theist ag an rialtas an Ghaeilge a chur chun chinn go láidir- ar an idirlíon.

Is í an fhírinne lom atá agam nach bhfuil an t-eolas ar fáil do dhaoine faoi na suíomhanna idirlíne as Gaeilge. Mar sin, ba bhrea liom liosta gearr a thabhairt amach faoi na suíomhanna gaeilge is fearr liomsa. Tá na cinn seo go hiontach, más tosaitheoir thú nó cainteoir líofa.

(a) Facebook

A Glúine Facebook (facebook generation), spreagaim díobh rud amháin a dhéanamh: téigh chuig do leathanach, agus athraigh do theanga go gaeilge. Beidh tú ag smaoineamh as gaeilge I gcúpla noiméad. Draíochtach.

(b) Abair leat

Cúrsa tarraingteach ar an idirlíon é seo.Tá an suíomh seo cabhrach do dhaltaí ó bhunléibhéal go meánléibhéal chumais.

http://www.lurgan.biz/art/index.htm

(c) TG4.ie

Ceol ar an Imeall! Seacht! GAA Beo agus níos mó. TG4 player atá I gceist anseo, agus tá réimse leathan cláracha ar fáil ann.

(d) Beo

Iris ar líne é Beo. Faightear léargas ar chúrsaí reatha, spóirt, na healaíona, cúrsaí teicneolaíochta, agus taisteal.

"Foilsítear ailt ar an suíomh gréasáin faoi chúrsaí Gaeilge, litríochta, ealaíne agus eile!"

(e) Nós

Iris eile ar líne againne. Dírithe ar dhaoine óga, clúdaítear cúrsaí cheoil, scannáin, teilifíse, teicneolaíochta, spóirt, cúrsaíreatha, litríochta, taistil, agus stíl agus beatha ar an suíomh seo.

(f) The Irish Times – An Teanga Bheo

Foilsítear ailt ar an suíomh gréasáin faoi chúrsaí Gaeilge, litríochta, ealaíne agus eile. Tá na hailt seo oiriúnach do mhic léinn ó mheánleibhéal go hardleibhéal chumais.

http://www.irishtimes.com/anteangabheo/

Seo cúpla suíomhanna. Faraoir, níl mórán ann. Caithfidh an cás a fheabhsú, cinnte deimhnitheach. Ba bhréa liomsa dá dtabharfadh na polaiteoirí aird ar an réimse fáis seo, seachas dul i gcoinne na Gaeilge sna scoileanna.

Tá dualgas ar an nglúin seo i leith na Gaeilge. Táimid freagrach aisti. Mar sin, scaip an scéal. Bí ag usáid suíomhanna as Gaeilge, agus bí ag foghlaim- go nádurtha, gan staidéar a dhéanamh! Caithimíd go léir mionghaeltacht a chruthú… in ár n-aigne. Beidh tuamoideachas (immersion education) ar siúl agat, agus ní bheidh tú ag tabhairt faoi deara é!

Todhcaí ilteangach atá romhainn. Beidh dhá nó trí theanga an-úsáideach as seo amach… bíodh an Ghaeilge mar cheann acu!

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.