Jan 16, 2012

Aslan ag seinnt ag Éigse na Tríonóide

Andrew King

I leabhar, C.S Lewis, The Chronicles of Narnia, léiríonn an leon neart, spiorad, agus dóchas. Tugann sé creideamh dúinn agus taispeánann sé go mbeidh an bua ag an taobh ceart ar deireadh.

ADVERTISEMENT

Is dóigh gurb é seo an fáth gur thóg cúigear ceoltóirí ó Finglas agus Ballymun a ainm mar inspioráid don bhanna nua a bhí bunaithe acu i 1982. Thóg Christy Dignam, Joe Jewell, Billy McGuinness, Alan Downey agus Rodney O’Brien ainm laoch samhailteach, agus rinne siad fíor-laoch as an ainm sin. Laoch an lucht oibre. Laoch Bhaile Átha Cliath. Laoch an duine atá faoi bhrú an tsaoil inniu. Laoch an duine atá gafa le drugaí. Laoch na hóige. Laoch an cheoil.

Nuair a tháinig a gcéad singil “This is” amach i 1986, bhí sé soiléir go raibh an grúpa déanta as rud éigin speisialta. B’é an t-amhrán is coitianta riamh ar RTE, 2fm, agus bhí na criticeoirí go léir ag caint faoin mbanna Éireannach nua seo a bhí mar an rud is fearr le teacht amach as Baile Átha Cliath ó U2 (comparáid nach féidir leo a sheachaint go dtí an lá atá inniu ann, is dóigh). Chríochnaigh an chosúlacht ansin. Thosaigh Bono ag “sabháil an domhain”, tháinig sé ar shaibhreas agus d’fhás sé agus a bhanna go hidir-náisiúnta. Thosaigh Christy ag glacadh drugaí, agus, cosúil le hógánaigh an cheantair ina rugadh é, chuir heroin stop leis an bhféidearthacht a bhí acu.

Is ionann leon agus neart. Lag, briste, tháinig siad ar ais athruithe mar dhaoine, i 1993. Bhí pian, grá, agus aiféala le feiceáil san amhrán, “Crazy World”, a bhí agus atá mar ceann de na hamhráin is treánmhar riamh. I have fallen down so many times/ Don’t know why, Don’t know where/ Don’t care less it’s all the same./ I have travelled through so many towns./ Don’t know why, Don’t know where/ Don’t care less it’s all the same./ How can I protect you in this/ Crazy world/ It’s alright/ It’s alright. Tá na blianta d’fhulaingt le feiceáil sna liricí, agus ceangailte le fonn atá chomh láidir le hiarann, chinntigh Aslan go raibh siad mar chuid de bhéaloideas ceolmhar na hÉireann.

Ag deireadh na nóchaidí, chuaigh an t-albam Shame about Lucy Moonhead “double platinum”, agus i ndiaidh sin, tá siad tar éis ceathair albam eile a dhéanamh. I mbliana, agus iad trocha bliain d’aois, tá Aslan tar éis na mílte “life time achievement awards” a bhailiú, agus deirtear go bhfuil siad níos coitianta i mBaile Átha Cliath ná an banna eile sin a rinne dearmad ar cad as a tháinig siad agus a bhfuil ag éalú ó chánacha Éireannacha san Íseal Tír nó rud éigin.

Cosúil leis an leon a smaoinigh C.S Lewis air, taispeánann Aslan go bhfuil daoine in ann buachan. Go bhfuil ceol in ann buachan. Go bhfuil spiorad in ann buachan.

Mar chuid lárnach de stair cultúrtha na hÉireann, tá áthas an domhain orainn go mbeidh Aslan ag seinm dúinn i rith Éigse na Tríonóide. Creideann Christy i saibhreas teanga agus an óige, dhá rud a bheidh againn don oíche speisialta seo sa Village, Wexford Street, ar an 2ú lá Feabhra.

Ag tabhairt tacaíochta dóibh ag an gig seo ná The Bonnymen, banna ceoil nua, bunaithe ar cheol traidisiúnta. Tá siad tar éis a gcéad albam a eisiúint le déanaí, agus tá an domhan traidisiúnta go léir ag caint go glórmhar fúthu. Le glór bríomhar, agus amhráin chomh maith le tunes, i nGaeilge agus i mBéarla, tá réimse mór acu, agus tacaíocht mhór ag fás agus ag fás i gcónaí. (breathnaigh orthu airwww.thebonnymen.ie )

Táimid cinnte go mbeidh an oíche seo den chéad míle scoth, agus ar 10 euro, molaim daoibh go léir dul. 2ú lá Feabhra. Cuir síos sa dialann é. Beidh na deochanna ag sleamhnú síos. Beidh spiorad ár gcultúr san aer. Ach níos mó ná sin, beidh guth Christy Dignam le cloisteáil mar atá sé i gcónaí. Mín. Láidir. Chomh láidir le leon.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.