Sep 24, 2012

Seomra na Gaeilge Nua ar Champas

Ciara Heneghan

Comhfhreagraí na Gaeilge

ADVERTISEMENT

Tá ‘Seomra na Gaeilge’ tar éis oscailt ar champas na Tríonóide don chéad uair riamh.  Is spás caidrimh agus comhrá do lucht na Gaeilge sa Choláiste é agus beidh leabhair, nuachtáin agus foilseacháin i nGaeilge ar fáil sa seomra, mar aon le háiseanna tae agus caife.

Tá an Seomra lonnaithe i bhfoirgneamh an Phroinntí (Dining Hall), os cionn bialann an Bhutraigh. Téann tú isteach trí dhoras taobh thiar den Bhutrach, i mBá na Luibheolaíochta, agus suas ansin go barr an staighre.

Stiúraigh Pádraig Schaler, Reachtaire an Chumann Gaelaigh anuraidh, an feachtas ó tús a réime agus bhí coiste agus baill an Chumann Ghaelaigh, chomh maith le foireann i Roinn na Gaeilge, ag obair go dian thar na blianta chun an dul chun cinn suntasach seo a eagrú. Fuair siad an nuacht ón Space Allocation Committee ag tús an tsamhraidh go mbeadh seomra acu faoi dheireadh don athbhliain. Rinneadh athchóiriú ar an seomra i rith an tsamhraidh agus anois tá an áis réidh do Sheachtain na bhFreshers.

Dar le Niamh Ní Chroinín, Oifigeach na Gaeilge, “léiríonn [Seomra na Gaeilge] go bhfuil líon na nGaeilgeóirí faoi bhorradh sa choláiste agus go bhfuil an  Ghaeilge, mar theanga, ag dul chun cinn i gColáiste na Tríonóide.” Beidh an Seomra ar oscailt i rith an téarma acadúil, Luan go hAoine, idir 9.00rn agus 4.30in, agus beidh imeachtaí eile á reáchtáil ann freisin. “Is iontach an rud é áis dá leithéid a bheith ar fáil agus tá súil againn go mbeidh an-rath ar an togra seo” a dúirt Aongus Dwane, ó Oifig na Gaeilge.

Dúirt Andrew King, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, go bhfuil sé “an-tábhachtach go n-úsáideann daoine an seomra [chun] taispeáint don phobal gur rud láidir í an Ghaeilge sa choláiste, agus go bhfuil sé ag teastáil uainn. Chomh maith le sin, caithfidh daoine tuiscint gur seomra oscailte é, agus go bhfuil sé ann do gach duine, ní muintir an chumainn amháin.”

Beidh Cioral Comhrá ar súil sa seomra gach Dé Máirt ag 7.30, le fáilte roimh chách.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.