Oíche Luain, in Áiléar Eolaíochta Choláiste na Tríonóide, nochtaíodh mórán tuairimí nua, fórásacha, agus freisin mórán tuairimí fadbhunaithe, maidir leis an tsaoirse agus an Gaelachas sa tír seo. Sa seiminéar dátheangach, eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, chuaigh roinnt saineolaithe i mbun díospóireachta ar ráiteas an Phiarsaigh: ‘Cad is brí le Saor agus Gaelach’ i 2016? Tháinig an t-idirphlé i ndiaidh sheoladh clár chomóraidh 1916 Conradh na Gaeilge, ag Michael McDowell, iar-Aire dlí agus cirt, chomh maith le garmhac Eoin Ó Néill, i dteannta leis an Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh TD.
Mhaígh céad chainteoir na hoíche, Dr Mary Harris, Léachtóir Sinsearach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, nár éiríodh leis an bpobal Gaelach a bhí in aigne an Phiarsaigh a bhaint amach riamh ‘ach ní cheart dúinn an bhrionglóid a chaitheamh amach’. Dar léi go dtéann an Gaelachas go smior le flosc na n-Éireannach le muid féin a dhéanamh éagsúil ónar gcomharsana in aice láimhe.
Is Ollamh Staire é Eunan O’Halpin sa choláiste seo, agus is dócha gur thuig sé nach mbeadh fáilte is ficheadh roimh a dtuairimí féin i measc an tslua de Ghaeilgeoirí a bhí amach roimhe. Dar leis féin go bhfuil sé míréalaíoch a rá nach mbeifeá in ann a bheith Gaelach nó Éireannach gan an teanga a bheith agat, agus nach bhfuil sé ceart an fhéiniúlacht tíre agus an teanga a nascadh i gcónaí lena chéile.
Duine de na cainteoirí is suimiúla a bhí ann ar an oíche, dar le meon an tslua, ná Michael Burrows, Easpag Chaiseal agus Osraí, Eaglais na hÉireann. Seisean a chur tús le téama an chomhréitigh féiniúlachta, toisc an saol a chaith sé féin. Cé gur sagart é in Eaglais na hÉireann, is náisiúnach é, chomh maith lena chlann roimhe, le suim acu i gcúrsaí na Gaeilge. Leathnaigh sé seo an pointe: nach bhfuil gá ar bith le féiniúlacht na tíre, trí chultúr, oidhreacht, reiligiúin, nó eile, a bheith ceangailte leis an teanga. Má thógaimid san áireamh friotal Fhorógra na Cásca 1916 “saoirse chreidimh agus saoirse shibhialta, comhcheart agus comhdheiseanna dá saoránaigh uile” feictear dúinn aontú na dtuairimí seo.
Dúirt sé féin “when the gurriers of Dublin break telephone boxes through Irish, then will the language be saved”. Cháin sé go géar an soiniúlacht creimneach maidir leis an teanga go forleathan, agus dúirt go mbraitheann sé uaidh Éire atá dílis d’fhís a bunaitheoirí.
Ba dheacair an comhréiteach céanna a bhraith ó óráid Ite Ní Chionnaith, léachtóir agus Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, chomh maith le gníomhaí teanga. Dar léi gurb é ‘Saor agus Gaelach’ bunchloch fhealsúnachta na tíre. Dúirt sí go raibh gá le haidhmeanna agus cuspóir lucht 1916 a mhúineadh don ghlúin óig. Leathnaigh sí ar phointe na saoirse i dtuaisceart Éireann, ag áitiú nach bhfuil sé “PC a rá go bhfuil saoirse fós le baint amach”, cé go bhfuil saoirse iomlán ón mBreatain de dhíth go fóill.
B’ábhar spéise ann féin é an Dr Chris McGimspey, Aontachtaí, a bhfuil bá aige don teanga, agus a mhothaíonn gur Éireannach atá ann. Diúltaíonn sé leis an seasamh atá ag daoine i leith na teanga, gur comhartha den náisiúnachas atá ann. Thagair sé seo do théama Michael Burrows níos luaithe, nach n-oibríonn an meon “Us versus Them” a thuilleadh, toisc nach dtuigeann sé féin cén taobh den aighneas ar a sheasann sé! Is léir gur iarracht é seo scoilt a chothú idir ‘Saoirse’ agus ‘Gaelachas’ i ráiteas an Phiarsaigh.
B’ócáid í seo a chothaigh ábhar machnaimh do lucht an tslua, rud a léiríodh go soiléir sna ceisteanna forleathana a cuireadh ar an bpainéal i ndiaidh na cainte. Is minic a chloistear an féin-aitheantas mar chúis leis an nGaeilge a choinneáil beo. Ach, an ndéanfaidh sé seo daoine a fhágáil amach más é go gceanglaimid an teanga le féiniúlacht na tíre? I ré nua an domhandaithe, agus luaineacht aitheantais, an ceart i gcónaí tuairim chomh cúng a ghlacadh, nach féidir a bheith saor gan a bheith Gaelach, nó nach féidir a bheith Gaelach, gan a bheith saor? Céad bliain ón am go ndúirt an Piarsach na focail iomráiteacha seo, is dócha nach bhfuil an bhrí chomh soiléir céanna iontu.