Bhí Hustings an University Times agus an Cumann Gaelach ar siúl inniú le Edmund Heaphy, Eagarthóir an University Times agus Charlie Collins, Leas-Reachtaire an Cumann Gaelach, ag cur ceisteanna ar an lucht atá ag rith le haghaidh seasamh imthnúthach le Aontas na Mic Léinn i gColáiste na Tríonóide.
Thosaigh cursaí le Edmund ag céistiú Sinéad Baker, atá ag rith le haghaidh an post mar éagrathóir an páipéar seo. Bhí na ceisteanna dírithe ar cad a mbeidh i ndán don pháipéar agus é faoi stúr aici. Leagadh béim ar cad é príomh aidhm an páipéar agus ról an páipéar i sochaí an choláiste. Tugadh deis do Baker a smaointí faoin nGaeilge sa páipéar a cur os ár gcomhair. D’adhmhaigh sí go raibh sár obair déanta ag an University Times leis an Ghaeilge agus gur teastaíonn uaithi an obair sin a leanúint, muid ag foilsiú píosaí Gaelach go minic i leith pé ábhar, in ionad na gnáth píosa Gaeilge i leith na Gaeilge.
Léirigh na hiarrthóirí siamsaíochta díogras i leith cur chun cinn na Gaeilge sa choláiste trí imeachtaí as Ghaeilge a reáchtáil. Dírigh siad ard ar an gciontachtas a mhothaíonn daoine agus iad tar éis a chuid Gaeilge a chailliúnt agus cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge mar chuid d’ár gcultúr agus d’ár féiniúlacht.
Bhí na beirt iarrthóirí le haghaidh an post cumarsáide agus margaíochta, Glen Byrne agus Emmet Broaders, go hiomlán dearfach i leith na Gaeilge. Tá sé de dhíth ag an beirt acu leanúint leis an roimhphoist SU dátheangach, ach creideann Byrne gur chóir dúinn é a cur leis an roimhphoist as Béarla agus creideann Broaders gur chóir dúinn é a chur chun cinn níos fearr. Ina theannta sin deireann Byrne go bhfuil sé de dhíth aige an dialann SU a mbíonn ar fáil ag tús na bliana a cur ar fáil as Ghaeilge.
I leith na iarrthoirí Oifigeach Leasa, Aoibhinn Ní Lochlainn, Éamonn Redmond agus Andrew Wafer, bhí siad i log ar son imeachtaí Gaelach a reachtáil chun an Ghaeilge agus an cultúr a chur chun cinn agus chun daoine a mhealladh leis an Ghaeilge. Slí amháin a bhí molta ná nasc a dhéanamh leis an gCumann Gaelach agus na cumainn eile sa choláiste.
Ní raibh an Ghaeilge luaite i gceisteanna leis na hiarrthoirí oideachas.
Ag deireadh an trathnóna cuireadh an cheist ar na hiarrthoirí uachtaráin faoi polsaíocht dátheangach an TCDSU. Léirigh Kieran McNulty go raibh ceann ag an TCDSU cheanna ach seans gur chóir dóibh béim níos mó a leagtha ar. Bhí eisean ar son bunreacht an TCDSU a athrú go Gaeilge. D’aontaigh Stephen Carty agus Daniel O’Brien leis. Cé nach bhfuil an Ghaeilge mar pháirt de chultúr O’ Brien, tuigeann sé go bhfuil an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge tábhachtach le haghaidh go leor desna daltaí i dTríonóide.
Ní féidir an píosa a chriochnú gan trácht ar an iarracht a rinneadh gach éinne, seachas Daniel O’Brien, píosa den Ghaeilge a labhairt nó miniú a thabhairt ar an fath nach bhfuil siad in ann braon de a labhairt.