Bheadh aon iarracht le saol Dhubhghlas de hÍde a chuimsiú laistigh d’aon abairt amháin mar mhasla is mar obadh dá chumas is dá thalann. Scoláire, file, aistritheoir, mac, deartháir, Uachtarán na hÉireann, agus i bhfad níos mó a bhí sé. Mac Urramach ab ea é a rugadh i mí Éanair 1860 i gCaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin. Bhí cinéal óige chorraithe aige de bharr oibre a athair. Ag an am ina rugadh Dubhghlas, bhí a athair, Arthur, ina reachtaire i gCill Mhic Treana i gContae Sligeach agus in 1867, d’aistrigh an chlann go Dún Gar, Ros Comáin, nuair a cheapadh a athair mar reachtaire i dTig Baoithín.
Múineadh Dubhghlas sa bhaile lena athair agus a aintín mar go raibh bruitíneach aige agus é óg. Breac-Ghaeltacht ab ea Dún Gar agus d’fhoghlaim Dubhghlas Gaeilge ann óna sheanchomharsana. Fánaíodh a spéis fad is a bhí sé ina dheagóir toisc gur fuair a sheanchara, Seamus Hart, bás. Bhí Seamus mar thionchar agus inspreagadh dó agus chabhraigh sé suim sa Ghaeilge a chothú i nDubhghlas. Athlasadh an suim a bhí aige tar éis roinnt turas go Baile Átha Cliath, thuig sé ó na turais sin go raibh daoine ann leis an suim chéanna sa Ghaeilge is a bhí aige. Chuaigh sé sin go mór i bhfeidhm air, daoine a fheiceál leis an teanga ag am ina raibh meon ann go raibh an Ghaeilge, agus na daoine a d’úsaid í, fágálach.
B’é i gColáiste na Tríonóide gur cuireadh oideachas air. Rinne sé staidéir ar an nGearmáinis, Fraincis, Laidin, Béarla, Ceilteach, agus Stair. Bhain sé an chéad chéim amach in 1884, céim eile i nDiagacht an bhliain dár gcionn, agus céim sa dlí sa bhliain 1887. Fad is a bhí sé ag staidéir anseo bhí sé mar bhall den ‘Contemporary Club’, club ina dhéantar plé agus díospóireacht ar cheisteanna agus fadhbanna an lae. D’aighnigh sé aiste, ‘A plea for the Irish language’, leis an Dublin University Review i mí Lúnasa 1886, ag maíomh – cé go bhfuil Béarla riachtanach do chách, tá dualgas orainn an Ghaeilge a chaomhnú. Bheadh de hÍde mar ghníomhaí don Ghaeilge dá shaol i log. Níos deanaí ina shaol bhí sé mar Uachtarán ar an Hist agus bronnadh bonn óir an chumainn air.
Ón aois óg de fiche bliana bhí sé mar bhall den Sochaí i gcomhair Caomhnú na Gaeilge agus idir 1879 agus 1884 foilsíodh níos mó ná céad dá chuid véarsa i nGaeilge, cuid mhór dóibh le guth náisiúnach. Thosaigh sé ag úsáid an ainm cleite ‘An Craoibhín Aoibhinn’.
Ón aois óg de fiche bliana bhí sé mar bhall den Sochaí i gcomhair Caomhnú na Gaeilge agus idir 1879 agus 1884 foilsíodh níos mó ná céad dá chuid véarsa i nGaeilge
Ó lár 1870idí ar aghaidh bhíodh dialann laethúil á choinneál aige agus é scríofa ar fad as Gaeilge. Chabhraigh sé le bunú Irisleabhar na Gaedhilge, tréimhseachán dátheangach tábhachtach, agus ag an am chéanna bheartaigh sé staidéir a dhéanamh ar sheanlitríocht na Gaeilge. Foilsíodh a chéad leabhar in 1889, An Sgeulaigheachta. Sa leabhar thug sé chun suntais an scigaithris a bheadh i gceist dá bhfaighfeadh an Ghaeilge bás. Le W.B Yeats, bunaíodh an National Literary Society i mBaile Átha Cliath agus d’fhóin sé mar Uachtarán de ar feadh tamaillín. In 1892 thug sé óraid leis an eagraíocht, ‘The Necessity for De-Anglicising Ireland’, agus deirtear gurb é an óraid sin a bhí mar réamhtheachtaí do bhunú Conradh na Gaeilge.
Bunaíodh Conradh na Gaeilge an bhlian dar gcionn le de hÍde mar Uachtarán air. D’fhorbair an eagraíocht ón Aontas Gaeilge agus d’eirigh leis mar an institiúid is rathúla agus is tabhachtachaí d’athbheochan na Gaeilge. Lean An Conradh ar aghaidh ag foilsiú Irisleabhar na Gaedhilge chomh maith leis an nuachtán “An Claidheamh Soluis”, le Padraigh Mac Piarais mar eagarthóir. B’é an mana a bhí acu ná “Sinn Féin, Sinn Féin amháin”. Bhí go leor pearsana suntasacha Gaelacha mar bhall den eagraíocht ag an am, Eamonn de Valera, Michael Collins, Eoin Mac Néill agus airle. Cé go raibh an eagraíocht neamhpholaitiúl, le haghaidh go leor dóibh b’é anseo gur fhoghlaim siad polaitíocht. D’éirigh de hÍde as an bpost ag an Ardfheis i 1915 mar gur cheap sé gur cheart don Ghaeilge a bheith os cionn polaitíocht. Le linn a thearma d’éirigh leis an Conradh feachtas a reachtáil le go ndéanfaí Lá Fhéile Pádraig mar shaoire naisiúnta agus go ndéanfaí an Ghaeilge mar ábhar scoile.
Cé go raibh de hÍde mar bhall den tSeanad, ba bheag spéise a bhí aige i bpolaitíocht. Ar an iomlán bhí seacht gcinn teanga aige agus tugadh aitheantas ar a chuid talainne nuair a rinneadh Olamh dó in Ollscoil Baile Átha Cliath. D’éirigh sé as i 1932 agus bhog sé arais go Ros Comáin i dteach a bhí ceannaithe agus bronnta air ag Conradh na Gaeilge.
Le cruthú Bunreacht na hÉireann i 1937, toghadh de hÍde d’aon ghuth mar chéad Uactharán na Éirinn. Bhuail stróc leis i 1940 agus ceapadh nach mhairfeadh sé, ach d’éirigh leis, gan luth na gcos aige áfach. Chríochnaigh sé an dara tearma cúig bhliain níos deanaí agus d’éagadh é i 1949. Adhlacadh é i bPortach Ard i nDún Gar, Ros Comáin. Tá an dánlann gar do bhloc na ndámh ainmnithe ina onóir.