Má tá meabhrúchán ag teastáil ó mhic léinn, acadóirí nó polaiteoirí maidir leis na gaotha chinn atá ag múchadh ardoideachais na hÉireann, fuair siad achoimre feannaideach cuimsitheach ar an ábhar sin in anailís a rinneadh ar athbheithnithe ar cháilíocht a bhí foilsithe cheana féin ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) le linn na seachtaine seo.
Chuir maoiniú laghdaithe agus foirne níos lú cuid mhór d’institiúidí triú leibhéil ag “pointe géarchéime,” a mheas an tuairisc. Rud a chruthaíonn níos mó imní fós ná gurbh fhéidir go mbeidh “iarmhairtí tromchúiseacha agus doleigheasta” d’inmharthanacht na hearnála ag na ciorruithe comhsheasmhach agus buanaithe. Baineann éiginnteacht airgeadais an bonn ó iarrachtaí pleanála fadtéarmach, saobhann sí leithdháileadh maoinithe i bhfábhar tionscnaimh níos brabúsaí agus teorannaíonn sé cumas acadóirí múineadh agus taighde a dhéanamh agus cumas foghlama mac léinn.
Tá sé scríofa ag an mBord Eagarthóireachta cheana féin faoin bhfrithchosúlacht áiféiseach a chruthaíonn baic institiúideacha cosúil leis an gCreat Rialaithe Fostaíochta. Ba chóir go dtacófaí le sár-acadóirí na hÉireann nuair a thairgtear dóibh deiseanna le haghaidh ceapacháin gradamacha, taighde sabóideach nó saoire mháithreachais nó atharthachta. In áit é sin, tá córas ann a chuireann pionós nó cosc ar chuile athrú bríoch. Nuair atá maoinithe le haghaidh fostaithe comh teoranta sin, is féidir le dul ar scor amháin nó imeacht de shaghas éigin eile ar bith ranna a chur ag streachailt chun a gcuid ceangaltas a chomhlíonadh, nó ag laghdú a bhfuil á tairiscint acu dá ndaltaí. Tá córas níos fearr tuillte ag na hintleachtaí is fearr in Éirinn, idir mic léinn agus foirne. Ina theannta sin, tá sé níos tábhachtaí fós aithint gur féidir leo an tír a fhágáil mura dtiocfaidh feabhas ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair.
Folaíonn an fhuarchúis fhorleathan maidir le staid an ardoideachais i láthair na huaire an phráinn lena bhfuil leasúchán ag teastáil. Níl tairbhe ar bith bainte amach ag an gcuid is mó de mhic léinn reatha as an “ré órga” roimh an gcliseadh eacnamaíochta. Sin an fáth go bhfuil tábhacht comh mhór sin ag baint le hiarrachtaí an fhíor-ghéarchéim atá ag crá ardoideachais na hÉireann a mheas agus a chur in iúl.
Nuair a éilíonn acadóirí agus mic léinn leasúcháin i mahoiniú ardoideachais, níl síntí láimhe ná sochaí Útóipeach á lorg acu ar chor ar bith. Bíonn siad ag iarraidh ar pholaiteoirí cuimhniú ar insitiúid fhaillithe a bhfuil dochar doleigheasta, fad-théarmach i ndán aici. Ní maith an comhartha atá sa neamhláithreacht rialtais leanúnach, nó in easpa seasmhachta pholaitiúla na tíre, ó thaobh réitigh réasúnaigh agus tapaidh, cé go bhfuil sí ag teastáil go práinneach.