Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 26, 2016

Ba Cheart go mbeadh Fearg ar Dhaoine Óga sa Ríocht Aontaithe i gcomhair a gComhaoiseanna nár Vótáil

Sa Ríocht Aontaithe, ní dada idir rannpháirtíocht pholaitiúil agus an lucht vótaíochta sa reifreann ar ghualainn an chuid atá ag Éirinn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Maidir leis an Aontas Eorpach, tá roinnt difríochtaí idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe, agus ní raibh torthaí an reifrinn an Déardaoin riachtanach chun é sin a bheith ar eolas againn. Ba léir iad na difríochtaí sin sa tsuirbhé Eurobarometer is déanaí, a rinneadh i mí na Samhna seo caite. Chreid níos mó ná trí cheathrú d’Éireannaigh gur saoránaigh den Aontas Eorpach a bhí iontu, ceann de na figiúirí is airde san aontas. Níor mhothaigh ach leath de dhaoine amhlaidh sa Ríocht Aontaithe. Agus ceist curtha orthu faoi ionchais na hÉireann taobh amuigh den Aontas Eorpach, níor cheap ach 25 faoin gcéad d’Éireannaigh gurbh fheidir éirí leis an tír níos fearr. Ar thaobh eile Mara Éireann, cheap leath de dhaoine gurbh fhéidir éirí níos fearr leis an Ríocht Aontaithe. Déanann na torthaí sin den Ríocht Aontaithe ceann de na tíortha is Eoraisceiptí san aontas, agus d’Éirinn ceann de na tíortha leis an méid is mó Eorabhaigh. Ina theannta sin, tugadh an deis d’Éireannaigh vótáil maidir le conarthaí an Aontais Eorpaigh, le méadú, agus leis an gConradh maidir le Comhshocrú Fioscach, deis nár thugadh do dhaoine sa Ríocht Aontaithe ach uair amháin roimhe sin.

Ach nocht an reifreann an Déardaoin difríocht shoiléir eile idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe, difríocht a bhaineann le rannpháirtíocht pholaitiúil na hóige. Maidir lena ainmnítear “ceist eiseach de chinniúint náisiúnta” don Ríocht Aontaithe, níor mheas ach 36 faoin gcéad de dhaoine idir 18 agus 24 bliain d’aois gurbh fhiú é cuairt a thabhairt ar ionad vótaíochta, seacht bpointe céatadáin níos lú ná an méid daoine den aoisghrúpa sin a vótáil san olltoghchán sa bhliain 2015, agus ord méadaíochta níos lú ná an 72 faoin gcéad de shaoránaigh a vótáil sa reifreann. I gcomparáid leis sin, ceapadh go raibh 80 faoin gcéad den aoisghrúpa sin chun vótáil in olltoghchán na hÉireann i mí Feabhra, agus sin gan aghaidh a thabhairt ar an tábhacht a bhain le daoine óga na hÉireann do thoradh an reifrinn faoi Chomhionannas Pósta den bhliain seo caite. Comh maith leis sin, dúradh go raibh an méid daoine óga a vótáil suntasach chun Conradh Liospóin a rith sa dara reifreann in Éirinn.

Is iad daoine óga na Ríochta Aontaithe a bheidh orthu maireachtáil leis an toradh sin don tréimhse is faide, de bharr a n-óige féin. Ní hamháin a saoránacht Eorpach a chailleann siad, ach an ceart maireachtála agus oibre i 27 ballstát eile. Cé go bhfuil vótálaithe óga i gceart agus iad ag cur an locht ar ghiniúintí níos sine a vótáil go mór chun an Aontas Eorpach a fhágáil, ba cheart go mbeadh an fearg chéanna orthu de bharr an mhéid bheag dá gcomhaoiseanna a vótáil sa reifreann.

ADVERTISEMENT