In Focus
Oct 29, 2016

Athbheochan na Gaeilge: Níos Leithne, Níos Nua-aoisí, agus Níos Ilghnéithí ná Riamh

Scrúdaíonn Christopher McMahon fairsinge athbheochana na Gaeilge sa 21ú haois, athbheochan a scriosann sean-íomhá na príomhtheanga náisiúnta.

Chris McMahonEAGARTHOIR NA GAEILGE
blank
Stephen Paul Paclibar for The University Times

Agus mé ag brostú thíos Sráid Nassau chuig an stáisiún traenach ar cheann dena laethanta ag tús an téarma, díreach amach geataí an Choláiste, bhí beirt ag siúl i mo dhiaidh ag comhrá go suaimhneach faoin dea-aimsir a bhí ann ar an lá sin. Bhí a gcomhrá chomh suaimhneach, chomh scíthúil sin, gur bheag nár thug mé faoi deara gur Gaeilge a bhí á labhairt acu. Ní fhacthas é ach mar ghnáth-ghné den timpeallacht theangeolaíoch. Agus b’fhéidir nár soiléir é sin, ach, go fiú in aice Choláiste na Tríonóide, i gcroílár na Páile, tá mothú ann go bhfuil úsáid na teanga sin ag éirí níos coitianta ná riamh.

An bhfuil athbheochan ag teacht ar an nGaeilge sa lá atá inniu ann dá bharr sin? An bhfuil pointe casaidh ann in ádh na teanga a tharraingíonn íomhánna de sheomraí ranga d’fhórmhór na nÉireannach? Níl Maria Schäler, Leas-Uachtarán na Gaeilge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) amhrasach ar chor ar bith i dtreo an ábhair. “Is dóigh faoin bpointe seo go bhfuil an athbheochán thart, toisc nach féidir a shéanadh ach go bhfuil an Ghaeilge beo ag an bpointe seo,” a dúirt sí i ráiteas ríomhphoist le The University Times. Tá sí den tuairim go bhfuil “fás ag teacht ar an líon cainteoirí agus an méid suime atá ag daoine inti.”

Agus tá a chuma ar an scéal go bhfuil ról tábhachtach ag mic léinn san athbheochan sin. Treisíonn Schäler an “fuinneamh óg, úr atá á spreagadh faoi láthair” mar chúis mhór leis an bhforbairt sin. “Níl óige na tíre chomh soiniciúil céanna i leith na teanga agus a bhí na glúinte a tháinig roimhe,” a mhíníonn sí le The University Times, “Tá meon ann i measc na n-óg gur teanga í atá ina beatha, agus gur fiú úsáid a bhaint asti.”

ADVERTISEMENT

Tá íomhá ann atá thar a bheith sean-aimseartha ar an nGaeilge

Is féidir ceann dena samplaí is soiléire den mheon sin a aimsiú in Áine Haberlin, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh i gColáiste na Tríonóide. Agus í ag labhairt faoi staid na teanga i measc na hóige le The University Times, cinntíonn sí go bhfuil “suim ann sa Ghaeilge.” Dar léi, “tá íomhá ann atá thar a bheith sean-aimseartha ar an nGaeilge.” Tá sé soiléir óna meon i dtaobh a róil sa Chumann Gaelach go bhfuil sí ag iarraidh an sean-íomhá sin a hathrú. Treisíonn sí tábhacht “imeachtaí níos neamhfhoirmiúla chun muinín a thabhairt do dhaoine atá suim acu sa teanga.” Is mór an moladh a dhéanann sí, dá bharr sin, don fhéile ceoil Ravelóid a bhí ar tí bheith ar siúl le linn an tsamhraidh ach a chuireadh ar ceal de bharr méid bige ticéad díolta. “Cúis díomá nár tharla Ravelóid mar féile nua-aimseartha a bhí inti a bhí bainteach le Gaeilge ach ní raibh sí dírithe amháin ar an nGaeilge,” a dúirt sí le The University Times, ag beimniú go raibh an ócáid “go hiomlán difriúil leis an íomhá traidisiúnta de fheirmeoir i dteach tábhairne i gConamara.” Is léir, tar éis comhrá ghearr le Schaler agus Haberlin, go bhfuil dearcadh suaithinseach ag an nglúin óg gníomhaithe teanga. Níos mó ná a bhí roimpi, tá an ghlúin seo Gaeilgeoirí ag lorg ghnáthshaolta nua-aimseartha, ach trí mheán na Gaeilge. Afach, ní cinnte go bhfuil an tairseach chriticiúil ag an dream sin Gaeilgeoirí go fóill. Leoga, b’í an easpa spéise a bhac aisling Ravelóid a chur ar siúl.

Sam McAllister for The University Times

Áfach, b’fhéidir go bhfuil an athbheochan le feiceáil i gcomhthéacs níos forleithne ná saol na mac léinn. Tá dearcadh soirbhíoch ag Eoin Mac Cárthaigh, Ollamh Cúnta i Scoil na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide agus é ag labhairt i gcomhthéacs níos liteartha. “Tá níos mó litríochta ná an méid a bheifeá ag súil leis toisc gur mionteanga í an Ghaeilge,” a mhíníonn sé do The University Times, ag tagairt do scríbhneoirí cumasacha na teanga, “Liam Mac Cóil, an t-úrscéalaí mar shampla, dá mbeadh sé ag scríobh as Béarla, bheadh margadh an-mhór ann.” Aithníonn sé freisin go bhfuil “litríocht an phobail agus litríocht na bpáistí ag dul i gcoitinne sa teanga.” Tá an Ghaeilge agus a húsáid ag scaipeadh, dá bharr sin, thar an saol acadúil chun bheith bainteach le saol an phobail. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, le The University Times go bhfuil “pobal na hÉireann dílis don Ghaeilge agus tá siad ag iarraidh Gaeilge a úsáid.” Treisíonn sé ina theannta sin, go bhfuil níos mó ná milliún daoine sa tír a deireann go bhfuil Gaeilge acu. Tá an fhairsinge atá ag an athbheochan sin aitheanta freisin ag Schäler. “Is dóigh go bhfuil an teanga ag fás ar fud na tíre toisc dian oibre na nGaeilgeoirí uilig.” Áfach, maíonn de Spáinn nach úrnua an próiseas athbheochana sin. “Thosaigh an athbheochan sa bhliain 1893 le bunú Chonradh na Gaeilge,” a dúirt sé le The University Times. Dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí atá i gceist aige. Don ghlúin seo, is éasca smaoineamh go féinspéisiúil go bhfuilimid ag tús ré nua maidir leis an nGaeilge. Is éasca íomhá a tharraingt dena scéal d’éag aonfhoirmeach ar feadh blianta roimh fhás tobann agus dosmachtaithe sa lá atá inniu ann. Áfach is dócha nach bhfuil san “fhuinneamh óg úr” i dtreo na teanga i measc mac léinn ach an choiscéim is déanaí i stair fhada na teanga, i bpróiseas a thosaigh tar éis an dochair a rinne an Gorta Mór don teanga. Déanaimid dearmad ar na forbairtí dearfacha eile a tharla don Ghaeilge. Tar éis neamhspleáchais na hÉireann sa bhliain 1922, fuair an teanga i bhfad níos mó tacaíochta, agus cuireadh í i gcroílár an chórais oideachais.

Tá imeachtaí ar nós díospóireachtaí agus drámaíochtaí deacra a eagrú nuair a bhfuil daoine gan muinín ina gcuid Gaeilge….na daoine is tábhachtaí ná na daoine nach bhfuil bainteach leis an nGaeilge go fóill ach tá suim acu inti

In ainneoin sin, ní sruth aonfhoirmeach tacaíochta atá faighte ag an teanga. Má tá athbheochan ann, go gearrthéarmach nó i gcomhthéacs níos faide, ta a chuma ar an scéal gur tharla é sin in ainneoin gníomhartha an rialtais. Áitíonn Haberlin go bhfuil polasaí oideachasúil an rialtais ag déanamh dochair don teanga. “Tá an Ardteist uafásach don Ghaeilge,” a dúirt sí le The University Times, ag míniú freisin, “tá droch-mheon á giniúint i scoileanna agus ag an Ardteist.” Áfach, nach bhfuil ról éigin ag an Ardteist i gcaomhnú na teanga, go háirithe toisc go ndéanann sí ábhar éigeantach den Ghaeilge? Measann Jeffrey Kallen, Ollamh Cúnta i dteangeolaíocht agus foghraíocht i gColáiste na Tríonóide go bhfuil. “Ceapaim go bhfuil rath suntasach ag na meáin a úsáideadh chun leanúnachas na Gaeilge don daonra ina iomlán a chinntiú agus chun comhphobal na Gaeilge a neartú i gceantair ina bhfuil Gaeilge mar phríomhtheanga,” a mhaíonn sé, cé go n-admhaíonn sé “ní tharchuirtear cuid mhór de shaibhreas na teanga i scoileanna” Aithníonn de Spáinn an gné dearfach sin dena scrúduithe stáit don teanga, ach aontaíonn sé gur gá don rialtas leasuithe oideachais a chur i bhfeidhm . “Is maith go bhfuil an Ghaeilge fós mar chroí-ábhar ach tá mórán níos mó le déanamh,” a léirmhíníonn sé. “Caithfidh an rialtas gnáthchúrsa Gaeilge a chur i bhfeidhm a bheadh éigeantach do gach dalta,” a mholann sé, “agus ba chóír go mbeadh cúrsa Gaeilge eile do dhaltaí na nGaeltachtaí a bhunófaí níos mó ar litríocht agus ar aistriúchán.”

Córas níos caolchúisí agus níos uaillmhianaí atá riachtanach chun coimheá a chruthú idir scileanna bunúsacha agus muinín a thabhairt do dhaoine a fhoghlaimíonn í mar dara teanga agus cur i bhfocal na nGaeilgeoirí líofa a dhoimhniú. Tá dhá shaghas dalta na teanga atá ag glacadh páirte sa chóras oideachais agus is dócha go n-ardódh meán-chaighdeán na Gaeilge dá n-aithneofaí a riachtanais éagsúla.

laghdaíodh buiséad na n-údarás Gaeilge agus na Gaeltachta ó €45 milliún in 2008 go €22 milliún in 2015

Má táimid ar tí athéirí fíorláidir a fheiceáil sa tsochaí, cad ata orainn a dhéanamh chun é a bhuanú? Dúshlán casta atá i gceist. Taobh istigh de bhallaí Choláiste na Tríonóide, labhraíonn Haberlin faoina deacrachtaí a bhaineann le suim a chothú sa teanga. “Tá imeachtaí ar nós díospóireachtaí agus drámaíochtaí deacra a eagrú nuair a bhfuil daoine gan muinín ina gcuid Gaeilge,” a léirmhíníonn sí, ag treisiú gurb iad “na daoine is tábhachtaí ná na daoine nach bhfuil bainteach leis an nGaeilge go fóill ach tá suim acu inti.” Is teachtaireacht tábhachtach é sin do phobal na Gaeilge mar, cé go bhfuil cumas éigin Gaeilge ag 1.77 milliún daoine de réir an daonáirimh sa bhliain 2011, ní úsáideann ach 110,000 í go seachtainiúil lasmuigh den chóras oideachais. Úsáideann go fiú níos lú daoine, 77,000, an teanga go laethúil. Ciallaíonn sé sin go bhfuil cumas éigin i measc an phobail, agus is gá an méid suime a mhéadú. Is dócha go bhfuil íomhá nua-aimseartha, gan an sean-chastacht acadúil a bhí bainteach léi go ró-mhinic atá riachtanach chun é sin a dhéanamh. Aontaíonn de Spainn gur cheart go mbeadh “níos mó béime ar dhaoine óga agus cumainn” chun an suim seo sa teanga a bhuanú. Ag an leibhéal náisiúnta, measann de Spáinn gur “chóir go mbeadh lár-ionaid Ghaeilge ar fáil i ngach baile timpeall na tíre”. In ollscoileanna agus taobh amuigh dóibh, is léir nár labhróidh daoine an teanga mura bhfuil spásanna ann ina bhfuil siad spreagtha í a labhairt agus sin an fáth go bhfuil ról lárnach ag eagraíochtaí cosúil le Cumainn Gaelacha agus Conradh na Gaeilge a bhfuil nascanna acu leis an tsochaí. Tá siad in ann daoine a bhailiú trí ócáidí chun sult a bhaint as a chomhluadar ach trí mheán na Gaeilge. Is sin, thar aon rud eile, atá mar théama sa mhéid a bhfuil cloiste agam ó dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh: is gá deiseanna a thabhairt do dhaoine an teanga a úsáid sna comhthéacsanna chéanna ina labhróidís cibé teanga eile.

Áfach, ní bhaineann sé sin freagracht an stáit sa chomhthéacs sin. Tá maoiniú don teanga agus chun seirbhísí a chur ar fáil inti ag dul in éag. Feictear é sin san easpa ratha a bheadh ag éinne a bhfuil iarracht déanta aige cumarsáid leis an stát a dhéanamh tríd Ghaeilge. Is féidir leat bheith ag tnúth le tréimhse feithimh fhada agus ansin torann aláraim a chloisteáil sula thréigfidh tú do phlean, má tá do chúrsaí cánach á reáchtáil agat ar an bhfón. Is cinnte gurb é sin an fáth go bhfuil Conradh na Gaeilge ag déanamh brústocaireacht go práinneach roimh an gCáináisnéis. I bpreas ráiteas, threisigh Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur “laghdaíodh buiséad na n-údarás Gaeilge agus na Gaeltachta ó €45 milliún in 2008 go €22 milliún in 2015.” Ní le fuinneamh a ngníomhaithe amháin a bhuanófar an teanga.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.