Agus lucht na Gaeilge amach ag déanamh agóide taobh amuigh den teach tábhairne The Flying Enterprise i gCorcaigh, níl baol áibhéile san aitheantas go bhfuil díospóireacht chasta faoin gcéad teanga náisiúnta faoi lánseol.
Mar a thuairiscíodh go mór le déanaí, i mí Lúnasa, fuair Cormac Ó Bruic, oibrí beáir ó Chorca Dhuibhne, rabhadh óna fhostóir a choisc labhairt na Gaeilge sa teach tábhairne, The Flying Enterprise. Tar éis an rabhaidh sin a fháil, dhiúltaigh Ó Bruic dul ar ais ag obair agus cuireadh críoch lena fhostú ann. Scéal simplí atá ann, a chuireann solas ar bhuncheisteanna faoi stádas na Gaeilge agus a ról i saol nua-aimseartha.
Aithním go bhfuilim claonta ar fhormhór dena ceisteanna seo, mar Ghaeilgeoir a bhaineann sult as an teanga a úsáid. Bheadh sé thar a bheith éasca dá bharr sin, alt díreach ionsaitheach a scríobh i bhfabhar Gaeilgeora ar bith a bhfuil mí-ádh air. Áfach, cé go bhfuil mo thacaíocht á thairiscint do Ó Bruic, is gá a admháil go bhfuil fadhbanna bunúsacha in áitimh ar an dá thaobh den díospóireacht sin.
Aithním go bhfuilim claonta ar fhormhór dena ceisteanna seo, mar Ghaeilgeoir a bhaineann sult as an teanga a úsáid
Mar shampla, agus é ag déanamh tráchta ar an gcás sin i bpreas-ráiteas, thug Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge “leithcheal” ar iompar bainistíochta The Flying Enterprise. Nochtann an tuairim sin saghas míthuisceana an choincheapa sin. Is é leithcheal an t-ainm atá ar iompar a dhéanann breithiúnais ar dhaoine agus a chuireann difríochtaí eatarthu de réir gnéasa, cine, gnéasachta agus gnéithe eile de dhaoine nach bhfuil siad in ann a smachtú. I sochaí a dhéanann iarracht bheith tuilleamhlathach, bunaítear breithiúnais ar iompar daoine, iompar a smachtaíonn siad, in áit na dtréithe do-athraithe sin. Cé gur cinnte nach raibh dara rogha ag Ó Bruic maidir lena bhreith i gCorca Dhuibhne, agus a thógáil trí Ghaeilge, níor bhunaigh The Flying Enterprise a chinneadh air sin ach ar iompar Uí Bhruic, ar a chinneadh saor Gaeilge a labhairt. Cé nach n-aontaím lena bhfuil ina bhreithiúnas, bunaíodh é ar ábhar dhlisteanach, iompar toilteanach a oibrí. Freisin, is gá aithint gur féidir le fostóirí iompar a n-oibrithe a rialú go réasúnta, a n-urlabhra go fiú, agus iad ag obair, chun leas a ngnólachtaí a chur chun cinn.
Agus sin an fáth go gcaithfimid bheith cúramach agus muid ag dul i ngleic le cás Uí Bhruic. Níl na sonraithe go léir againn. B’fhéidir go raibh Ó Bruic ag labhairt as Gaeilge i mbealach míthaitneamhach, droch-bhéasach, iompar gur cheart go mbeadh pionós air.
Áfach, sa chás sin, ón méid atá ar eolas againn, tá fadhb mhór ag bainistíocht The Flying Enterprise le labhairt na Gaeilge féin, cibé rud atá ráite sa teanga sin. Ní dhéanann sí tagairt do mhí-iompar ar bith ach amháin úsáid na Gaeilge. Déanfaidh mé iarracht na fáthanna leis an tuairim sin a thuiscint.
Deireann bainistíocht The Flying Enterprise gur “gnólacht de labhairt Bhéarla í sin” agus dá bharr sin, a mhaíonn sí, ní féidir focal ar bith de theanga eile a chloisteáil taobh istigh dá mballaí. Déarfainn féin go bhfuil an chuid is mó de ghnólachtaí na tíre seo ag déanamh formhór dá ngnó as Béarla, agus b’fhéidir go bhfuil Béarla, teanga a labhraíonn beagnach cách ar an oileán sin, mar “an teanga is ciallmhaire agus is praiticiúla” ó thaobh an ghnó de, ach ní ionann sin is a rá nach bhfuil teanga ar bith eile úsáidthe acu riamh. Mar shampla, nuair a labhraíonn custaiméirí teanga eile, is mór an cabhrú atá i mbeagán éagsúlacht teangeolaíoch. Leoga, de réir taighde a rinne Conradh na Gaeilge i mí na Nollag 2015, aontaíonn an 42 faoin gcéad de dhaoine sa tír go dtugann an Ghaeilge pointe uathúil díolacháin do ghnólachtaí. Áitíonn de Spáinn go bhfuil níos mó comhlachtaí ag úsáid na teanga toisc go “n-aithnítear an buntáiste iomaíocha a thugann an Ghaeilge dá ghnónna.”
Cé nach ndóigh liom go bhfuil leithcheal i gceist, mar a dúirt mé cheana, tá an droch-mheon a ghineann leithcheal go mór i láthair anseo
Chomh maith leis sin, maíonn an bhainistíocht go raibh custaiméirí ag gearán faoi iompar Uí Bhruic . Anseo, aimsímid an mhíthuiscint chéanna i measc custaiméirí is a bhí ag an mbainistíocht. Má bhí gearáin ann, ní dhearna siad tagairt, de réir cosúlachta, d’iompar ar bith ach amháin úsáid Gaeilge féin. An bhfuil fuaim na teanga chomh ionsaitheach sin go ndéafadh daoine gearán fúithi? Cé nach ndóigh liom go bhfuil leithcheal i gceist, mar a dúirt mé cheana, tá an droch-mheon a ghineann leithcheal go mór i láthair anseo: “is fuath liom é toisc nár thuigim é.”
Ar an drochuair, tá roinnt dena gnéithe is measa de dhearcadh ár sochaí i leith na Gaeilge á fheiceáil i gcás Uí Bhruic. Is cuma an taobh den argóint ar a thugann tú sracfhéachaint. Nochtann an scéal sin an meon frith-Ghaelach agus, go fiú i gcoinne éagsúlachta atá i measc luchta an ghnó, agus, is dócha, cuid dá gcustaiméirí, meon a sháraíonn idir caoinfhulaingthe agus ciall ghnó. In ainneoin sin, agus iad ag tabhairt a thacaíocht do Ó Bruic, ba cheart go dtuigfeadh lucht na Gaeilge gur féidir é sin a dhéanamh gan tagairt d’fhocail déine mar “leithcheal” agus ar aile.