Le linn cúpla seachtaine, tá sé á fhógairt ag an Aire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton go bhfuil sé chun fáil réidh leis an “mbacainn baiste,” san Acht um Stádas Comhionann 2000 atá conspóideach ach buanaithe le fada, agus a ligeann do bhunscoileanna tosaíocht a thabhairt do dhaltaí atá chun iontráil de réir creidimh. Chomh maith le díospóireacht díocasach a spreagadh, cuireann sé sin arís solas ar na saghsanna loighice go hiomlán difrúil atá i bhfeidhm sna hearnálacha éagsúla oideachais sa tír seo.
Tá sé deacair gan an chodarsnacht soiléir a fheiceáil idir an cur chuige seo agus an neamhphearsantacht do-mhaiteach atá ag croílár an chórais CAO. Cé go bhfuil sé ceadaithe ag bunscoileanna na gnéithe is bunúsaí de chreidimh an dalta dóchasaigh agus a chlainne, an chuid is mó den ama níl ainm an iarrthóra ar eolas ag ollscoileanna sula nglactar le tairiscintí. Roimh chríoch an phróisis, níl sa dhalta dóchasach ach uimhir atá nasctha le huimhir go hiomlán níos tábhachtaí – na pointí Ardteistiméireachta. Tá an chuid is mó de áiteanna ar chúrsaí tríú-leibhéil roinnte de réir an mhéadraigh sin d’fheidhmiú scrúdaithe agus éilimh, agus úsáidtear roghnú randamach nuair a théann na meáin sin ar strae. Nuair a thugann an díospóireacht phoiblí aghaidh ar éifeachtúlacht an phróisis sin, tagraítear neodracht agus cothroime i measc a thréithe dearfacha.
Cé gur dócha go bhfuil an CAO ag cur a neamhphearsantacht ar pointe foircneach amháin den speictream, níl amhras go bhfuil bunscoileanna ag an bpointe foricneach eile. Cosúil le gach dearcadh foircneach agus dogmatach, is féidir an bheirt acu a cháineadh go dlisteanach. Is mór an talamh láir atá idir neamhaird a thabhairt ar gach tréith phearsanta d’iarrthóirí agus iad a srathú de réir a gcreidimh faoin saol. Tá leasú ag teastáil ar an dá thaobh den speictream sin.
Tá Coláiste na Tríonóide ag dul i dtreo an talún láir sin cheana féin trí ligint do roinnt mic léinn iontrál de réir an staidéir indéantachta ceannródaíoch, próiseas a fhéachann ní hamháin ar phointí CAO ach ar ráitis pearsanta, aistí agus feidhmiú coibhneasta i gcomparáid le daltaí eile ina scoileanna chomh maith. Is coiscéimeanna dearfacha i dtreo féiniúlachta iomlán an mhic léinn a aithint atá sa chabhair a thugtar do dhaoine faoi mhíbhuntáiste fisiciúil nó geilleagrach tríd na scéimeanna DARE agus HEAR.
Is dócha go gcabhraíonn an bacainn baiste a bhaint den phróiseas dul in iomaíocht le beartais forchéimní na n-ollscoileanna atá ag druidim an talún láir.