Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 29, 2017

Nochtann Conartha Sealadacha i gColáiste na Tríonóide Ceisteanna faoi Fhéinriail na n-Ollscoileanna

Ní cheart go mbeadh trualach rialacháin ar ollscoileanna, ach ní ionann féinriail agus caitheamh le baill forine go holc.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Leanann ar aghaidh an choimhlint idir Coláiste na Tríonóide agus a fhoireann tacaithe sgus seirbhíse, agus SIPTU agus UNITE ag smaoineamh ar a gcuid roghanna de ghníomh bhreise agus an fhadhb ag bailiú speise an phobail.

Le linn na seachtaine, rinneadh tagairt don fhadhb seo i gceist sa Dáil a chuir Paul Murphy TD ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton. Is beag a nocht freagraí Bruton, ach threisigh sé go bhfuil “féinriail i gcomhair beartas chur chun cinn agus beartas acmhainní daonna” ag Coláiste na Tríonóide.

Is ceist achrannach atá i bhféinriail maidir le hardoideachas agus is an nuachtán seo a léiríonn tacú ar son ollscoileanna agus a n-iarrachtaí féinriail a chosaint go rialta. Is ceist ar a smaoiníonn go minic an Propast Patrick Prendergast. In agallamh le The University Times, léirigh Prendergast go soiléir a eagla gur féidir leis “an stát rud ar bith ranadamach a dhéanamh.”

ADVERTISEMENT

Is go díograiseacha a chosnaíonn Patrick Prendergast smacht na hollscoile ar fhostaíocht agus é ag tabhairt rabhaidh faoin “damáiste chomhthaobhach” a bheadh mar thoradh de chur isteach an rialtais ar nósanna fostaíochta Choláiste na Tríonóide.

Faoi láthair, dealraíonn sé go n-aithníonn an rialtas an bhuairt sin, agus muid ag dénamh anailíse ar ráiteas Bruton. Ach cé comh fada is féidir leithscéal iarchurtha a úsáid sa chomhthéacs sin? Cé go bhfuil sé fíor go bhfuil áiteamh láidir ag ollscoileanna ar son iarchurtha agus maoiniú stáit ag laghdú ó bhliain go bliain, ach ní cheart go n-úsáidfí é sin mar leithscéal chun beartais fostaíochta a chur i bhfeidhm nach n-úsáidtear i ngné ar bith eile den earnáil phoiblí. Bheadh sé ró-íorónta dá gcruthódh beartais i dtreo tráchtálaíochta riachtanas idirghabhála agus rialacháin an stáit.

Má cheapann ollscoileanna go bhfuil luach ag baint le féinriail, caithfidh siad bheith cúramach agus iad ag úsáid í. Cé go bhfuil táillí, tráchtálaíocht agus daonchairdeas mar thuar Prendergast ar an todhchaí, ní féidir athrú ar bith a chur i gcrích gan meas sláintiúil i dtreo na foirne.

Más an “gnáthrud nua” atá i bhféinriail ollscoileanna, is gá dá lucht tacaithe an fhreagracht a bhaineann leo a thuiscint. Is féidir linn go léir an buntáiste a bhaineann le hidirghábháil an stát san ardoideachas a theorannú a thuiscint, ach dealraíonn sé, in ainneoin sin, go bhfuil praghas ró-ard air sin d’fhoireann an Cholaiste.