Tá sé éasca go leor dearmad a dhéanamh ar chruachás na Gaeilge faoi láthair sa gcóras iarbhunscoile na tíre seo. Ní féidir a shéanadh go bhfuil dul chun chinn mór déanta sna blianta beaga anuas leis an mBéaltriail agus an méid sin marcanna atá ag dul leis (is maith is cuimhin linne é), rud atá go hiomlán níos foirstiní do fhormhór na ndaltaí.. Cé go bhfuil cuma níos uileghábhalaí agus níos cothroime ar an teanga sa churaclaim iarbhunscoile, tá roinnt fadhbanna eile le braistint faoi bhun an dromhchla agus bheidh sé ar na húdaráís dul i ngleic leo, cinneadh a bheidh tionchar mór aige do na mic léinn a bheidh ag staidéar don Ardteistiméireacht amach anseo agus cinnte, do thodhchaí na Gaeilge sa saol i gcoitinne.
Léiríodh fíricí a tháinig amach ó Chumann na Scoileanna Phobail agus Chuimsitheachta go bhfuil deacrachtaí ag 67% de na scoileanna múinteorí Gaeilge a mhealladh ionas go bhfuil ganntanas fíor-imníoch ann sa chorás faoi láthair. Ceist mhór í do na hiarbhunscoileanna agus an Ghaeilge fós mar ábhar éigeantach ann. Réiteach amháin a bhíodh molta ag roinnt daoine ná pointí breise a chur ar fáil do scolairí a dhéanann Gaeilge ag Ardleibhéal don Ardteistiméireacht a gcumas múinteoreachta na Gaeilge a ardú sna scoileanna. An oibreodh sé, an mbeadh sé níos doichí múinteorí Gaeilge a chruthú is a oiliúint?
Dar liom féin, tá fadhb níos leithne, níos fairsinge ann, fadhb a bhaineann leis na tuarastail a íoctar do na múinteoirí. Ón mbliain 2012, tá laghdú thart fá 30% tagtha ar na tuarastail seo. I ndiaidh ceithre bhliain a chaitheamh ar an iomlán san ollscoil agus céim a bhaint amach, deirtear narbh b’fhiú é cur isteach ar ghairm na múinteoireachta. Ag an am chéanna, tá féidearthachtaí eile ann do dhaoine a bhfuil ard-chumas sa Ghaeilge acu, sa státseirbhís agus ag obair le heagraíochtaí stáit eile, a chuireann an-bhéim ar dhaoine le Gaeilge a mhealladh chun obair leo. Éileamh an-mhór ar na poist sin na saolta seo, rud a chuireann leis an bhfadhb seo leis na múinteoirí iarbhunscoile Ghaeilge.
Maítear faoi láthair gur cheart dúinne deireadh a chur leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht. Is deacair do na scoileanna stádas na Gaeilge a chosaint leis an bhfadhb ganntanas múinteoirí. De ghnáth, ní bhíonn ach beirt nó tríur múinteoir i ngach aon scoil a mhúineann an Ghaeilge agus b’fhéidir cúig rang le mhúineadh acu. Mura dtiocfadh feabhas suntasach ar an bhfadhb seo, bheadh sé deacair achan rud a chaomhnú díreach mar atá sé faoi láthair. Ós rud é go dtéann sé in olcas, an gcaithfidh an Ghaeilge a bheith ina ábhar roghnach do na glúnta ata ag teacht?
Cinnte, bheadh an teanga á staidéar ag níos lú daoine. Ta sé deacair a fhíosrú cén ceatadán do na scoláiri uilig sa tír a bheadh i gceist. Ta faitíos ar na húdaráís faoin gceist seo faoi láthair. B’fhéidir gur sheans eile é sin dóibh churaclam na Gaeilge a athrú arís. Ta cuid mhór daoine tinn tuirseach leis an bhéim ata leagtha ar an bhfhilíocht agus an prós fós. Tá moltaí eile gur dtig linn smaoineamh orthu chomh maith, cosúil leis an iriseoireacht trí mhéan na Gaeilge a bheith mar chuid den Ardteistiméireacht nó turas éigeantach chuig an nGaeltacht agus tionscnaimh a bhaineann leis, rud a chuirfeadh scoláirí ar an eolas faoi fhíor-chultúr na Gaeilge atá mór-thimpeall orthu.
Tá na deacrachtaí thíos anseo ag crá is ag créimeadh an chórais oideachais agus bheadh brú orthu réiteach a aimsiú le linn na blianta beaga atá romhainn. Áfach, níl siad fós go mór i mbéal an phobail agus bheadh sé de dhualgas orainn go léir tuairimí a bheith againn futhú. Tugann formhór na ndaoine, mic leinn san áireamh, faoi deara gur gcaithfimid slí eigin a aimsíú chun an teanga a chosaint. Tosaíonn sé sin leis an gcóras oideachais agus tá na fadhbanna sin ag druidim is ag cur isteach orainne anois.