Tá an bhuairt a chuir an Chomhairle Cathrach, Bhaile Átha Cliath in iúl le linn na seachtaine faoi dhá fhorbairt iostais do mhic léinn atá beartaithe in aice le campas Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) i nGráinseach Ghormáin mar chúis díomá agus imní do mhic léinn. Níl an Chomhairle ró-thógtha le dhá fhorbairt bheartaithe ar Shráid na Prúise agus ar an gCuarbhóthar Thuaidh a chuirfeadh iostas ar fáil do mhíle mac léinn. Ba cheart go gcuirfeadh rialtas áitiúil, agus géarchéim iostais faoi lánseol a theorannaíonncumas mac léinn agus cuid mhór daoine eile tithe a aimsiú, fáilte roimh dhá fhorbairt inbhraite a rachadh i ngleic leis sin. Tá sé deacair a thuiscint cén fáth nach ndéanann sé é sin.
Áfach, ní gá gach cur i gcoinne na chomhairle a ruaigeadh. Is dlisteanach an rud é iarracht a dhéanamh chun ailtireacht agus oidhreacht na cathrach a chaomhnú agus an Chomhairle Cathrach ag éileamh athdhearadh de fhoirgnimh bheartaithe feiceálacha móra. D’fhéadfaí go gcuirfeá dúshlán roimh an gcothromúchán árithe a bhfuil roghnaithe ag an gComhairle agus í ag dul i ngleic leis na cúrsaí tábhachtacha éagsúla sin agus ag iarraidh an ghéarchéim iostais a laghdú, áfach, mar a rinne an nuachtán seo nuair a éilíodh athdhearadh den saghas céanna do athfhorbairt Tí Oisín.
Is cúis imní, áfach, go leathnaíonn mífhabhar na Comhairle thar sonraithe ailtireachta na bhfoirgneamh agus í ag cáineadh baol “tiúchan iomarcach iostais do mhic léinn” – tuairim a bhfuil ag muintir na háite freisin, agus is dá bharr sin a d’iarr siad fírinniú ar na forbróirí phríobháideacha maidir leis an bhfáth le méid na bhfoirgneamh agus leis an bhfáth a roghnaigh siad iostas do mhic léinn a chruthú. B’fhéidir go mbeadh na ceisteanna sin níos ábhartha mura mbeadh siad curtha ar fhorbróirí atá chun iostas do mhic léinn a thógáil in aice le campas ina bheidh níos mó ná 20,000 mac léinn ag staidéar sna trí bhliain atá amach romhainn.
Cuireann dearcthaí na Comhairle agus muintir na háite cuma speicis ainmhíoch creachóirigh eachtrannaigh ar mhic léinn, a chuireadh ar an láthair chun éiceachóras sobhriste oileáin éigin a mhilleadh. Níl sé go hiomlán soiléir gur fíor é seo. Tá an tsibhialtacht fós i réim i Maigh Nuad, ina bhfuil 12,000 mac léinn ag staidéar gach lá, cé nach bhfuil ach an méid seo daoine a chónaíonn san áit.
D’fhéadfaí a rá, chun cáineadh níos boige a thabhairt dóibh, go mbaineann an dearcadh a chuireann siad in iúl níos minice le tuirbíní gaoithe – rudaí atá uainn go teoiriciúil, fad is a bhfuil siad i bhfad ón bhfód ata againne, cé go bhfuilimid chun na buntáistí, geilleagracha agus ar aile, a éileamh in ainneoin sin.
Tá cur i bhfabhar iostais do mhic léinn go teibí agus cur ina choinne nuair atá sé in aice láimhe chomh fimíneach is aa sé neamhéifeachtach agus muid ag dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta.