Bhí an Propast, Patrick Prendergast, le linn na seachtaine ag tabhairt cuairte ar Choláiste Doiminiceach Chnoc Shióin sa Charraig Dhubh, inar labhair sé mar dhuine dena tuismitheoirí de dhaltaí na scoile sin. Agus é ag míniú cad a bhí i gceist san oideachais ollscoile, agus go háirithe in oideachas na Tríonóide, nocht Prendergast a thuairimí féin maidir le “scileanna riachtanacha do chéimithe an lae inniu.”
Agus é ag míniú é seo, threisigh sé go raibh sé ar chéimithe bheith inoiriúnaithe, agus ábalta dul i ngleic le margadh na bpost a chuirfidh sé de dhualgas orthu róil ilíocha a chomhlíonadh le linn a saolta garimiúla. Rinne sé cur síos ar an timpeallacht oibre a bheidh roimh chéimithe, ag rá go bhfuil sé “go mór níos fiontraí, níos domhanda agus níos teicneolaíche,” ag treisiú go bhfuil “luas an athraithe i bhfad níos tapúla.” Dá bharr sin, bhí admháil ann nach raibh Coláiste na Tríonóide in ann scileanna áirithe do phoist áirithe a mhúineadh, ach amháin “mic léinn a ullmhú ionas go mbeidís inoiriúnaithe don athrú a bheidh cinnte mar ghné dá saolta oibre.”
Is gá do gach mac léinn atá ag druidim níos mó agus níos mó chuig céimroinnt smaoineamh ar an admháil seo. Níl na léachtóirí agus na múinteoirí ina bhfuil iontaoibh againn maidir lenár n-oideachas in ann na scileanna a bheidh ag teastáil uainn agus na cionta oibre a bheidh á dhéanamh againn a thuar. Ní smaoinítear go traidisiúnta go bhfuil léachtóirí chomh maith le mic léinn, beagáinín ar a laghad, ag mairseáil chuig a bhfuil anaithnid sa phróiseas oideachais.
Ach is chomh beag an dóchúlacht a bhaineann le staid difrúil ar bith. Conas is féidir linn foghlaim teicneolaíochta nach bhfuil airgthe fós a láimhsiú, treochtaí nach bhfuil tarlaithe a mhíniú nó dul i ngleic le rialacha nach bhfuil cumtha fós? Mairimid i ndomhan éiginnte, ach ní léir go bhfuilimid inár n-aonair sa chomhthéacs sin. Ta beagán rélárnachais ag gach glúin- le mothú go bhfuil sí ar tí athrú stairiúil a fheiceáil. Is dócha go raibh an mothú céanna ag glúinte a tháinig romhainn, go raibh siad ag dul i ngleic le rudaí nach raibh os caomhair a dtuismitheoirí, agus go raibh scileanna éiginnte ag teastáil uathu.
Ní shoiléiríonn sé sin na scileanna áirithe a bheidh ag teastail ó chéimithe sa todhchaí. B’fhéidir go bhfuil sé fíor, ar aon nós, nach bhfuil sé de dhualgas ar ollscoileanna poist agus scileanna áirithe athraitheacha a thóraíocht, ach in áit é sin múineadh do chéimithe inoiriúnú do athrú agus éiginnteacht dosheachanta.