In ainneoin molta lárnaigh an Údaráis Ardoideachais (HEA) Leas-Uachtarán um Comhionannas Inscne a cheapadh, thug Coláiste na Tríonóide le tuiscint nach bhfuil an ollscoil chun ról cinnte, áirithe a chruthú. Agus é ag labhairt le The University Times, mhínigh an Leas-Phropaist, Chris Morash go gceapann sé “go mbeadh sé ait leas-uachtarán a bheith againn do inscne amháin, nuair atá a lán ábhair eile againn gan leas-uachtarán freisin.” Mura gcruthófar ról nua, beidh ar Cholaiste na Tríonóide a chinneadh a fhírinniú sna blianta ata amach romhainn.
Tá an moladh ón HEA mar ghné de thuairisc faoi chomhionannas inscne in ardoideachas, a d’aimsigh éágothroime inscne go forleathan i measc institiúidí tríú leibhéil na hÉireann. Chuir an tuairisc agus éilimh dlí faoi leithcheal de réir inscne in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (NUIG) le cinneadh na hollscoile sin leas-uachtarán do chomhionannas inscne a cheapadh, ach is inti atá an ollscoil amháin in Éirinn atá an beartas sin déanta aici. B’fhéidir gur thóg an chonspóid dlí an rogha ón ollscoil, ach ní dócha go bhfuil an brú céanna ar ollscoileanna eile.
In áit ról eile a chruthú, ceapann Morash gur féidir freagracht do chomhionannas inscne a thabhairt don Leas-Phropaist, atá freagrach go ginearalta do chúrsaí foirne acadúla agus do phleanáil straitéiseach. Áfach, cé go mbeadh sé eisceachtúil ról nua a chruthú i struchtúr reatha an Cholaiste, b’fhéidir go gcuirfeadh na freagrachtaí sin ar leataobh sráide dá dtabharfadh iad do dhuine atá mórán dualgas eile aige, agus é ag díriú an chuid is mó dá aird ar chúrsaí atá níos baintí lena ról. Tá sé soiléir san fhírinne go bhfuil éagothroime inscne an-fhorleatach nach n-aimseofar réiteach go héasca leis an bhfadhb seo. Leoga, de réir tuairisce a d’ullmhaigh Coláiste na Tríonóide sa bhliain 2016 nach scriosfar an bearna idir na inscní roimh an mbliain 2098., dá leanfaimis leis an ráta athraithe atá ann faoi láthair.
Is fíor go bhfuil seans ann go suaithfidh cruthú oifigigh do chomhionannas inscne struchtúr riaracháin reatha anb Choláiste, agus ní cinnte go mbeadh sé riachtanach dá gcuirfí i bhfeidhm beartais eile in áit é sin. Ach b’fhéidir, dá dtabharfaí an fhreagracht do oifigeach ar bith eile atá a lán dualgais eile aige, nach mbeadh an bhéim leanúnach ar an gceist seo atá ag teastáil. Tá dara rogha ag Coláiste na Tríonóide freisin, agus is féidir an fhadhb a dheighilt agus a roinnt idir cúpla daoine, b’fhéidir idir an Leas-Phropaist agus an oifigeach comhionannas atá ar an láthair cheana féin. Ach b’fhéidir go laghdódh sé sin dréachtaí chun gníomhartha agus go ndéanfaidh sé tograí radacacha níos laige agus níos deacra. Gan leas-uachtaráin do chomhionannas inscne, caithfidh ollscoileanna na hÉireann léiriú go bhfuil siad ag déanamh iarracht bhuanaithe agus díograiseach sa chomhthéacs sin.