D’aithin an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton fadhb nár aithníodh roimhe sin: muilinn aistí “éagóracha,” trína cheannaíonn mic léinn a saothar acadúil scríofa ar líne. Thar an bhfírinne nach bhfuil fianaise ar bith – go starógach nó córasach – a léiríonn go bhfuil muilinn aistí mar fhadhb atá in ann torthaí mac léinn a shaobhadh, dealraíonn sé sin mar chás eile ina bhfuil an rialtas ag iarraidh ár n-aird a bhaint ó bhuncheisteanna níos tromchúisí.
Cosúil le plean ar míthreoir an Aire Coimirce Sóisialta, Leo Varadkar, chun dul i ngleic le “caimiléirí sochair,” níl an tairbhe is mó ar fáil don rialtas i gcur i bhfeidhm reachtaíocht chun dul i ngleic le muilinn aistí agus saghsanna eile caimiléireachta acadúla. I gcás Varadkar, bheadh tairbhe airgid níos mó agus níos úsáidí dá ndírófaí a phleananna ar leibhéil níos airde agus níos díobhálaí – cosúil le corparáidí agus iad ag iarraidh a ndualgais cánach a sheachaint. Is dianiarracht fánach eile atá sa troid in aghaidh na muileann aistí, agus fadhbanna i bhfad níos cinniúnaí roimh an earnáil ardoideachais. Maidir le cuid mhór díobh, is beag an iarracht atá déanta ag an rialtas réitigh indéanta a fhorbairt, rud a chothóidh géarchéim san earnáil sa todhchaí gan amhras.
Scríobh an tOllamh Brian Lucey, ag Scoil an Ghnó i gColáiste na Tríonóide, faoin “méid beag airde chiallmhar a dhíríodh ar na fíor-dhúshláin atá roimh an earnáil ardoideachais,” agus d’aithin sé dúshláin i bhfad níos cinniúnaí – fo-mhaoiniú ainsealach ardoideachais, ráta luathfhágálaithe ard, Breatimeacht agus na córais mhíshásúla atá i bhfeidhm do mhic léinn idirnáisiúnta ina measc. Dealraíonn roghnú muileann aistí mar an phríomh-fhadhb gearr-radharcach, ach dothuigthe freisin nuair a smaoinítear ar na dúshláin eile sin.
Cé gur féidir sochar an amhrais a thabhairt do Bruton, agus áiteamh go saobhann caimiléireacht acadúil an córas agus go bhfuil sé éagórach do mhic léinn a oibríonn go dian dícheallach, dealraíonn sé nach bhfuil fianaise ann gur fadhb fhorleathan in Éirinn í. Go fiú más í, is corparáidí idirnáisiúnta atá ag cur na seirbhísí sin ar fáil agus ní bheidh sé indéanta iad a ionchúiseamh, le reachtaíocht nó gan í. Áitíonn Colum Kenny go mbeadh leasú ag leibhéal na hollscoile, mar úsáid meáin measúnaithe níos inniúlaí, níos éifeachtaí chun caimiléireacht acadúil a shuaitheadh. In áit bheith buartha faoi rudaí beaga, ba chóir don rialtas beartas a chur i bhfeidhm maidir leis na dúshláin níos tromchúisí atá roimh ardoideachas. Ní ceart go mbeadh smaointí a thaitníonn leis na sluaite, le ceap milleáin soiléir, mar bhunaidhm an rialtais.