Agus rásaí ceannaireachta, feidearthachtaí olltoghcháin agus corónú Taoisigh nua go mór i mbéal an phobail, tá buncheist imeallach ag forbairt naisc le ceist níos lárnaí. Tá maoiniú ardoideachais – rud a bhí á phlé roimh chruthú an fhocail “Breatimeacht” – bainteach go soiléir agus go mór leis an Éirinn a bheidh ann nuair a imeoidh an Bhreatain an tAontas Eorpach.
Tá ollscoileanna ag brústocaireacht cheana féin chun an margadh chomh maith agus is féidir a fháil don earnáil, agus tá seans ann go mbeidh mic léinn ar bís maidir le teacht fostóirí céimithe nua, cosúil le JP Morgan chuig an tír.
Ach tá seans ann freisin go mbeidh mic léinn amhrasach maidir leis sin. Ní dócha go mbeidh na cuideachtaí agus gnólachtaí sin meallta ag córas ranníocaíochtai fostóirí agus oideachas saor in aisce – ní neamhghnách ar bith atá freagra Ibec. Cad é an tairbhe a bheidh ann do mhic léinn le teacht cúpla fostóirí níos mó má bheidh baill láidre nua i lucht brústocaireachta ar son scéimeanna iasachtaí?
Braitheann rath na hÉireann tar éis na Breatimeachta, a bheidh a rá ag ceannairí ollscoile le polaiteoirí, ar láidreacht a lucht oibre agus scileanna céimithe. Is sa bhealach sin a mhol Leas-Seansailéir Ollscoil Ulaidh, Paddy Nixon an coincheap víosa-uile-Éireann do mhic léinn idirnáisiúnta, agus é ag beimniú “ganntanais suntasaigh céimithe” i mBaile Átha Cliath.
Agus cé gur gá fáilte a chur roimh an togra sin, ta an teachtaireacht intuigthe ann soiléir, is geilleagar na hÉireann, don chuid is mó, a bhainfidh tairbhe as margadh a choinneoidh cuid de bhuntáistí an Aontais Eorpaigh do Thuaisceart Éireann. Cé gur fíor é sin, caithfimid bheith cúramach agus muid ag plé beartais ardoideachais ar scáth na gcuideachtaí. Tá an mealladh ann cheana féin – d’athraigh an íslú den ráta cánach chorparáide ár ngeilleagar. Tá comhdhearcadh ata ag fás ann go mbainfear ranníocaíocht fostóirí ón gclár reachtaíochta má tá seans ar bith ann go gcuirfidh sé tairbhe Breatimeachta i mbaol.
Tá ollscoileanna sa Ríocht Aontaithe ag cailleadh ball foirne cheana féin, agus is Breatimeacht dá thagraíonn siad, agus is cúis gliondair do ollscoileanna na hÉireann atá sa seans go roghnóidh siad Éire mar ionadaí na Breataine tar éis na Breatimeachta. Gan amhras, beidh tairbhe ann do mhic léinn agus do ollscoileanna. Ach tá sé ríthabhachtach go leanfaidh coláisti agus aontais na mac léinn ag beimniú an fhírinne go bhfuil nasc idir maoiniú ardoideachais agus Breatimeacht. Ní féidir ceann amhain a réiteach gan an ceann eile agus tá sé de dhualgas ar fhostóirí, cibé áit dhúchais atá acu, íoc as a bpribhléid.