Comment & Analysis
Jun 28, 2017

Bagairt ar Thodhchaí na gCanúintí Éagsúla sa Chóras Oideachais in Éirinn

Agus béim ar an gcanúint chaighdeánach i scoileanna, táimid ag cailleadh cuid de shaibhreas na teanga.

Philip McGuinnessSenior Staff Writer
blank
Sam McAllister for The University Times

Le teacht an tsamhraidh agus agus tús curtha leis na cúrsaí Ghaeltachta beidh seans ag scoláirí na tíre blas den Ghaeltacht a fháil, ó Thír Chonaill go Contae Chiarraí. Ach, taobh amuigh de na ceantair sin, an bhfuil baol ann go gcaillfimid amach ar na canúintí dúchasacha mar chuid de theagaisc na Gaeilge sna scoileanna?

Glactar leis go bhfuil trí chanúintí éagsúla againn sa tir, canúint Thír Chonaill, canúint Chonnachta agus canúint na Mumhan. Maireann siad, den chuid is mó, taobh istigh de na ceantair thuasluaite seo. Tá stíl labhartha spesialta ag achan ceann dóibh, le hathruithe túine agus foclóir difriúil. Feictear é seo go soiléir i gcanúint Dhún na nGall, an Ghaidlig mar a thugtar air, ceangalaithe le Gaeilge na hAlban. Is doiligh le gach éinne dul i dtaithí le hachan canúint ach bheadh sé mar dhúshlán dearfach dúinn iarracht a dhéanamh chun iad a choinneáil beo.

Is as oir-thuaisceart na hÉireann mé, áit a bhí mar chuid den sean-cheantar Oirialla (Oriel i mBéarla) ina mhair an Gaeilge slán sábháilte go dtí tús an fichiú haois. Fuair an cainteoir dhúchais deireanach bás i leithinis na Cuailigne, I gContae an Lú sna caogaidí. Bhí fearg agus díomá orm i gcónaí agus mise ar scoil nár mhúineadh an chanúint Uladh ar chor ar bith. Masladh é i measc na múinteorí nua-aimseartha agus cúrsa Dian deacair a mhúineadh acu don Ardteist. Thosaigh mise ag léamh leabhair ar nós Caisleáin Óir agus Rotha Mór an tSaoil chun bhlas den chanúint seo a bhaint amach. Is cúis imní í dúinn go ndéantar neamhaird ar na canúintí éagsúla arís agus arís eile.

ADVERTISEMENT

Tá stíl chineálach den teanga á mhúineadh anois sna scoileanna. Baineann achan duine úsáid as na foirmeacha chéanna go háirithe leis an nGaeilge labhartha. Tá deis ann do mhúinteorí agus scoláirí spéis a mhúscailt fá choinne na gcanúintí áitiúla. Ní bhíonn an seans ag gach duine tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht agus deis chun éisteacht le agus aird a bheith acu ar an dóigh ina labhraítear an teanga i measc an phobail áitiula. Thar aon rud eile, tá dualgas ar na múinteoirí a gcuid scoláirí a spreagadh chun a gcanúint áitíuil a choinneáil beo. Ná bí faitíos oraibh, a mhúinteoirí, caithfimid glacadh le héagsúlacht labhartha na Gaeilge sa chóras oideachais.

An mhalairt ata fíor san ollscoil i measc ranna móra na Gaeilge, i gColáiste na Tríonóide agus in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar shampla. Tá leachtóirí ina measc le Gaeilge Thír Chonaill nó Gaeilge Chonnacta. Tógadh iad le Gaeilge agus bíonn léargas de na canúintí éagsúla le feiscint go soiléir do na mic léinn. Tá rogha soiléir acu, bíonn siad in ann a gcuid cinneadh féin a dhéanamh i dtaca leis na canúintí.

Is cúis buartha é do mhórán daoine go bhfuil meath tagtha ar úsáid na gcanúintí difriúla taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta. Mar thoradh, bíonn faitíos ar na scoláirí triail a bhaint astu, stíl labhartha eachtrannach atá i gceist do fhormhór acu.

Nuair a éistimid leis na canúintí seo, faighimid léargas ar fhíor-bhlas na teanga leis an bhfoclóir agus an aisteachas atá fite fuaite iontu. Caoimhníonn na canúintí seo an nasc idir na laethanta atá thart anois agus an lá atá inniú ann. Cuireann siad i gcuimhne dúinn agus muidne ag éisteacht leo, gur sean-theanga saibhir í an Ghaeilge, le stair fada agus stór mór de shaibhreas.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.