Dá mbeadh duine ag lorg raidió ar son leasa an phobail, ní dócha go gcasfadh siad ar dtús ar Newstalk. Ach gach oíche Domhnaigh, 42 seachtain gach bliain, chuir clár stairiúil an Ollaimh Patrick Geoghegan ar fáil sampla tearc de acadóir ag tabhairt oideachais do 70,000 éisteoirí ar son an oideachais féin.
Ba cheart go mbeimis buíoch, dá bharr sin, nach dtógfaidh ceapachán mar chomhairleoir an Taoisigh Leo Varadkar é ón gclár. Ón stair a thochailt, mar a dhéanann clár Geoghegan, go tuartha faoin todhchaí a dhéanamh, tá i bhfad níos mó i ról an acadóra phoiblí ná eolas a thabhairt do dhaoine, nó coincheapa chasta a mhíniú. Baineann sé le suim a thabhairt dóibh.
Ba cheart go gcruthódh an ciniceas atá ag méadú i gcomhair saineolaithe inbhreithniú ó acadóirí. Thug Brian Cox, an t-acadóir poiblí príomhshamhaltach den 21ú haois an rabhadh nach bhfuil sna dearcthaí sin ach “an tslí ar ais chuig an uaimh.” Áfach, in ainneoin sin, bíonn an t-aitheantas ata tuillte acu ag acadóirí ó am go ham. Bhí sé i gcroílár an olltoghcháin sa Ríocht Aontaithe nuair a bhí daoine ag rá go raibh John Curtice, Ollamh sa Pholaitíocht ag Ollscoil Strathclyde, mar bhuateoir amháin na hoíche. Tar éis an toradh a thuar go rathúil, dúirt sé: “Nuair a fhionann tú rud éigin nach bhfuil ar eolas ag daoine, sin an rud a bhfuil ag teastáil.”
Is minic a bhfuil náire ar pholaiteoirí maidir leis an teagasc agus an t-eolas atá orthu. Tá polaiteoirí eile bródúil as a n-easpa oideachais agus a n-úsáid Twitter agus na teilifíse chun polasaí a chur le chéile. Go fiú do mhic léinn, tá sé deacair tábhacht ár gcéimeanna a mhíniú do chairde agus do chlanna, agus infhostaitheacht duine a bhfuil 21 bhliain d’aois agus atá mar shaineolaí ar an 12ú haois a léiriú.
Sin an fáth go bhfuil intleachtóirí phoiblí agus acadóirí cáiliúla ag teastáil uainne. Níl sé i gcónaí a bhfuil siad ag léiriú an méid atá á fhoghlaim againn, ach díríonn siad ár n-aird ar chúrsaí ar a dheánaimid dearmad. Gach uair a mhíníonn Brian Cox dúinn cad atá sa Higgs Boson agus gach uair a thógann Mary Beard muid ar thuras trí Pompeii, nílimid ag foghlaim faoi cúrsaí mhionchúiseacha. Táimid ag foghlaim conas is féidir smaoineamh ar an domhan thar dhénárthaí agus idé-eolaíochtaí.
Ní hamháin do leas an phobail a fhónann na hacadóirí sin. Go tábhachtach, tá siad ag cur chun cinn na hinstitiúidí agus na córais a chruthaíonn agus a athscagann an t-eolas sin. Agus iad ag freastal ar mháirseálacha, ag cur cláir raidió i láthair agus ag cabhrú linn bheith ag foghlaim – b’fheidir gurb iad acadóirí phoiblí na daoine amháin atá in ann áiteamh ar an bpobal go bhfuil earra poiblí san oideachas.