I mí na Márta 2017, in Inis i gContae an Chláir, thug an duine a bhí ina uachtarán-tofa ar Aontas na Mac Léinn Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (QUBSU), Stephen McCrystal óráid spreagúil faoin ngá do mhic léinn a n-aird a dhíriú ar athrú forchéimní i dTuaisceart Éireann.
Agus é ag labhairt do chéadta toscairí ón Tuaisceart agus ón Deisceart an oileáin seo, toscairí a rinne ionadaíocht do chéadta mílte mic léinn sa bhreis, d’áitigh McCrystal ag comhthionól náisiúnta Aontais na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) go raibh sé bréan de dhaoine a bhí ag gearán faoi bheartais aischéimnitheacha a chuir ceannairí cosúil le hUachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump chun cinn agus na beartas chéanna i reim le fada i stát a bhfuil i réim ar chuid den oileán seo. Anois tá mic léinn, atá fós ag ceiliúradh go bhfuil Éire mar an chéad tír ar domhan a chuir comhionannas pósta i bhfeidhm trí reifreann, ag tabhairt faoi deara na conspóide móire a bhaineann le beartais an DUP agus iad tagtha ar ról cumhachtach tar éis an ollthoghcháin sa Ríocht Aontaithe.
Leoga, is dea-chaidreamh atá idir mic léinn ar an dá thaobh den teorainn, rud a bhí á léiriú nuair a thagann AMLÉ agus Aontas Náisiúnta na Mac Léinn sa Bhreatain (NUS) le chéile.
Níl an caidreamh seo chomh soiléir is a bhí sé sa tiomantas chun chomhionannas pósta a chur i bhfeidhm. Sa bhliain 2015, agus an Phoblacht ag ullmhú vótaa chaitheamh faoin gceist, tháinig mic léinn ó Thuaisceart Éireann theas chun feachtasaíocht agus máirseálacha a dhéanamh. Ag Lá an Mhórtais i mBaile Átha Cliath, tháinig siad theas chun an dul chun cinn a cheiliúradh agus chinntigh a chairde i mBaile Átha Cliath go raibh easpa cearta pósta mar bhuncheist mhór reatha. An tseachtain seo caite, thaisteal ionadaithe ó USI agus Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide chuig Tuaisceart Éireann, ag cur a ngutha le héileamh do phósadh chomhghnéis.
Is minic a bhítear ag scigmhagadh faoi aontais na mac léinn agus iad ag gearán faoi rudaí faoina bhfuil siad gan mórán tionchair, de réir a lán daoine, cibé acu staid Iosrael agus Palaistín nó beartais Trump a bhfuil i gceist. Níl reifrinn, ar ndóigh, riachtanach i dTuaisceart Éireann chun comhionannas pósta a chur i bhfeidhm. Ní bhaineann an fhadhb le háiteamh ar an bpobal, ach dul i ngleic le cumhachtroinnt. Tá sé seo deacair do fheachtas a bhfuil tacaíocht na ndaoine aige, nuair atá gné den stát féin mar chonstaic.
Ach, mar NUS agus USI, is féidir le mic léinn ar an dá thaobh den teorainn comhiobriú. Agus mic léinn anseo ag ullmhú do reifreann faoin ochtú leasú, is féidir leo troid ar son cearta pósta a gcairde sa Tuaisceart trí fhreastal ar mháirseálacha, brústocaireacht a dhéanamh ar rialtas na hÉireann agus ar Shinn Féin – an páirtí amháin a bhfuil ról aige ar fud an oileáin – chun cinntiú nach imeoidh an cheist seo ó bhéal an phobail.