Tá toghcháin Aontas na Mic Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) ag druidim linn arís. De gnáth, cáintear an coicís stocaireachta, ach ag an am céanna, músclaítear spéis pobail na Tríonóide.
Go minic, bíonn pobal na Tríonóide an grúpa mic léinn is gníomach in Éireann, maidir le cúrsaí polaitíochta aontais na mic léinn. Bíonn an fhuarchúis dáinséarach i dtoghcháin; ná déan dearmad gur thogh mic léinn Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath uachtarán a raibh i bhfábhar beatha anuraidh, siúd is go raibh an tír ag ullmhú réidh do reifreann ar aisghairm an t-ochtú leasú.
Sin ráite, is fiú a rá gur iomaí fáth onórach a bheith páirteach i bpolaitíocht aontais mic léinn. Faigheann TCDSU a chuid airgid ó pócaí na mic léinn, agus má tá suim agat sa chaoi a chaitear d’airgead, ba cheart duit lean ar aghaidh go dtí an ionad vótála is gaire duit. Bí ag machnamh freisin ar an dtionchar atá ag an aontas mic léinn. Le blianta anuas, bhí aontais mic léinn i dtús cadhnaíochta i gcúrsaí athruithe socaithe. Trí bhliain ó shin, bhí ról lárnach acu sa reifreann ar chomhionnanas pósta. Tríocha bliain ó shin, cuireadh síolta an áisghairme trína obair.
Níos áitiúla, beidh ionadaí mic léinn in ann seasamh in aghaidh táillí athscrúduithe agus beidh tionchar acu ar athchóiriú an churaclaim fóchéime.
Gan amhras, b’fhearr le iarrthóirí go mbeadh meáin na mic léinn níos cineálta dóibh, ach is fiú a cuimhniú go bhfuil an meáin saor riachtanach do daonlathas. Caithfídh iriseoirí a bheith ag cáineadh daoine i bpostanna cumhachta agus iad a choinneáil cuntasach as a gcuid gníomhaíochtaí Ní bhíonn an iomarca grá do nuachtáin i hallaí na cumhachta. Ach is cuma, mairfimid.