Ní minic go mbíonn an fhírinne soiléir do chuile duine. Go rialta, bíonn an bóthar ó aineolas go eolas fada agus deacair. Dá déarfaimís aon rud eile, bheimis ag cur an dallamullóg orainn féin.
Nuair a thosaigh Barack Obama ag tabhairt tacaíocht do pósadh coithroime i 2012, bhí sé tar éis blianta caite ag siúil ar a bharraicíní timpeall an cheist. Ach, nuair a tháinig an tacaíocht, cuireadh i láthair é mar conclúid ríléir.
Anois, tá reifreann romhainn ar an tOchtú Leasú Bunreachta – is iomaí na blianta atá caite ag ár bpolaiteoirí ag siúl timpeall é ar a mbarraicíní. Ach más rud é gur bhealach iad reifreann dul i ngleic le ceisteanna a éalaíonn réitigh de gnáth, caithfidh polaiteoirí na hÉireann admháil nach raibh fírinne an cháis féin-soiléir dóibh ar dtús.
Ar an lá a fhógair sé reifreann ar an tOchtú Leasú – agus a tacaíocht don aisghairm – gíog an Taoiseach Leo Varadkar: “Cuimhnímís go dtéann na mílte mná na hÉireann ar an turas is brón agus is uaigní go tíortha eile chun críoch a chur leis a dtoircheas. Níl aon gá leis na turais seo.”
Ach fós, ar feadh tamaill fada, ní léir é sin go Varadkar. Ní raibh sé ach cúpla bhliain ó shin gur dúirt sé: “Táim féin i bhfábhair an beatha mar glacaim gur beatha dhaonna é leanbh sa bhroinn le ceartaí. Ní féidir liom a ghlacadh an meoin gur ábhar rogha é.”
Is ceart go bhfuil daoine in ann a meoin a athrú, fiú polaiteoirí, agus is tábhactach go n-aithnímid go n-athróidh alán daoine a meoin i rith an feachtais.
Feictear gotha dáinséarach i gíoganna Varadkar. Tá a seasamh inmholta, ach is féidir leis coimhthigh daoine, seachas an mhalairt. Mar a dhúirt Edward Luce, “tá líne ann idir ag cur ina luí ar daoine faoi buanna an cháis agus ag tabhairt masla orthu mura bhfuil siad in ann na buanna a fheiceáil.”
Le aisghairm an tOchtú Leasú ag druidim linn, ní féidir linn uasal na híseal a dhéanamh ar ár gcéilí comhraic. Tá aisghairm an tOchtú Leasú soiléir agus thar ré. Ach éascaimís dabhtanna, agus ná lasfaimís fearg na daoine.