Yes agus no. Is dócha go bhfuil na focail seo cinn de na focail is bunúsachaí agus is tabhachtai sa Bhéarla- agus is dócha, i dteanga ar bith. Nuair atá leanbh ag tosnú a bheith ag labhairt, nó duine fásta ag foghlaim na teangach don chéad uair, is dócha nach féidir leo móran a mhíniú, a thuiscint nó a chur in iúl gan na focail sin a rá. Ach céard a tharlaíonn sa Ghaeilge, teanga gan aistriúchán direach ar ‘yes’ agus ‘no’?
Rudaí suimiúla iontacha iad focail gan aistriuchán i dteanga ar bith, agus insíonn siadsan mórán faoi cultúr ‘s luachanna na ndaoine a labhraíonn an teanga seo. Mar shampla, sa Ghaeilge tá an focal “clangaireacht” againn, focal a dhéanann cur sios ar an bhfuaim den bháisteach ar an díon agus “bóthántaíocht”, an gníomh den cuairt a thabhairt do do chomharsanna chun an scannal a chloisteáil! I Sualainnis, tá an focal “mangata” acu, an machnaimh den ghealach ar an bhfarriage agus “fernweh” i nGearmáinis – saghas tinneas bhaile don áit nach raibh tú ann riomh. Cuireann rudaí mar sin go mór mór leis an teanga agus an tabhacht den teanga i saol na ndaoine, stair na ndaoine ‘s anam na ndaoine.
Sa Ghaeilge, úsáidtear an briathar den cheist sa fhreagra. “An rachaidh tú?” “Rachaidh mé.” “Ar bhris tú?” “Níor bhris mé.” Toisc nach bhfuil ‘yes’ agus ‘no’ i gceist, ní mór don fhreagrór abairt iomlán a thabhairt ar ais. Is féidir tionchar na rialach seo a fheicéail i mBéarla na hÉireann (Hiberno-English) agus formhór den dhaoine Éireannacha ag úsáid an briathar ina bhfreagra.
Is iomaí dalta a chreideadh go raibh “Sea” agus “Ní hea” mar aistriuchán ar ‘yes’ agus ‘no’ agus is iomaí muinteoir Ghaeilge a chaitheadh mórán ama ag ceartú na botúin sin. Is docha gur saghas ‘bád tarrthála’ a bhí i gceist nuair a fhoglaim daltaí an riail seo roimh a mbéaltrialacha ardteiste- tá an freagra suite sa cheist!
Ach is docha nach bhfuil sé chomh simplí i gcásanna dléithe. Tá neart scríofa ar ábhar aistriúchán na dleithe, agus an difríocht idir Bunreacht na hEireann as Béarla agus as Gaeilge mar gheall ar an aistriuchán. Mar shampla, in Alt 12.4.1, is féidir mearbhall a eascrú leis an bhfrása Béarla chun aois atá ag teastáil uait chun a bheith i d’uachtarán, ach is féidir an riail a shoiléiriú leis an aistriucháin Gaeilge. Níos suimiúla fós ná úsáid an focal “glactar” nuair a luaitear Béarla mar dara teanga oifigiúil na hÉireann in áit “admhaítear”, agus ‘glac’ mar focal le heaspa fonn don chás.
Ach i gcásanna vótála, is cinnte nach bhfuil córas chomh cuimsitheach leis an mBunreacht. An cás is éasca chun phiocadh mar gheall ar a bolscaireacht, a cáilíocht agus a tábhaíocht ná an reifreann le haghaidh ionannas i gcleamhnas i mi Bhealtaine 2015.
An ráiteas a bhí i gceist ná: “Féadfaidh beirt, cibé acu is fir nó mná iad, conradh a dhéanamh i leith pósadh de réir dlí.” Léann aistriuchán díreach go Béarla mar: “Two persons, whether they be men or women, may contract in relation to marriage in accordance with law” ach is é an ráiteas Béarla oifigiúil ná “Marriage may be contracted in accordance with law by two persons without distinction as to their sex.” Cé go bhfuil aistriuchán difriuil i gceist, is léir go bhfuil an miniu céanna ag na dá ráiteas. Is é ar an leathanach vótáil a thosaíonn an fhadhbh: na roghanna a bhí i gceist ná:“Má thoilíonn tú, cuir X sa chearnóg seo” agus “mura dtoilíonn tú, cuir X sa chearnóg seo.” Mar is féidir le madaí na sráide (bhuel, na sráideanna i gConamara, ar aon nós) insint, na freagraí atá i gceist i gcómhtéacs na ceiste seo ná “Toilím” nó “Ní thoilím.”
Ach ar an leathanach vótála, na roghanna a bhí ann ná “Tá” agus “Níl.” Ní bhfaighfeá marcanna i do bhéaltriail Ardteiste le húsáid na briathra sin i d’fhreagra- so cén fáth gur féidir leis an Rialtas cáipéisi oifigiúil a úsáid le butúin chomh soiléir is chomh mór le sin?
Is rud deacair é chun Béarla a aistriú go Gaeilge de ghnáth, ach is dócha go n-éiríonn gach chuile ní níos deacra, níos dúshlánaí agus níos measa nuair atá an aistriúchán ón Stát do cháipéisi oifigiúil. Tá gach rud níos deacra i gcomhtéacs “yes-no question” nuair nach bhfuil na focail sin agat in aon chór. Nach mbéadh sé chomh éasca ‘Toilím’ agus ‘Ní thoilím’ a chur ar an leathanach i spás ‘Tá’ agus ‘Níl’?
Ach baineann, mar a bhaineann i gcónaí, gnéithe culturtha leis na roghanna seo. Tá cúpla focal Gaeilge ag formhór de na daoine agus iad ag vótáil, agus is dócha go gcuimhneodh fiú duine le híseal-chaighdeán Gaeilge go bhfuil ‘Tá’ mar dearfach agus ‘Níl’ mar dhiúltach. I ndairíre, má chuirtear ceist ar an gcuid is mó d’Eireannaigh agus iadsan nach bhfuil ina gcainteoirí liofa, is docha go gcreidfidís go mínionn Tá ‘yes’ agus “Níl” ‘no’. So is dócha gur thuig gach chuile duine ceard a bhí i gceist leis an aistriucháin Gaeilge, idir cainteoirí liofa agus Béarlathoirí. Ach, an bhfuil sé sin sách-maith? An bhfuil sé sách-maith go bhfuil gach duine ábalta an ráiteas inár gcéad teanga oifigiúil mar tír a thuiscint, cé nach bhfuil an gramadach ceart in aon chór? Sa lá atá inniu ann, an bhfuil an ‘gist’ níos tábhachtaí ná an míniú?
Bhí sé níos éasca agus níos áisiúla chomh maith le haghaidh na feachtasóirí- tá sé níos éasca “Tá” a chló ar suaitheanas agus postaer in áit “Toilím.” Ach tá difríocht mór idir feachtasoirí agus iad ag iarraidh áird a dhiriú le frásaí lom gonnta agus cáipéisí oifigiúil Rialtas na hEireann.
Ar aon nós, is dócha go bhfuil téama níos mó agus níos tabhachtaí i gceist sa chás seo ná easpa “tá” agus “níl” sa Ghaeilge. Is docha go dtaispeántar úsáid “tá” agus “níl” i spás na briathra ceart an dímheas atá ag an Rialtas ar ár dteanga agus an tosaíocht a chuirtear ar tuiscint an phobail ginearálta in áit Gaeilge cheart a chur in iúl.