In Focus
Apr 18, 2018

An Saol Ghaelach Mórthimpeall ar Colm Mac Gearailt

Agus sos deas aige ó bheith ag aisteoireacht agus taighde do thráchtas Doctúireachta, suíonn Muireann Nic Corcráin síos le Mac Gearailt, ag plé saol na Gaeilge, saol na haisteoireachta agus saol Choláiste na Tríonóide.

Muireann Nic CorcráinScríbhneoir Foirne
blank
Ivan Rakhmanin for The University Times

Tá sé an-deacair gan meangadh gáire mhór a bheith ar d’aghaidh agus tú ag labhairt le Colm Mac Gearailt. Fear uasal a bhfuil an cuid is mó don saol caite aige trí Ghaeilge, agus an teanga fós lárnach ina shaol. Níl sé éasca ar aon duine cothromaíocht a fháil idir obair acadúla agus cúrsaí eile atá siad paiseanta faoi, ach tá an cothromaíocht sin faigthe ag Mac Gearailt agus é ag baint taithneamh as na deiseanna atá faighte aige go dtí seo.

Ón líofacht atá aige as Gaeilge, is léir go raibh tionchar láidir ag an teanga air ó aois óg agus é ina chónaí i gCorca Dhuibhne i gContae Chiarraí. Adhmhaíonn sé go bhfuil caidreamh sách aisteach aige leis an teanga, cé gur fhreastal sé ar Ghaelscoil and Gaelcholáiste sula bhog sé go mBaile Átha Cliath. “Bhí caidreamh ait agam leis i gcónaí …thug sé tamall orm teacht cuige, sa slí go raibh sé agam i gcónaí. Rinne mé m’Ardteist i gColáiste Eoin, agus tar éis dom m’áit baile a fhágáil gur thuig mé an tábhacht a bhain leis an teanga agus an cultúr a bhí tharr timpeall uirthi. Tháinig feabhas ar mo chuid Gaeilge agus tháinig feabhas ar an meas a bhí agam ar an nGaeilge.”

Níor athraigh a mheon i dtaobh na Gaeilge mórán nuair a thosaigh sé i gColáiste na Tríonóide chun dul i mbun céim as Stair agus Béarla,ach ghlac sé páirt i saol na Gaeilge agus é mar mac léinn. “Bhíos i mo chónaí ar an Scéim Chónaithe ar feadh dhá bhliain, ó 2010 go dtí 2012… táim gafa sa teanga anois!” D’inis sé dom faoin páirt a ghlac sé i REIC freisin, oíche filíochta dhá-theangach atá cúpla píosa filíochta féin léite Amach aige ann.
Bhí sé mar bhall lárnach den fhoireann Peil Gaelach sa choláiste freisin. “Tá sé bliana caite agam sa chlub”, a deireann sé liom agus é ag gáire ag an am céanna. Agus muid ag roinnt scéalta ónar gcuid taithí féin sa chlub, is léir go raibh sé an-lárnach ina shaol agus go bhfuil sé ar intinn aige fós. “Bím ag tabhairt tacaíocht dóibh i gcónaí nuair a léim faoi céard a bhíonn ar siúl acu.” Nuair a thosaím ag caint faoin bpáirc peile atá againn thuas i Santraí, deireann sé liom go bhfuil áthas an domhain air go bhfuil suíomh aimsithe ag an gclub faoi dheireadh.

ADVERTISEMENT

Is léir go bhfuil an saol acadúla an-tábhachtach do Mac Gearailt freisin, agus é i mbun taighde don Dochtúireacht Staire. Piocann tú suas ar an ngrá atá aige don Stair láithreach, go háirithe faoin topaic atá sé ag díriú isteach ar dá thráchtas, faoin tslí a mhúintear Stair ar scoil ó am an Neamhspléachas suas go dtí na 1960dí. Is é an ceist atá sé ag iarraidh oibriú amach ná “cé a roghnaigh cad é scéal na hÉireann” i dtéarmaí staire. Agus an tráchtas beagnach déanta aige, le tacaíocht de bharr scoláireacht ón gComhairle um Thaighde in Éirinn, adhmhaíonn sé liom go mbeadh sé sásta nuair a bheadh sé déanta. “Codlóidh mé i 2019!” Chuir mé ceist air an raibh sé difriúil a bheith ag obair leis na léachtóirí agus a beith ag múineadh, in ionad a bheith mar mac léinn, ag múscailt gáire ann. “Is bréa liom a bheith ag múineadh agus a bheith ag déiléail le daoine. Táim gafa i saol an oideachas sure!”

Ach, mar a deireann an seanfhocal, tarraingíonn scéal scéal eile, agus bogaimid ón scéal don saol acadúla chuig scéal na haisteoireachta, agus Mac Gearailt mar aisteoir ar an sraith teilifíse, Ros na Rún. Faighim amach nár thosaigh sé ag glacadh páirt i saol na haisteoireachta go dtí go raibh sé san Idirbhliain ar scoil. “Chaith mé mí ag obair le comhlacht drámaíochta sa Daingean, The Beehive Company.” Lean sé ar aghaidh ag déanamh ranganna aisteoireachta nuair a thosaigh sé sa choláiste, go dtí gur tháinig éisteachtaí suas le haghaidh ‘Ros na Rún’ an bhliain seo caite. Bhí an méid sin obair á déanamh aige gur chas sé timpeall agus dúirt sé leis féin, “caithfidh mé rud iomlán difriúil a dhéanamh anois.” Agus mar sin, chuaigh sé go Spidéal chun tosú ar an gclár i Mí Lúnasa.

Is duine cairdiúil é Mac Gearailt, le mórán éirimí aige. Toisc go bhfuil sé an-gnóthach, bhí suim agam fáil amach conas go raibh sé in ann cothromaíocht a aimsiú idir saol na staire agus an saol chruthaitheach. “Ní féidir iad a chur i gcomparáid lena chéile.” Síleann sé go gcaithfidh rud éigin eile a bheith aige no go bfhaighfeadh sé greamaithe i saol arís gan sásamh ceart a fháil sa saol. “Ní rud éasca é… ach táim sásta go bhfuilim ag déanamh an dhá rud faoi láthair.”

Agus an caife ólta againn agus ár suim as Stair pléite ar feadh beagnach leathuair, b’é sin deireadh le mo chomhrá le Colm. An rud a shíl mé go raibh suimiúil as an gcruinniú sin ná gur bhuail mé le fear uasal atá saol iontach éagsúil á leanúint aige, ag déanamh na rudaí atá tábhachtach dó sa saol, ag baint taithneamh agus tairbhe as saolta difriúla at an am céanna. Agus ag úsáid a theanga dhúchais ag an am céanna. Chun an fhírinne a rá, thug sé inspioráid dom mo shaol a leanúint sa slí céanna. Le Gaeilge lárnach i mo chroí agus mé ag baint taitneamh agus tairbhe as mo shaol i mo slí féin.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.