In Focus
Apr 12, 2018

Ón bPop Up Gaeltacht go Polaitíocht leis an gComhaontas Glas – Agallamh le Peadar Ó Caomhánaigh

Labhraíonn Malachí Ó Marcaigh le Peadar Ó Caomhánaigh, bunaitheoir an Pop-Up Gaeltacht, faoi inspioráid na heachtraí, a ghníomhaíocht ar son na Gaeilge, agus a obair leis an gComhaontas Glas.

Malachi Ó MarcaighLeas-Eagarthóir na Gaeilge
blank
Ivan Rakhmanin for The University Times

Rugadh agus tógadh Peadar Ó Caomhánaigh i gCluain Dolcáin. Is comhbhunaitheoir an Pop Up Gaeltacht é agus beidh sé ag rith ar son an Chomhaontais Ghlais d’iarthar láir Bhaile Átha Cliath sa chéad olltoghchán eile.

Bhí mé féin fiosrach faoin gcaoi ar chuir sé tús lena shaol polaitiúil. “Is ceist chasta í sin toisc go raibh baint agam i gcónaí leis an bpobal ach níor shíl mé gur polaitíocht a bhí ann. Mháirseáil mé cúig bliana déag ó shin chun an cloigtheach i gCluain Dolcáin a shábháil. Bhí mé mar Oifigeach na Gaeilge in Ollscoil Má Nuaid agus i ndiaidh sin bhí mé mar Uachtarán Chuallacht Cholmcille, an Cumann Gaelach atá acu sa choláiste. Ar chúis éigin shíl mé nach fíorpholaitíocht a bhí ann san ollscoil.”

Ach is léir go bhfuil an pholaitíocht seo tar éis é a mhúnlú. “Bhí mé ar buille leis an gcaoi nach raibh rudaí ag éirí níos fearr, rialtas i ndiaidh rialtais. Ag deireadh 2016, tháinig an Comhaontas Glas chugam, agus chuir siad ceist orm obair ar a shon. Ní raibh mé in ann dul san iomaíocht san olltoghchán sa bhliain 2016, ach dúirt mé leo go ndéanfainn smaoineamh faoi. Léigh mé na polasaithe ar fad agus ghlac mé leis an gcuireadh. Is dócha gurb é sin an t-am gur thuig mé gur polaiteoir mé. Ní thaitníonn an lipéad ‘polaiteoir’ liom, bhí mé gníomhach i mo phobal i gcónaí.”

ADVERTISEMENT

Is léir go raibh aithne mhaith aige ar an gComhaontas Glas sular tháinig siad chuige. “Thug mé an vóta don Chomhaontas Glas i gcónaí, seachas nuair a bhí siad i gcomhrialtas le Fianna Fáil. Bhí mé ar buille leo agus níor thug mé an chéad rogha dóibh den chéad uair riamh. Nuair a chloistear na focail ‘An Comhaontas Glas’, ceaptar nach bhfuil mórán eile ag baint leo seachas an timpeallacht ach is iomaí rud atá bainteach leis an bpáirtí. Thaitin na polasaithe maidir leis an nGaeilge, ar thithíocht, geilleagar liom. D’aontaigh mé leis an gcaoi ar sheas siad ar an ochtú leasú ar an mBunreacht agus cearta na mban.”

Ceann de na rudaí is fearr liom faoin gComhaontas Glas ná go bhfuil cumhacht ag gach ball agus tá an cumas ann rudaí a athrú ón leibhéal is ísle

Creideann Peadar Ó Caomhánaigh gurb é ceann de na láidreachtaí a bhaineann leis an gComhaontas Glas ná an chaoi gur féidir easaontú agus tuairimíocht a chur in iúl. “Ceann de na rudaí is fearr liom faoin gComhaontas Glas ná go bhfuil cumhacht ag gach ball agus tá an cumas ann rudaí a athrú ón leibhéal is ísle. Easaontaím le polasaí an Chomhaontais Ghlais i gcoinne orgánaigh ghéinmhodhnaithe (GMOs). Measaim féin go bhfuil ról tábhachtach ag orgánach géinmhodhnaithe do thíortha i mBéal Forbartha agus tíortha a bhfuil gorta iontu. D’fhéadfaí orgánach géinmhodhnaithe sábháilte a úsáid chun cuinsí mar sin a fheabhsú.”

I mí na Samhna seo caite bhí bagairt ann go mbeadh olltoghchán eile sa tír seo. Chuir mé ceist air má tá baol sin fós ann. “Ní dóigh liom go mairfidh an rialtas seo go 2021. Tá comhaontas idir Fine Gael agus Fianna Fáil go dtí Buiséad 2019.Ceapaim go mbeidh olltoghchán againn roimh na toghcháin Eorpacha agus áitiúila i 2019.” In ainneoin nach bhfuil ach dhá shuíochán ag an gComhaontas Glas sa Dáil, d’éirigh leo a lán rudaí a bhaint amach. “Fuair an Dáil seo réidh le fracáil, ní féidir rudaí mar sin a dhéanamh nuair atá páirtí amháin láidir i gceannas. Cuireadh Bille na Glasach sa dlí chun saoire máithreachais níos faide a thabhairt do mháithreacha a mbíonn luathbhreith acu. Tá seo ar fad déanta againn leis an bpolaitíocht nua ach leis an bpolaitíocht nua bíonn an baol go mbeadh toghchán againn maidin amárach.”

Ach ciallaíonn an pholaitíocht nua go bhfuil deiseanna ann do pháirtithe beaga cosúil leis an gComhaontas Glas. “Tá sé i gceist againn ár suíochán sa Dáil a mhéadú faoi trí ar a laghad don chéad olltoghchán eile. Déanfaimid iarracht méadú arís agus arís go dtí go mbeidh an seans againn dul isteach sa rialtas, le ceachtanna foghlamtha againn ón uair dheireanach a bhíomar i gcomhrialtas. Tá sé tábhachtach dúinn taispeáint gur páirtí náisiúnta muid agus an rogha glas a chruthú.”

Tá sé i gceist againn ár suíochán sa Dáil a mhéadú faoi trí ar a laghad don chéad olltoghchán eile

Bhain an Caomhánach clú amach i bpobal na Gaeilge thart ar Mhéan Fómhair 2016 nuair a bhunaigh sé agus a chara Osgur Ó Ciardha an Pop Up Gaeltacht. “Bhí an a chuid sna meáin chumarsáide ag rá go bás tar éis teacht ar an nGaeilge. Theastaigh uainn cur in iúl go bhfuil na Gaeil ann, agus go mbaileoidh siad in áit amháin chun Gaeilge a labhairt. Bhí sé mar aidhm againn go mbeadh daoine óga agus aosta le feiceáil agus le cloisteáil ag labhairt na teanga. Bhíomar ag iarraidh spás a chruthú dúinn féin ina raibheamar in ann an teanga a labhairt le chéile.” Tá an Pop Up Gaeltacht tar éis éirí as cuimse. Deir Peadar Ó Caomhánaigh go raibh tuairim is 15 Phop Up Gaeltacht ar fud an domhain in sé lá i rith seachtain Fhéile Phádraig.

Nuair a chuir mé ceist air faoin seanfhocal is fearr leis, chaith sé tamall ag smaoineamh faoin bhfreagra. Deir sé gur iomaí seanfhocal a thaitníonn leis ach roghnaigh sé ‘Is minic a bhris béal duine a shrón’. “An fáth go roghnóinn an ceann sin ná go bhfuil a lán cainte faoi láthair maidir le saoirse cainte agus nach féidir cinsireacht a dhéanamh ar éinne. Bíodh is go bhfuil an ceart sin ann, sílim féin go bhfuil dualgas ansin gan daoine a ghortú le d’fhocail. Tá sé de cheart agat rud éigin a rá ach ní chóir duit rudaí a rá nach bhfuil tú sásta a chosaint. Níl aon chúis ann nach féidir easaontú le duine gan é a dhéanamh i mbealach múinte.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.