Le Éigse na Tríonóide críochnaithe, agus Seachtain na Gaeilge ag druidim linn i gceann míosa, is léir go bhfuil an-suim ag pobal na Tríonóide sa Ghaeilge. Is léir freisin go n-aithníonn ár n-Aontas Mic Léinn an fhírinne seo; tá post páirt-aimseartha Oifigigh na Gaeilge san Aontas, a oibríonn go dlúth leis an gCumann Gaelach, agus ba iomaí cómhimeacht a chuir siad i láthair i rith Seachtaine na hÉigse.
Aistrítear ríomphoist seachtaintiúil an Aontais go Gaeilge gach seachtain agus luaigh Uachtarán an Aontais, Kevin Keane, tábhacht an Gaeilge go sonrach agus i mbun feacthais anuraidh. Ach, is éasca dearmad a dhéanamh nach bhfuilimid inár n-aonar ag chothú teanga dhúchais. Timpeall an domhain, tá roinnt ollscoileanna agus aontais mic léinn ag déanamh an obair céanna ag caomhnú mionteangacha agus d’fhéadfaimís lear mór a fhoglaim astu.
Trasna da dtonnta, sa Bhreatain Bheag, labhraíonn níos mó ná 10% de dhaonra na hOllscoile Cardiff an teanga Breatnaigh. Seoladh beartas teangacha Breathnaigh san Ollscoil i 2016, agus mar chuid den bhearthas sin, tá Aontais na Mic Léinn Ollscoile Cardiff tiomanta do sheirbhísí trí Bhreatnach a sholáthair san Ollscoil, don chaighdeán céanna na seirbhísí atá ar fáil trí Bhéarla. Tá an ceart ag muintear an choláiste Breatnach nó Béarla a úsáid agus iad i dteagmháil leis an aontas, agus i 2017, fhógair an aontas go mbunóidh “UMCC” (Undeb Myfyrwyr Cymraeg Caerdydd), “aontas laistigh den Aontas” do cainteoirí Breathnaigh.
Ní amháin go n-aistríonn an Aontas a chomhfhreagras go Breathnaigh, ach tairgeann sé an seirbhís céanna do cumainn mic léinn na hollscoile, más mian leo fógraíocht dhátheangach a dhéanamh. Leis an smaoineamh sin, níl an teanga teoranta do chumann amháin atá dírithe ar an teanga; tá ról ag gach cumann ag scaipeadh an teanga tríd an choláiste. Tá an idirdhealú sin an-tábhachtach; ní feictear an teanga Breathnaigh mar rud aonraic, tá sí fite fuaite i gach gné de saol an Choláiste.
Ní amháin go n-aistríonn an Aontas a chomhfhreagras go Breathnaigh, ach tairgeann sé an seirbhís céanna do cumainn mic léinn na hollscoile, más mian leo fógraíocht dhátheangach a dhéanamh
Is iontach an dul chun cinn atá déanta ar stádas an teanga san Ollscoil, go háirithe nuair a chuimhnítear go raibh cos amháin ag an teanga san uaigh ag tús an 20ú aois. Is breá an éiseamláir dúinn iad muintir Cardiff, maidir leis an obair gur féidir linn déanamh chun fheabhas a chur ar an nGaeilge sa Tríonóid.
Ó thuaidh na Breataine, in Albain, oibríonn Aontas na Mic Léinn Dúin Éideann chun Gàidhlig a chothú. Mar chuid de feachtas ‘Tandem’ atá acu, eagraítear ‘caiféanna teangacha’ gach seachtaine, ina mbíonn núíosaigh in ann bualadh le cainteoirí dúchais agus a gcuid scileanna teangacha a fheabhsú. Ní amháin do Ghàidhlig iad na caiféanna seo; d’fhéadfá Fraincís, Gearmáinís, nó fiú an Ghaeilge a fhoghlaim! Cuirtear oícheanta scóráil sciobtha i láthair freisin, trí Ghàidhlig agus trí theangacha eile. Do dhaoine gan focail ar bith sa teanga, eagraíonn an Aontas Mic Léinn ranganna Gàidhlige.
Trí obair Aontais na Mic Léinn Dúin Éideann feicimid cumhacht na smaointe simplí. Ní chaithfidh siad an domhain a athrú, ach le feachtais cosúil le “Tandem”, spreagtar daoine chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna teangacha i dtimpeallachtaí cairdiúla. Go minic bíonn feachtais Gaeilge sa tír seo dírithe ar daoine le píosa Gaeilge acu cheana féin. Dá gcuirfí tús le tionscnaimh mar sin i gColáiste na Tríonóide, mheallfí daoine nua an teanga a fhoghlaim, agus neartófaí an teanga sa choláiste.
Ach, níl an ualach uilig ar ár n-Aontas Mic Léinn. Tá obair le déanamh ag an gColáiste freisin chun an Ghaeilge a chur chun cinn i dTríonóid. B’fhéidir gur féidir leo inspioráid a fháil ó Ollscoil Barcelona, síos i leithinis na hÍbéire. I mBarcelona, mar atá in Éireann, tá dhá teanga oifigiúil ann: an Spáinnis agus an Chatalóinis. Mar gheall ar an stádas oifigiúil atá ag an dhá teanga, tá mic léinn ceadaithe ceachtar acu a úsáid agus iad ag déanamh aistí nó ag dul i dteagmháil leis an Ollscoil. Múintear ranganna trí Spáinnis agus Catalóinis, agus cuirtear ranganna Catalóinise ar fáil sa choláiste do dhaoine gan an teanga.
Taispeánann cás an Catalóinise i mBarcelona agus ar fud na Catalóine gur féidir le mionteanga a bheith láidir agus rathúil siúd is go labhraítear teanga eile níos forleithne sa cheantar
Tá ceacht le foghlaim ann dúinn agus don choláiste; gur féidir leis an gColáiste cabhair ollmhór a thabhairt den teanga trína pholasaithe agus an tacaíocht a dtugann sé do chainteoirí na Gaeilge sa choláiste. Tá ranganna Gaeilge ar fháil i dTríonóid anois, ach ní dhéantar a ndóthain fógraíocht orthu, agus níl fhios ag lucht an choláiste futhu. Chun an teanga a chur chun cinn i dTríonóid, caithfidh an Coláiste é féin tuilleadh fógraíocht agus tuilleadh obair a dhéanamh ar na seirbhísí a chuireann sé ar fáil trí mheáin na Gaeilge.
Taispeánann cás an Catalóinise i mBarcelona agus ar fud na Catalóine gur féidir le mionteanga a bheith láidir agus rathúil siúd is go labhraítear teanga eile níos forleithne sa cheantar. Más féidir leis an Chatalóinís a bheith beo bríomhar in ainneoin tionchar na Spáinnise, is féidir leis an nGaeilge a fhás go bródúil, in ainneoin tionchar an Bhéarla in Éireann. Ní amháin ar ollscoilleanna agus aontais mic léinn atá an ualach, ach is minic go mbíonn mic léinn na Tríonóide i dtús cadhnaíochta in athruithe socaithe. Dá mbeadh rath ag Aontas na Mic Léinn na Tríonóide, scaipfeadh a thionchar mar cuilithín tríd an tír ar fad.
Mar fhocal scoir, is léir go bhfuil alán le foghlaim againn ón obair a dhéanann aontais mic léinn agus ollscoileanna an domhain le mionteangacha. Ba cheart do Aontas Mic Léinn na Tríonóide breathnú ar an rath a bhí ag aontais eile agus inspioráid a thógáil uathu, chun beartais Gaeilge nua a chur i bhfeidhm. Ba cheart don Choláiste freisin ceacht a fhoghlaim as obair ollscoileanna an domhain chun feabhas a chur ar seirbhísí Gaeilge sa choláiste. Tá an eolas ann, agus le taighde agus machnamh, is féidir linne forbairt ollmhór a dhéanamh ar an nGaeilge i dTríonóid.