Cáineadh, agus cúis mhaith leis, Aontas na Mac Léinn Ollscoil Luimnigh (ULSU) go forleathan i measc mhic léinn nuair a fógraíodh go raibh sé chun athbhrandáil mar “Saol na Mac Léinn UL”.
Mhair an próiseas athbhrandála dhá bhliain, le costas €20,000 ar a laghad. Déanta i gcomhpháirt le comhlacht sheachtrach, bhí sé de rún ag an t-Aontas dul i ngleic leis an neamhshuim atá forleathan i measc a gcuid mac léinn. Baineadh an focal “aontas” den ainm, sa tsúil go mbeadh an eagraíocht níos oscailte i súile a cuid mhic léinn.
I dtús báire, nach íorónta go mbeadh aontas ag iarraidh suim a mhic léinn a mhealladh agus é ag diúltú guth a thabhairt dóibh ar an athrú bunúsach seo? In ionad reifrinn ná vóta ag an CGB, rinneadh an cinneadh ag cruinniú comhairle – nár fhreastal ach 25 duine air. Tá an focal “aontas” go fóill ina ainm bunreachtúil, ach baineadh é dá ábhar brandála ar fad.
Chun a aird a mhealladh, nárbh ciallmhaire dul díreach i dteagmháil le pobal na mac léinn, chun iad a tharraingt isteach i saol an Aontais? Is cosúil go bhfuil a ghnáthbhaill, chomh maith b’fhéidir leis an phróiseas daonlathach féin, tréigthe ag an t-Aontas.
Níos measa arís, agus an earnáil tríú leibhéal ag streacháilt go fóill le géarchéim maoinithe, mheas ULSU go mbeadh sé óiriúnach breis agus €20,000 a thabhairt do Frawley Neville Branding Consultants.
Más mian leis freastal mar is ceart ar riachtanais na mac léinn, agus gníomhú ar leas an phobail sin, nár chóir airgead a chaitheamh chun feabhas feiceálach a chur ar shaolta na ndaoine iad féin?
Is deacair fosta neamhaird a thabhairt ar an tábhacht chultúrtha stairiúil a bhaineann leis an fhocal “aontas” – a théann siar go dtí an Réabhlóid Thionsclaíoch – agus nach bhfuil ag an fhrása leamh “Saol na Mac Léinn”. Ní trí dhípholaitiú a n-aontais a mheallfar suim sa pholaitíocht ó phobal na mac léinn.