Nuair a bhí Oscar Wilde ina mhac léinn ar Choláiste na Tríonóide, cheap sé gurbh é an t-airgead an rud is tábhachtaí sa saol. Nuair a chuaigh sé in aois, a scríobh sé, bhí a fhios aige gurbh é an rud is tábhachtaí.
Mar sin de, is deacair áibhéil a dhéanamh faoin dara vóta ar Choiste Airgeadais an Choláiste atá anois faighte ag mic léinn, tar éis na mblianta gan ach ionadaí amháin.
Ní hionann sin agus a rá gur leor an dá vóta chun bunchinntí nó na beartanna airgeadais is díobhálaí de chuid an Choláiste a chealú – ach is comhartha eile é go bhfeictear na mic léinn faoi dheireadh mar gheallshealbhóirí fiúntacha i bpróiseas cinnteoireachta an Choláiste.
Tá sé seo ag teacht le fada. Bhí locht Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) le feiceáil roimhe, mar shampla, agus é ag iompar ar nós geallshealbhóra nuair nach bhfaca an Coláiste é ach mar chor sa scéal. Le gach gearán oifigiúil ó hiaroifigigh TCDSU – maidir le míreanna ar chláracha Boird, fógraí foirmeálta easaontaithe, achomhairc fada os comhair na gCuairteoirí – ní bhfuair siad ach comhréiteach comharthach.
I mí Márta, tarraingíodh aird le cuairt an Phropaist Patrick Prendergast ar Theach a Sé chun idirghabháil a dhéanamh le ceannairí na gluaiseachta Thóg ar ais an Tríonóid. Cé gur cuireadh fainic ar mhic léinn gan barraíocht tábhachta a chur leis an bheart seo – buaileann an Propast le daoine in Uimhir a hAon Shráid Grafton de ghnáth – luathchomhartha a bhí ann, ní amháin gur roghnaigh an duine is ceannasaí sa Choláiste a bhealach a athrú, ach gur mhothaigh sé freisin nach raibh an dara rogha aige.
Beidh sé le feiceáil cinnte gurbh é an t-athrú iomlán ar an dinimic leis na mic léinn ceann de na torthaí is tábhachtaí ar na hagóidí Thóg ar ais an Tríonóid. Os rud é gur maorlathas diamhróireach é Coláiste na Tríonóide go minic, caithfear cuimhniú nár chóir do na geallshealbhóirí bheith géilliúil ciúin an t-am ar fad.
Ní chaithfidh tú bheith i do shaineolaí sanasaíochta chun sainmhíniú éagsúil an fhocail “geallshealbhóir” a bheith agat: “duine ar bith atá in ann do lá a scriosadh.” Ba chóir do cheannairí mac léinn sin a chuimhniú sa todhchaí.