Tá sé de rún le fada ag Coláiste na Tríonóide éalú óna íomhá poiblí mar champas bagrach dúnta, atá dofháilteach don taobh amuigh. Is cinnte go gcuireann an campas, atá múrtha ó rí-rá na cathrach, leis an íomhá seo.
Cé go bhfuil na sluaite turasóirí á mealladh isteach tríd an Gheata Tosaigh le cúpla bliain, is iomaí Cliathach nár leag cos riamh i gcoláiste atá díreach i lár a gcathrach féin.
Mhaígh The Irish Times an tseachtain seo, in alt a chuimsigh na tionscadail tógála a chríochnófar ar an champas go luath, go n-osclódh na forbairtí an Coláiste agus go gcuideoidís le nascanna a chothú idir Bhaile Átha Cliath agus a cónaitheoirí.
Is fíor go ndéanfar athchóiriú suntasach ar an Choláiste ar feadh an chéad cúpla bliain eile, go háirithe ar thaobh thoir an champais. Ach is míréalaíoch ar fad an smaoineamh go n-athrófar ó bhonn caidreamh an Choláiste leis an chathair atá morthimpeall air le dhá bhealach isteach breise ar thaobh Shráid an Phiaraigh an champais.
Mar a dúirt an Seanadóir Lynn Ruane le déanaí, agus í ag cur a dírbheathaisnéis People Like Me chun cinn: “Ní hiad na ballaí an fhadhb. Is é an cultúr. Is é go gceaptar go gcoinneofar amuigh muid, go gcaithfear amach muid, nach mbeidh mid san áit cheart ansin.”
Ar ndóigh, tá tógáil na bhfoirgneamh agus dhá bhealach úr isteach le fáiltiú, agus is cinnte go gcuirfidh sé borradh faoi Shráid an Phiarsaigh a bhí tréigthe roimhe. Thairis sin, tá an Scoil Ghnó de shíor ag cur béime ar a nascanna seachtracha le tionscal, go háirithe comhlachtaí teicneolaíochta i nDuga na Canálach Móire. Ach caithfidh an Coláiste neart eile a dhéanamh má tá sé ag iarraidh bheith níos oscailte agus níos mó gnáthdhaoine na cathrach a mhealladh chun an champais.
Is straitéis éifeachtach PR é seo chun dearcadh a chothú go bhfuil Coláiste na Tríonóide ag athrú ina champas 21ú aois atá oscailte do chách. Ach is í fírinne an scéil gur dócha go mbeidh tionchar beag ag na tionscadail úra seo ar a chlú mar áit dofháilteach.
Má tá an Coláiste ag iarraidh a chló a athrú mar spás oscailte do dhuine ar bith, beidh tuilleadh iarrachta ag teastáil chun dul i ngleic leis na constaicí – meafaracha nó eile – a stopann neart Éireannaigh ó thriail a bhaint as a bhfuil ar fáil ann.