Is iomaí scéal i mbliana a shonraigh an gá atá le beartas láidir soiléir ar ár gcampas maidir leis an dóigh chun ionsaí gnéis agus éigniú a thuairisciú. Ó thaighde a léiríonn líon ard na mac léinn ar rinneadh ionsaí orthu, go tuairiscí iad féin, is beag campas nach ndeachaigh an fhadhb seo i bhfeidhm air.
I gcás na Tríonóide, tá an Bord Eagarthóireachta seo ag éileamh ar an Choláiste chun próiseas gearáin níos soiléire maidir le hionsaí gnéis agus éigniú le fada an lá. Cé go bhfuil an córas mar atá go measartha – mura bhfuil sé go daingean – níl sé fóinteach go bhfuil sé i bhfolach. Níor chóir go mbeadh ar mhic léinn dul ag póirseáil ar shuíomh idirlín an Déain Shóisearaigh nó fríd an Polasaí Dínite agus Measa i ndiaidh thaithí trámach.
Níor tháinig athrú ar bith, áfach, agus arís tá an dualgas ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) bearta a dhéanah chun cinntiú go bhfuil na mic léinn eolach ar na roghanna atá acu.
Is é an gníomh is déanaí acu ná 12 leathanach treoirlínte a phléann le gach rud ó thoiliú go dtí an dóigh áirithe gur féidir éigniú nó ionsaí gnéis a thuairisciú. Tá an doiciméad “Cad a Dhéanaim Anois?” déanta sa dóigh is go dtugtar treoracha soiléire do mhic léinn, nuair is cosúil go bhfuil gach rud ag imeacht as smacht. Ba chóir go ndearna an Coláiste é seo blianta ó shin.
Ní hé seo an t-athrú amháin a spreagfaidh an t-aontas ar an cheist seo ach an oiread. Gheall an t-Oifigeach Leasa tofa Aisling Leen chun obair le oifigigh an Choláiste chun beartas níos soiléire a chur i bhfeidhm, a chuirfeadh feabhas ar an chóras ad hoc cás-ar-chás mar atá faoi láthair. Cé gur fada an amlíne a leag sí – is é cúig bliana a sprioc – léiríonn sé ar a laghad go dtuigeann an t-aontas go gcaithfear tabhairt faoin fhadhb. Ó thaobh an Choláiste de, is cosúil nach bhfuil feasacht dá laghad aige féin.
Níor chóir go gcaithfidh an t-aontas an doiciméad seo a chruthú chun na próisis atá i bhfeidhm anois a mhíniú. Tá an togra seo, áfach, le moladh, agus má éiríonn leis beartas gearáin níos fearr a chruthú, beidh leas na mac léinn déanta aige – rud nach ndearna Colásite na Tríonóide go dtí seo.