An tseachtain seo caite, scríobh an Bord Eagarthóireachta seo go raibh sé ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) fiúntas a fheachtais “Maoinigh an Todhchaí” a chruthú, tar éis bliana ina raibh an chuma ar an scéal nach raibh maoiniú ardoideachais mar chloch mhór ar phaidrín an aontais.
Má táimid chun glacadh leis, mar a ghlacann formhór na ndaoine san earnáil, go bhfuil dígeantacht an rialtais tar éis ardoideachas a fhágáil i gcás léanmhar, fágann sé sin go raibh ar Maoinigh an Todhchaí an sprioc a bhualadh.
Sa chéad dul síos, bhí air ionsaí aintréan a dhéanamh ar an rialtas, ionas nach mbeadh an dara rogha aige seachas éisteacht le slógadh mac léinn eagraithe láidir.
Ní mar sin a tharla sé, faraor.
Ní hé sin le rá nach raibh tuillteanas ag baint leis an siúil amach a tharla ar champais trasna na tíre an Déardaoin seo caite. Rinne siad mic léinn agus baill foirne a shlógadh ar leibhéal áitiúil agus bhog siad an ghéarchéim ardoideachais chuig na daoine atá thíos leis.
Oireann sé seo don teachtaireacht atá USI ag iarraidh cur in iúl: gur chóir an ghéarchéim maoinithe ardoideachais a throid ar champais éagsúla trasna na tíre, ag mic léinn atá eolach maidir le géire na géarchéime agus leis an phráinn atá le dul i ngleic léi.
Ach ní raibh le Maoinigh an Todhchaí sa deireadh ach neart soncanna beaga ar an rialtas, seachas ionsaí ar an easpa infheistíochta ardoideachais nach mbeadh an rialtas ábalta neamhaird a dhéanamh air a bhí ag teastáil ón USI – agus mic léinn – chun brú a chur ar Teach Laighean chun éisteacht leo.
Bhí dualgas ar USI chun agóid a eagrú a mbeadh in ann aird náisiúnta a ghlacadh mar gheall ar a méid, neart agus a inchloisteacht.
Ina ionad sin, bhí na mílte mac léinn a ghlac páirt ar champais dhifriúla deighilte, seachas aontaithe agus ba laige an teachtaireacht da bharr. Ní raibh ach 40 mac léinn ag agóidíocht lasmuigh d’oifig an Roinn Oideachais.
Mhaígh an USI gur chóir “leabhair staire na todhchaí 2019 a aithint mar an bhliain ina ndearnamar an cinneadh chun sciolladh mar príomhchathair scileanna agus oideachais na Eorpa”. Má tá ceannairí an aontais ag iarraidh an plean seo a chur i gcrích, beidh orthu bheith níos uaillmhianaí i scóip agus méad a bhfeachtas.