Comment & Analysis
May 15, 2019

Íomhá ‘Éilíteach’ na Gaeilge – An Bhfuil Athrú de Dhíth?

Is mór an t-athrú ginearálta atá tagtha ar dhearcadh i leith na nGael ar feadh na mblianta, dar le Malachi Ó Marcaigh.

Malachi Ó MarcaighLeas-Eagarthóir na Gaeilge
blank
Scoil Lorcáin

Cúpla mí ó shin, agus pobal na Tríonóide ag déanamh ceiliúrtha ar an nGaeilge agus ar chultúr Gaelach le hÉigse na Tríonóide, seoladh an tseachtain le plé painéil ar choincheap an Ghaelachais. Bhí réimse fairsing tuairimíochta le cloisteáil ó na haoichainteoirí ar gach gné den cheist leathan seo – ach dhírigh cuid mhaith den phlé ar íomhá na nGael i measc an phobail. Le neart cainte sna meáin go háirithe ar an cheist sin, is minic a chaitear amach téarmaí díspeagúla agus an t-ábhar seo á phlé, le focail ar nós “eilíteach”, “ardnósach”, agus “meánaicmeach” in úsáid go rialta chun cur síos a dhéanamh ar phobal na Gaeilge.

Cuireann na focail seo, agus cúis mhaith leis, frustrachas ar chuid mhaith againn. Bliain ó shin rinneadh comóradh 125 bliain ar bhunú Conradh na Gaeilge, agus seoladh 2018 mar Bhliain na Gaeilge – leis an mana “is linne ar fad an Ghaeilge”. Bunaíodh Conradh na Gaeilge chun teanga na Gaeilge a chaomhnú agus a spreagadh i measc an phobail, beag beann ar aicme nó creideamh. Cén fáth, mar sin, a mbreathnaítear ar lucht na Gaeilge mar dhream “eilíteach”?

Níl a leithéid de smaoineamh, áfach, iomlán gan chúis. Eascraíonn cuid den fhadhb ón oideachas. Níorbh fhollas dom go raibh meon aisteach ag baint le mo scoil féin, mar shampla, go dtí go raibh mé ar tí í a fhágáil agus mé seacht mbliana déag d’aois. Seanmhana mo mheánscoile féin ná “is fearr bás ná náire”, agus cuireadh an mana seo i gcuimhne dúinn ar bhonn rialta. Cuireadh béim ar ár scoil mar eiseamláirí – i dtearmaí spóirt, i labhairt na Gaeilge, agus go háirithe ó thaobh na bpointí a bhfuaireamar san Ardteist. Ba í an “uaisleacht” an tréith pearsantachta ba thábhachtaí a bheith ag daltaí na scoile, seachas cineáltas ná clisteacht. Is ábhar imní é sin toisc go gcuireann sé le híomhá an eilíteachais sna Gaelcholáistí.

ADVERTISEMENT

Níl an locht ar fad ar na Gaelcholáistí áfach. Sa bhliain 2016, tháinig conspóid chun cinn nuair a diúltaíodh spás i mbunscoil Scoil Lorcáin i mBaile na Manach do pháiste óg bunaithe ar a leibhéal Gaeilge. Chuir an Roinn Oideachais iallach ar Scoil Lorcáin áit a thabhairt don pháiste seo, agus roghnaigh lucht bainistíochta Scoil Lorcáin an cás a thógáil go dtí an Ard-Chúirt. Mar iardhalta ar an scoil, is cuimhin liom cuairt a thabhairt uirthi nuair a bhí oscailt an fhoirgnimh nua á ceiliúradh sa bhliain 2016. Is cuimhin liom freisin an príomhoide ag ceiliúradh gur thaobhaigh an Ard-Chúirt le Scoil Lorcáin maidir leis an gcás. Dúradh liom go mbeadh fáilte romhaim mar iardhalta i gcónaí – ach leis an bpríomhoide ag ceiliúradh gur tugadh cead dóibh páiste a eisiaigh, bhraith mé b’fhéidir nach raibh an fáilte seo roimh chách.

Ag deireadh na dála, is cuma cén íomhá a bhaineann leis na Gaeil ar an taobh amuigh – fad is go gcuirtear fáilte roimh chách i bhfoghlaim agus saol na Gaeilge

Ach tá íomhá na Gaeilge bainte le níos mó ná hoideachas amháin. Is mór an t-athrú ginearálta atá tagtha ar dhearcadh i leith na nGael ar feadh na mblianta. Ar feadh cúpla céad bliain – agus is deacair a áitiú go bhfuil an meon seo iomlán imithe inniu – bhí dearcadh díspeagúil ar an Ghaeilge mar thréith a bhí bainte leis an ísealaicme. Deirtear go rialta gur meon iarchoilíneach é sin atá nasctha go dlúth le tionchar na Breataine ar shochaí na hÉireann. Níos déanaí fós, nuair a bhí an choimhlint ar siúl ó thuaidh mar shampla, rinneadh nasc níos láidre idir labhairt na Gaeilge agus an poblachtánachas, smaoineamh nach bhfuil iomlán imithe sa lá atá inniu ann ach an oiread.

An ceangal is déanaí atá a dhéanamh le lucht labhartha na Gaeilge le blianta beaga anuas, áfach, ná an pobal seo a bhaint le lucht an rachmais. Tá an smaoineamh seo ag teacht chun cinn le fás na nGaelscoileanna, le cuid mhaith acu i mBaile Átha Cliath go háirithe le fáil i mbruachbhailte meánaicmeacha. Ní gá meabhair na seacht bhfáidh bheith ort, ar ndóigh, le haithint go gcuireann polasaithe iontrála na mbunscoileanna i gcoitinne leis seo. Ach is cinnte go bhfuil ceangal intinne – más fíor nó bréagach atá sé – a dhéanamh ar na mallaibh idir labhairt na Gaeilge agus an meánaicme.

Is minic freisin a dhéantar cur síos ar an nGaeilge, sna meáin go háirithe, mar theanga ársa. Ní dhéanfaidh sé seo ach cur leis an íomhá éilíteach atá ar an teanga. Glac cás na meán Gaeilge, mar shampla: eachas cartúin, níl aon clár raidió ná clár teilifíse trí mheán na Gaeilge dírithe ar dhéagóirí. Cuir é seo i gcomparáid leis an mBreatnais – mionteanga eile a raibh meath ag teacht uirthi – go dtí gur athraíodh íomhá na Breatnaise le polasaithe cuimsitheacha chun clár Raidió is teilifíse a chur ar fáil as Breatnais. Má tá athrú le teacht ar an scéal, caithfidh an t-aos óg taispeáint go bhfuil an teanga á labhairt ag daoine óga chun dul i ngleic leis seo.

Cén fáth, mar sin, a mbreathnaítear ar lucht na Gaeilge mar dhream ‘eilíteach’? Níl a leithéid de smaoineamh, áfach, iomlán gan chúis

Is cúis dhíomá ollmhór go bhfuil daoine ann sa tír seo a mhothaíonn nach leo an Ghaeilge. An bhfuil freagracht ar na Gaeil mar dhream, mar sin, chun an íomhá a bhaineann leis an teanga a chíoradh? Nó an bhfuil freagracht dul i ngleic le tráchtairí frith-Ghaelacha sna meáin? Ag deireadh na dála, is cuma cén íomhá a bhaineann leis na Gaeil ar an taobh amuigh – fad is go gcuirtear fáilte roimh chách i bhfoghlaim agus saol na Gaeilge. Ní gá bheith éilíteach, nó poblachtánach, ardnósach nó uasal thar aon rud eile i labhairt na Gaeilge. Bímis Gaelach is bímis fáiltiúil.

Is iomaí achmainn atá ar fáil chun tacú le daoine chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Ach ní chiallaíonn sin nach bhfuil bac orainn mar dream chun ár seacht ndícheall a dhéanamh chun meon oscailte agus fáiltiúil a chur chun cinn an t-am uilig. Léiríonn ócáidí faoi leith, cosúil leis an bPop Up Gaeltacht, gur féidir le daoine ó réimse leathan de chúlraí teacht le chéile chun an Ghaeilge a labhairt.

Más cainteoir dúchais tú, nó má tá tú i d’fhoghlaimeoir, tá fáilte romhat i bpobal na nGael. Agus Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh againn i mbliana, cuimhnímis nach mbaineann an Ghaeilge le haon dream faoi leith – is linn ar fad í. I bhfocail an Ríordánaigh: “Buail is osclófar”.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.