Le dhá bhliain anuas, tá ollscoileanna ar fud na tíre ag iarraidh iad féin a dhéanamh níos inrochtana – faoi dheireadh – d’iarrthóirí tearmainn.
Is Ollscoileanna Tearmainn iad Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath – stádas bronnta de thairbhe tionscnaimh, ar nós scoláireachtaí agus cláracha for-rochtana, atá seolta acu chun ardoideachas a oscailt dóibh siúd atá ag cur fúthu in ionaid sholáthar díreach.
Ó thaobh na Tríonóide de, bunaíodh ceithre scoláireacht in aghaidh na bliana d’iarrthóirí tearmainn le déanaí, trí mhí i ndiaidh grúpa oibre a chruthú chun an cheist seo a fhiosrú.
Tá na scéimeanna agus na tionscadail seo de dhíth le fada, agus ní dhéanfaidh siad ach tús a chur le briseadh na gconstaicí os comhair iarrthóirí tearmainn atá ar thóir oideachais in institiúid tríú-leibhéal sa tír seo.
Ach deir lucht an eolais gur léir nach dtiocfaidh fíorathrú ach le gníomhaíocht fhiúntach ón rialtas. Faraor, is léir freisin san iomlán go bhfuil an rialtas neamhthoilteanach chun dul i ngleic mar is ceart le córas atá cáinte go dona ag na Náisiún Aontaithe – agus atá ina “córas aisteach, cruálach” de réir an New Yorker le linn na seachtaine.
Ina ionad sin, d’fhógair an tAire Stáit um Ardoideachais Mary Mitchell O’Connor an tseachtain seo nach mbeidh ar mhic léinn ó ionaid sholáthar díreach ach trí bliana, seachas cúig, a chaitheamh ar scoil in Éirinn chun bheith incháilithe do scéim a thugann rochtain dóibh ar ardoideachas.
Cé go bhfuil fáilte roimh an bheart seo, ní féidir a rá go dtéann sé i bhfeidhm ar an fhadhb mar is cóir. I gcás na mac léinn in ionaid sholáthar díreach, níl sna táillí ach tús an scéil le costas ollmhór an saol ollscoile. Caithfidh siad costais lóistín, iompair agus bia a chur san áireamh – rudaí nár thug an rialtas aghaidh orthu ag staid ar bith.
Is é an comhartha is mó ar neamhábharthacht na scéime ná líon na mac léinn a chuir isteach uirthi anuraidh: is féidir sin a chomháireamh ar lámh amháin.
Agus cé gur dócha go spreagfaidh an cinneadh seo níos mó iarratais, nuair a ghlactar é i gcomhthéacs, is deacair a rá nach é ach deonú suarach ó rialtas atá ag déanamh beag is fiú d’fhadhbanna móra.