Comment & Analysis
Jul 2, 2019

Todhchaí Éiginnte ag na Foilseacháin Ghaelacha de Dheasca Cinneadh Amhrasach

Ón bplean nua atá beartaithe d’fhoilseacháin na Gaeilge, go dtí an cur i láthair leisciúil ó Fhoras na Gaeilge, tá caighdéan níos fearr tuillte ag na Gaeil, dar le Malachi Ó Marcaigh.

Malachi Ó MarcaighEagarthóir na Gaeilge
blank
Foras na Gaeilge, an eagraíocht atá i gceannas ar mhaoiniú na bhfoilseachán Gaeilge.

An Déardaoin seo caite, d’fhoilsigh Foras na Gaeilge – eagraíocht le buiséad €500,000 chun iriseoireacht na Gaeilge a thacú – plean nua faoi thodhchaí na bhfoilseachán Gaelach. Sa doiciméad, deirtear go n-athrófar an chaoi a ndéanfar maoiniú ar earnáil na hiriseoireachta Gaeilge. Ní bheidh ach dhá fhoilseachán ann a mbeidh maoiniú á dhéanamh orthu. Ardófar an maoiniú a chuirtear ar fáil do sheirbhís nuachta ar líne, Tuairisc.ie, go dtí €360,000 in aghaidh na bliana.

Laghdófar an maoiniú don iris litríochta agus cúrsaí reatha Comhar ó €120,000 go dtí €60,000 in aghaidh na bliana, agus beidh deireadh leis an leagan clóite den iris chomh maith. Anuas ar sin, tiocfaidh deireadh leis an iris chultúir, Nós. Úsáidfear an chuid eile den airgead (€80,000) chun dhá scéim nua a chur i bhfeidhm: scéim phrintíseachta do chéimithe iriseoireachta na Gaeilge, agus scéim a chuirfeadh saor-nuachtáin áitiúla lán-Ghaeilge ar fáil sna réigiúin Ghaeltachta.

Cén fáth a bhfuil an plean seo beartaithe ag Foras na Gaeilge? An bhliain seo caite, choimisiúnaigh Foras na Gaeilge Séamus Daltún chun measúnú a dhéanamh agus tuarascáil a scríobh faoi earnáil iriseoireachta na Gaeilge. De réir na tuarascáile, bhí ar Fhoras na Gaeilge teacht ar bhreis airgid, nó bheadh gá ciorruithe a chur i bhfeidhm in earnáil na hiriseoireachta Gaeilge. D’aithin an tuarascáil go raibh na foilseacháin ag brath an iomarca ar obair dheonach agus ar dhea-thoil freisin. Bíodh is go raibh fadhbanna ag baint le hearnáil na hiriseoireachta Gaeilge, mhol an tuarascáil an caighdeán a bhí ar fáil sna foilseacháin.

ADVERTISEMENT

Fiú leis an bhfoclaíocht dhoiléir, is léir nach mbeidh an tseirbhís seo in ann freastal ar phobal na Gaeilge sa chaoi cheart mar a bhí go dtí seo

Is iomaí gearán atá agam faoi chur chuige Fhoras na Gaeilge maidir leis an bplean seo. Cé go n-aithníonn an tuarascáil go bhfuil na foilseacháin ag brath ar obair dheonach agus ar dhea-thoil, níl aon réiteach á mholadh ag Foras na Gaeilge. Ní luaitear an fhadhb sin ar chor ar bith i bplean nua Fhoras na Gaeilge. Anuas ar sin, luaitear sa tuarascáil go raibh bagairt ann dá dtiocfadh deireadh le foilseachán amháin, nach mbeadh sé sláintiúil dá mbeadh “an t-aon dearcadh amháin curtha faoi bhráid an phobail”. Ní aithnítear an fhadhb seo i bplean Fhoras na Gaeilge ach an oiread.

Tairbhe amháin faoin bplean nua seo ná an t-ardú maoinithe don tseirbhís nuachta, Tuairisc.ie ach dar le Foras na Gaeilge, díreoidh an tseirbhís “ar phobal na Gaeltachta, ar phobal eile na Gaeilge, agus ar earnáil na Gaeilge”. Chomh maith leis sin, luaitear nach bhfuil sé i gceist go rachaidh an suíomh in iomaíocht le mórsholáthróirí nuachta eile nó, “le hábhair lasmuigh de na réimsí seo a chlúdach”. Fiú leis an bhfoclaíocht dhoiléir, is léir nach mbeidh an tseirbhís seo in ann freastal ar phobal na Gaeilge sa chaoi cheart mar a bhí go dtí seo.

Tá próiséas comharliúcháin ar siúl faoi láthair maidir leis an bplean seo atá beartaithe ag Foras na Gaeilge. Ach is ar éigean gur féidir liom a chreidiúint gur próiseas comhairliúcháin é seo ar chor ar bith. Próiseas casta atá ann, agus níl ach coicís ag pobal na Gaeilge chun dul i dteagmháil le Foras na Gaeilge chomh maith. Dá mbeadh tuairimí an phobail uathu, bheadh próiseas i bhfad níos simplí acu, agus bheadh níos mó ama ag an bpobal chun dul i dteagmháil leo.

An Aibreáin seo caite, bhí bagairt ann go gcaillfeadh The University Times an chuid is mó dá mhaoiniú. Ba léir, dá ngearrfaí an maoiniú don pháipéar seo, go dtiocfadh deireach leis. Má ghearrtar an maoiniú a chuirtear ar fáil d’iris Comhar, an rud céanna a bheidh i gceist. Is ball de bhord Comhar é m’athair agus is léir go mbeidh an iris ag streachailt má chuirtear na hathruithe i bhfeidhm. Eagraíonn Comhar comórtais litríochta do pháistí meánscoile agus do mhic léinn go rialta. Le ciorruithe i bhfeidhm, tá seans maith go dtiocfaidh deireadh leis na comórtais, agus caillfidh an t-aos óg a nasc le saol liteartha na Gaeilge dá bharr.

Ní chóir go mbeadh ar lucht na Gaeilge cinneadh a dhéanamh idir scéim printíseachta iriseoireachta nó an maoiniú ceart a thabhairt d’fhoilseacháin Ghaelacha. Ach sin go díreach cad atá ar siúl faoi láthair

Má chuirtear na hathruithe seo i bhfeidhm, is pobal na Gaeilge a bheidh thíos leis. Is iris chultúir den scoth í Nós, agus foilsíonn sé ailt dhifriúla nach n-aimseofá ar sheirbhís nuachta. Braitheann sé amhail is go bhfuil Foras na Gaeilge ag déanamh dearmaid ar an aos óg, agus ag déanamh dearmaid ar na Gaeil atá lonnaithe sna caithreacha.

Táimid céasta idir dhá thine Bhealtaine: ní chóir go mbeadh orainn roghadh a dhéanamh idir iris litríochta nó scéim nua nuachtlitreacha don Ghaeltacht. Ach sin go díreach cad atá ar siúl faoi láthair, sa doiciméid, cuirtear ceist orainn “tosaíochtaí caiteachais” eile a mholadh ionas gur féidir cur leis an maoiniú don earnáil seo.

Sa bhealach céanna: Is cinnte go bhfuil fáilte roimh scéim printíseachta don iriseoireacht trí mhéan na Gaeilge. Ach ní chóir go mbeadh ar lucht na Gaeilge cinneadh a dhéanamh idir scéim printíseachta iriseoireachta nó an maoiniú ceart a thabhairt d’fhoilseacháin Ghaelacha – go háirithe agus líon na bpostanna agus an méid airgid don earnáil sin á laghdú ag Fhoras na Gaeilge ag an am céanna. Anuraidh, thuairiscigh The University Times ar an gcúrsa máistreachta nua maidir le cleachtas gairmiúil sna meáin atá á chur ar fáil ag RTÉ agus ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Léiríonn an cúrsa sin gur féidir tús a chur le scéim nua gan deireadh a chur leis na seirbhísí a bhí ar fáil cheana – cén fáth nach féidir an rud céanna a dhéanamh sa chás seo?

Ag deireadh na dála, tá cur chuige Fhoras na Gaeilge le cáineadh anseo. Ní luaitear an moladh sa tuarascáil chun breis airgid a lorg nó fiú aon iarrachtaí a rinne Foras na Gaeilge chun níos mó maoinithe a sholáthar. Ní dhéanann Foras na Gaeilge tagairt do nithe eile faoi leith den tuarascáil cosúil le foilseacháin ag brath ar obair dheonach, nó an dáinséar a d’aithin an tuarascáil má chuirtear deireadh le foilseachán amháin. Is tearc rud a bheidh ar fáil do léitheoirí óga muna bhfuil suim acu sa nuacht. Tá an próiséas comhairliúcháin róchasta, le tréimhse róghairid don phobal a thuairimí a chur in iúl. Tá cur chuige i bhfad níos fearr ná seo tuillte ag na Gaeil.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.