Tháinig breis agus 80 mac léinn le chéile ó institiúidí tríú leibhéal an tseachtain seo caite do Thraenáil na gCumann Gaelach agus na nOifigeach Gaeilge. Is ócáid ar leith é seo a eagraíonn Conradh na Gaeilge i bpáirt le hAontas na Mac Léinn in Éirinn go bliantúil ar mhaithe le forbairt a dhéanamh ar na cumainn agus oiliúint a chur ar choistí i leith stiúradh agus rathúlacht a gcuid imeachtaí féin.
Is ócáid fíor-luachmhar é seo do na cumainn ollscoile seo agus sa chaoi chéanna le Pink Training don phobal LADT eagraithe ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn.
Tá dlúth nasc ag an mborradh atá tagtha ar na cumainn seo le blianta beaga anuas agus aidhmeanna an fheachtais nua #Gaeilge4All. Seoladh an feachtas nua seo le déanaí leis an nGaeilge a chosaint agus a láidriú sa chóras oideachais chun go mbeidh eispéireas sásúil foghlama Gaeilge ag gach dalta sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Tá gréasán leathan Cumann Gaelach sna hinstitiúidí tríú leibhéal ar fud fad na tíre. Is grúpaí sóisialta iad na cumainn, leis an dteanga a spreagadh i mbealach neamhfhoirmiúil agus nádúrtha. Déanann na cumainn ceiliúradh ar an teanga agus ar an gcultúr Gaelach, trí imeachtaí sóisialta agus acadúla a eagrú do bhaill an Chumainn, an choláiste agus an pobal ollscoile. Is deacair gan iad a fheiceáil le linn sheachtain na bhfreisear nó ar laethanta na gCumann, agus tá ballraíocht na gcumann ag dul i méid sna hinstitiúidí éagsúla ó bhliain go bliain.
Cúis amháin go n-éiríonn leo ná toisc go mbíonn deis ag daoine óga an Ghaeilge a úsáid go sóisialta agus dul i dtaithí ar bhealach nua. Creidimid nár chóir go mbeadh ar daoine óga fanacht go dtí a laethanta ollscoile leis an eispéireas seo a fháil, agus gur ghá admháil go bhfuil an córas don Ghaeilge inár gcóras oideachais briste. Creidimid, san fheachtas #Gaeilge4All, go bhfuil an t-am tagtha chun na fadhbanna a shocrú ar bhealach iomlánaíoch agus cuimsitheach. Tá sé in am aghaidh a thabhairt ar na fíor-shaincheisteanna.
Seoladh an feachtas nua seo le déanaí leis an nGaeilge a chosaint agus a láidriú sa chóras oideachais
De réir suirbhé ó Kantar Millward Brown in 2019, aontaíonn 64 faoin gcéad go bhfuil gá le hathchóiriú sa chóras oideachais in Éirinn le cinntiú go gcríochnaíonn gach scoláire a gcuid oideachais le leibhéal cumasach sa Ghaeilge (ní raibh ach 11 faoin gcéad ina choinne seo). Sa tsuirbhé chéanna, aontaíonn 64 faoin gcéad gur cheart go bhfanfadh an Ghaeilge mar chroí-ábhar, i. go ndéanfadh gach dalta staidéar uirthi go dtí an Ardteist (ní raibh ach 14 faoin gcéad ina choinne) agus aontaíonn 63 faoin gcéad gur chóir go mbeadh polasaí cuimsitheach ann a nascann múineadh na Gaeilge le linn thréimhse iomlán an oideachais, i. ón réamhscoil go bunscoil, go meánscoil go dtí an tríú leibhéal (ní raibh ach 11 faoin gcéad ina choinne seo)
Tá a fhios againn, bunaithe ní amháin ar thorthaí shuirbhé Kantar Millward Brown maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais ach chomh maith leis sin bunaithe ar na mílte mílte trácht ar na meáin shóisialta, litreacha chuig eagarthóirí, ailt nuachtán, pobalbhreitheanna agus níos mó thar na blianta, go bhfuil an pobal taobh thiar d’athchóiriú.
De réir suirbhé ó Kantar Millward Brown in 2019, aontaíonn 64 faoin gcéad gur cheart go bhfanfadh an Ghaeilge mar chroí-ábhar go dtí an Ardteist
Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, TD, polasaí cuimsitheach bunaithe ar fhianaise a chur le chéile, den chéad uair ó bunaíodh an Stát, don Ghaeilge inár gcóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Cinnteoidh beartas cuimsitheach agus struchtúrtha den sórt sin, a bhfuil ionchur leordhóthanach aige ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara, cur chuige comhcheangailte don Ghaeilge ag gach céim sa chóras oideachais. D’aithneofaí ina leithéid de pholasaí ról lárnach ár scoileanna, ár múinteoirí, ár dtuismitheoirí, ár bpobal agus na mac léinn féin sa turas foghlama Gaeilge.
Is cúis mhór bróin é gur eisceachtaí ó riail iad na daoine ar an Ollscoil a raibh taithí dearfach acu leis an nGaeilge ar scoil toisc go raibh orthu plé le córas oideachais atá briste, ach is iontach an rud é go mbíonn an deis sin ag gach éinne athmhachnamh a dhéanamh ar na tuairimí sin nuair atá siad ar an ollscoil. Ach cad chuige go bhfuil orainn fanacht go dtí an ollscoil leis an eispéireas sin a fháil? Réitímis na fadhbanna, ná seachnaímis iad. Tugaimis an deis do gach dalta, ar gach leibhéal cumais an Ghaeilge a fhoghlaim agus tugaimis gach tacaíocht dóibh. Tacaímis lenár múinteoirí agus cuirimis breis tacaíochta ar fáil dóibh. Bainimis úsáid as dea-chleachtas idirnáisiúnta le freastal ar gach páiste. Coinnímis an Ghaeilge mar chroí-ábhar Ardteiste agus réitímis na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras.
Déanaimis seo le chéile – déanaimis anois é. Tá an feachtas oscailte do chách ar mian leo páirt a ghlacadh ann, agus ról ann do chách – mic léinn atá sa chóras oideachais go fóill ach go háirithe.
Céard is féidir libh déanamh? Tá breis agus 11,000 i ndiaidh a n-ainm a chur le hachainí ag www.gaeilge4all.ie, agus molaimis daoibhse é sin a dhéanamh freisin! Bígí linn ar na meáin shóisialta agus tapaígí an deis páirt lárnach a ghlacadh.