Ní heol dá lán go bhfuil deiseanna fostaíochta le fáil leis an nGaeilge taobh amuigh den tír seo. Is mór an trua é, ach ceaptar nach bhfuil aon áit don teanga ar leibhéal domhanda. Níl sé sin fíor ar chor ar bith. Má tá cruinneas agus suim sa Ghaeilge agat, níl tú teoranta sa tír seo. Tá sí beo, agus tá sí le cloisteáil go fuinniúil ar an mórthír.
Ar an 13ú de Mheitheamh 2005, shocraigh Comhairle na nAirí sa Bhruiséil go mbeadh sí mar theanga oifigiúil an Aontais Eorpaigh ó Eanáir 2007 amach. Anuas air sin, beidh sí mar theanga oifigiúil agus oibre iomlán de chuid an Aontais Eorpaigh ó Eanair 2022 amach, agus ciallaíonn sé go mbeidh an Ghaeilge ar an leibhéal céanna leis an bhFraincis, leis an mBéarla agus a leithéid. Mar sin, caithfear na hachmhainní céanna a thabhairt chun treoracha, reachtaíocht agus tras-scríbhinn na parlaiminte a aistriú go Gaeilge. Is iontach an rud é, ach an bhfuil ár gcóras oideachais ag déanamh a dhícheall a mhealladh sa treo seo, agus iad a ullmhú i gceart?
I ráiteas ríomhphoist don University Times, dúirt Eoin Mac Domhnaill, dlítheangeolaí i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go bhfuil “an líon ba mhó dlítheangeolaithe san Aontas ag obair in Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais ag an gCúirt Bhreithiúnais i Lucsamburg.” Tá tréimhsí oiliúna íoctha curtha ar fáil ag an gCúirt Bhreithiúnais chun taithí oibre a thabhairt do dhlítheangeolaíthe uaillmhianacha gach bhliain. Is iontach an rud é seans a fháil saol na mórthíre a bhlaiseadh, in éineacht le páirt a ghlacadh le dhul chun cinn an Ghaeilge sa domhan mór.
Nuair a léigh mé faoin méid deiseanna atá ar fáil leis an aistriúchán san Aontas Eorpach, thosaigh mé ag smaoineamh. Má atá sé ar intinn agat céim sa Dlí a bhaint amach ó Choláiste na Tríonóide, is féidir Fraincis agus Gearmáinis a dhéanamh in éineacht leis. Ach má tá céim sa Dlí agus Gaeilge ag teastáil uait, caithfidh tú cur isteach ar Choláiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh. Cad is cúis leis sin? I ráiteas ríomhphoist don University Times, níor aithnigh Mark Bell, Ceannasaí Scoil an Dlí i gColáiste na Tríonóide, go bhfuil fadhb ag baint leis seo. Chuir sé an locht ar Chlár Oideachas na Tríonóide: “I láthair na huaire, táimid ag díriú ar na n-athruithe a bheas i gceist leis na modúil atá againn cheana féin mar gheall ar na struchtúir nua a bhaineann le Chlár Oideachas na Tríonóide.” An moladh atá aige dóibh siúd atá suim acu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ná modúil roghnacha darb ainm Teanga agus Cultúr na Gaeilge a phiocadh.
Níl sé sin sásúil, dar liomsa. D’fhoilsigh EPSO – an eagraíocht atá i gceannas ar an bhfostaíocht in instituidí an AE – tuarascáil i mbliana ina deirtear go bhfuil easpa aistritheoirí cáillithe acu anois, agus meastar go bhfuil méadu 40 faoin gcéad chun teacht ar líon na n-aistritheoirí a bheidh ag teastáil ó 2022 ar aghaidh.
Bíonn scileanna dlí comparáideacha in úsáid ag dlítheangeolaithe sa Chúirt Bhreithiúnais chun réitigh aistriúcháin a aimsiú ar choincheapa dlíthiúla a thagann ó na 28 mBallstát éagsúla
Caithfear plé a dhéanamh ar chonas mic léinn óga a mhealladh i dtreo na hEorpa agus tosaíonn sin ag leibhéal fóchéime. Muna bhfuil buntuiscint faighte ag na mic léinn seo ar an nGaeilge agus an tearmaíocht dlíthúil atá ag teastáil chun an aistriúchán a phiocadh suas go héasca níos déanaí, beidh siad fágtha ina dhiaidh i gcomparáid lena gcomrádaithe ar fud na hEorpa. Má táimid ag iarraidh an an-iomra seo a choimead ar an nGaeilge, caithfear go mbeadh líon, agus caighdeán, na n-aistritheorí árd. Dar le Eoin Mac Domhnaill, tá scileanna éagsúla de dhíth ag daoine atá ag cur isteach ar na postanna seo: “Bíonn scileanna dlí comparáideacha in úsáid ag dlítheangeolaithe sa Chúirt Bhreithiúnais chun réitigh aistriúcháin a aimsiú ar choincheapa dlíthiúla a thagann ó na 28 mBallstát éagsúla, saothar dlí suimiúil atá ann.” Bíonn sé ríthábhachtach gur féidir le hiarrthóirí aistriúchán a dhéanamh ar tearmaí dlí, dar leis: “Caithfidh an cumas a bheith acu chun téacsanna casta dlí a aistriú go Gaeilge.” Is iomaí buntáiste, mar sin, a bhaineann le tuiscint bhúnúsach a fháil ar na cúrsaí seo ag leibhéal fochéime sula chuirtear isteach. Agus tá muintir na Tríonóide faoi mhíbhuntáiste.
Cén réiteach atá ar fáil do chéimí dlí na Tríonóide a bhfuil suim acu obair leis an nGaeilge? Tá trí árd-dioplómaí ar fáil in Óstaí an Rí maidir le seo: Dlítheangeolaíocht, Aistriúchán Dlíthúil agus Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge. Tá céim sa Dlí riachtanach do na cúrsaí faoin dlítheangeolaíocht agus dlí-chleachtadh trí Ghaeilge a dhéanamh. Is cúrsaí páirt-aimseartha atá i gceist leo, agus caithfear ard-chaighdeán sa Ghaeilge a léiriú chun a bheith glactha leo. Ag caint leis an University Times, dúirt Daithi Mac Carthaigh, comhordaitheoir na Gaeilge in Óstaí an Rí go mbíonn “cásanna os comhair na mionchúirteanna agus na Ceithre Cúirteanna as Gaeilge an t-am ar fad”. Mar sin, tá dlíodóirí le Gaeilge ag teastáil chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na nGaeilgeoirí a thagann os comhair na cúirte. Cháin Mac Carthaigh Scoil an Dlí i gColáiste na Tríonóide go láidir don chaoi a bhfuil siad ag tabhairt neamhaird ar an eolas seo: “Ní fheiceann siad gá (leis an nGaeilge). Tá sé craiceáilte leis an mBreatimeacht agus an méid atá is a bheidh le déanamh leis an Aontas Eorpach!”.
Tá sé thar am ag Scoil an Dlí anseo i gColáiste na Tríonóide aitheantas a thabhairt ar na firicí seo. Ní mór dóibh mic léinn na Tríonóide a ullmhú i gceart don fhórsa saothair domhanda, agus iarracht dhíograiseach a dhéanamh a tionchar a úsáid chun tacaíocht cheart a thabhairt don teanga. Tá pobal beomhar Gaelach le feiceáil i measc ár mic léinn – tá Cumann Gaelach agus Scéim Chónaithe thar barr againn – agus tá an-éileamh ann. Tá baol ann nach mbeidh a dhóthain aistritheoirí caillíthe in am do 2022, agus tá páirt le glacadh ag Coláiste na Tríonóide chun é seo a réitiú. Tá siad ag cliseadh ar mhuintir Gaelach an Choláiste. Caithfear stop a chur leis an séanadh seo.