Comment & Analysis
Oct 4, 2019

San Oideachas, Ní Féidir Luach a Bhunú ar Deiseanna Fostaíochta

Tá an iomarca béime á chur againn ar an gcaoi a dtacaíonn an Ghaeilge leis an saol gairmiúil, dar le Malachi Ó Marcaigh.

Malachi Ó MarcaighEagarthóir na Gaeilge
blank
Sinéad Baker for The University Times

Agus mé níos mó ná leathbhealach tríd mo chúrsa fochéime, éiríonn an cheist faoin bplean atá agam i ndiaidh an choláiste níos práinní gach lá. Táim cráite ag na comhráite a bhíonn agam faoin todhchaí atá romham ar bhonn rialta. Comhráite ainniseacha atá iontu – pléitear intéirneachtaí, taithí oibre, cúrsaí iarchéime agus an saol oibre go minic.

Is minic atá cloiste agam faoi na deiseanna oibre atá ann dóibh siúd le Gaeilge. I ngach comhrá, insítear dom go bhfuil an t-Aontas Eorpach ag earcú ateangairí, teangeolaithe agus a leithéid de deiseanna dóibh siúd a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu. Tá an méid sin éilimh ann, go bhfuil cúrsaí iarchéime ar fáil in Óstaí an Rí dóibh siúd atá ag iarraidh obair san earnáil sin.

Ach tá baol ag baint leis na comhráite seo. Ní chóir breathnú ar an ardoideachas mar ullmhúchán don saol oibre amach anseo. Is féidir scileanna úsáideacha a fhoghlaim agus tú sa choláiste, cinnte, ach ní hé sin atá i gceist leis an oideachas ar chor ar bith. Is meon cadránta é agus má leantar ag smaoineamh faoin oideachas sa dóigh seo is na glúnta amach romhainn a bheidh thíos leis.

ADVERTISEMENT

Táim den bharúil go bhfuil an iomarca béime á chur againn ar an gcaoi a dtacaíonn an Ghaeilge leis an saol gairmiúil. Ní rud nua é – agus is cinnte nach bhfuil sé teoranta don Ghaeilge amháin. Sna comhráite uilig faoin ardoideachas, labhraítear faoi na deiseanna fostaíochta gur féidir fháil as na cursaí, agus, ag laehanta oscailte, pléitear na daoine iomráiteacha a rinne staidéar ar an ábhar.

Níl modh ar bith ann chun an luach a bhaineann leis an oideachas a mheas. Mar sin, ní féidir linn labhairt faoin nGaeilge amhail is gurb é an luach gairmiúil a bhaineann léi an rud is tábhachtaí fuithi.

Níl modh ar bith ann chun an luach a bhaineann leis an oideachas a mheas

Is é Teastas Eorpach na Gaeilge an t-aon scrúdú caighdeánach as Gaeilge atá bainteach le Comhlachas na dTástálaithe Teanga san Eoraip. Tá fás ollmhór tar éis teacht ar Teastas Eorpach na Gaeilge, agus eagraítear scrúdaithe ar fud an domhain. Sílim féin go bhfuilimid róghafa le cáillíochtaí agus le teastas.

De réir an tseanfhocail: “Beatha teanga í a labhairt”. Is éard is brí le beatha na teanga ná an cultúr, an litríocht, agus na daoine a labhraíonn í. Níl aon bhaint ag teastais, nó cáillíochtaí le beatha na teanga. Táimid ag cur an iomarca spéise sa Ghaeilge agus na deiseanna fostaíochta a bhaineann léi, ná ligimis na gnéithe is tábhachtaí den teanga i ndearmad.

An bhfuil tionchar ag an nGaeloideachas ar an bhfadhb seo? Is údar aoibhnis é go bhfuil fás ag teacht ar an teanga trí mheán an oideachais gan dabht. Ní féidir labhairt faoin nGaeilge sa chóras oideachais gan trácht a chloisteáil faoi na pointí breise atá ar fáil dóibh siúd a dhéanann an Ardteistiméireacht trí mheán na Gaeilge. Ach mar a léiríonn na pointí breise, ó aois óg táimid ag smaoineamh ar na buntáistí a thugann an Ghaeilge dúinn. An gcuidíonn na coinníollacha seo leis an íomhá a bhaineann leis an teanga? Nó an bhfuil an buntáiste a fhaightear as ucht foghlaim trí Ghaeilge ag cur srian ar an mbealach a bhreathnaítear ar an teanga?

Ní hionann an Ghaeilge agus BESS, nó an innealltóireacht agus caithfear cuimhniú ar sin agus cúrsaí oideachais á bplé againn

Cúpla bliain ó shin, sheol an comhlacht Gradireland, le tacú ó Fhoras na Gaeilge, feachtas darb ainm “Do Ghairm le Gaeilge” – dírithe ar chéimithe – chun aird a tharraingt ar na deiseanna fostaíochta a bhaineann leis an nGaeilge. Ní chóir luach na teanga – nó teanga ar bith – a bhunú ar na deiseanna fostaíochta a bhfaightear as.

Ach ní féidir an locht a chur ar eagraíochtaí Gaeilge. Níl uathu ach an teanga a chur chun cinn, go háirithe leis an díospóireacht atá ann faoi thábhacht na teanga. Fós féin, ní hionann an Ghaeilge agus BESS, nó an innealltóireacht agus caithfear cuimhniú ar sin agus cúrsaí oideachais á bplé againn.

Ní fhéadfaí a shéanadh go bhfuil tábhacht ag baint leis an nGaeilge sa saol gairmiúil. Ach agus an comhrá seo ar siúl againn, bímis cinnte nach ndéanaimid dearmad gur teanga ársa í agus gur cóir an meas ceart a léiriú uirthi.

Amach anseo breathnóimid siar ar an meon seo a bhí againn i leith an oideachais – go háirithe an earnáil tríú-leibhéil – agus aithneoimid gur botún é chun a bheith ró-dírithe ar an saol oibre. Ná déanaimis an rud céanna leis an nGaeilge.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.