Beagnach bliain ó shin, vótáil mic léinn ag Comhairle Mac Léinn Ollscoil Uladh ar son comharthaí dátheangacha – as Gaeilge agus as Béarla – a úsáid d’Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Uladh. In ainneoin seo, níl toradh rath an vóta le feiscint ar champas – toisc nach bhfuil Gaeilge ar bith le feiceáil ar na comharthaí go dtí seo.
Ach tá cúiseanna tromchúiseacha faoin bhfáth nach bhfuil comharthaí dátheangacha le feiceáil go fóill. Creideann Cathaoirleach na n-Aontachtaithe Óga, Joshua Lowry go mbeadh “ordlathas an chomhionnanais” a bheadh i gceist le comharthaí dátheangacha. Ag labhairt leis an Belfast Telegraph, dúirt Lowry: “Cruthaíonn sé ordlathas chomhionnanais a léiríonn go bhfuil an Ghaeilge níos tábhachtaí ná na teangacha eile a labhraítear san ollscoil seo, le Mandairínis, Polainnis, Portaingéilis agus Ultais san áireamh.”
Is údar díoma é nach féidir leis an teanga éalú ón bpolaitíocht fiú in ollscoileanna, go háirithe in áit a bhfuil an léann níos tábhachtaí ná aon rud eile. Ach léiríonn tráchtanna Lowry gurb é sin mar atá in Ollscoil Uladh: “An dara rud ná, is cleas polaitiúil é seo nach bhfuil aon bhaint aige le spreagadh na Gaeilge, ach a chinntíonn go mbeidh an ollscoil seo dofháilteach d’aontachtaithe, agus do dhaoine nach dtacaíonn leis an gclár poblachtánach san ollscoil seo.”
“Mothaíonn muid go gcruthóidh seo atmaisféar dofháilteach ag an ollscoil, agus cuirfidh sé bac ar aontachtaithe chun an cinneadh a dhéanamh freastal ar Ollscoil Uladh.”
Tá sé tábhachtach go leanaimid orainn ag cur na Gaeilge chun cinn
Deacracht amháin leis an bplean seo ná go ndearna Comhairle na Mac Léinn an cinneadh, seachas na haontais mac léinn iad féin. Tá ceithre aontas na mac léinn acu in Ollscoil Uladh, ceann do gach campas: Béal Feirste, Baile Shiurdáin, Cúil Raithin agus Doire.
Ach níl na tuairimí naimhdeacha i leith na teanga teoranta go dtí polaitíocht na mac léinn. Dúirt Rosemary Barton, urlabhraí an oideachais d’Aontachtaithe Uladh gur pramsáil pholaitiúil ata i gceist leis an gcinneadh. Lean sí ar aghaidh, ag rá: “Is é an t-iompar seo a dhéanann uirlis pholaitiúil de teanga na Gaeilge i dtreo clár náisiúnach nó poblachtánach, seachas ag obair le bainistíocht do theanga mhionlach.”
Tá guthanna láidre le cloisteáil ar an dá thaobh den díospóireacht fhíochmhar seo. Bhí Seanadóir ó Shinn Féin Niall Ó Donnghaile i bhfábhar an chinnte ó chomhairle na mac léinn. “Is céim chun tosaigh tairbheach é seo agus léiríonn sé go bhfuil méadú ag teacht ar an suim sa teanga agus méadú ar éileamh ó chainteoirí Gaeilge chun a gnó a dhéanamh trí mhéan na Gaeilge.”
Lean Ó Donnghaile ar aghaidh, ag rá: ,“Tá sé tábhachtach go leanaimid orainn ag cur na Gaeilge chun cinn; éagsúlacht teangeolaíochta, ag déanamh ionadaíochta ar teanga, go háirithe teanga dúchais, a chuireann nithe soisialta agus eacnamaíocha chun cinn.” Léiríonn seasaimh na bpáirtithe seo an seasamh atá acu i leith na teanga i gcoitinne.
Bhíodh comharthaí Gaeilge le feiceáil in Ollscoil na Ríona go dtí an bhliain 1997, ach baineadh iad nuair a luaigh an Coimisiún um Fhostaíocht Chóir gur chuir sé as do mhic léinn Protastúnacha san Ollscoil.
Cúpla seachtain ó shin, cuireadh tús leis an bhfeachtas ar mhaithe le comharthaí dáteangacha in Ollscoil na Ríona in athuair. Ní fhéadfá a shéanadh nach raibh frustrachas le braistint i measc na mac léinn ón gCumann Gaelach in Ollscoil na Ríona. Ba léir é seo ón bpostáil a rinneadh ar na meáin shóisialta inar éiligh siad go fíochmhar le haghaidh comharthaí dátheangacha: “Naoi seachtain déag ónar chríochnaigh an próiseas chomhairliúcháin ar an pholasaí chomhionnanais, cá bhfuil na torthaí? 27 seachtaine ónar éiligh níos mó ná 1000 duine comharthaí dátheangach, cá bhfuil siad?”
Lean an ráiteas ar aghaidh: “Tá éileamh láidir agus soiléir ann faoi choinne Ollscoil dátheangach, Ollscoil a n-aithníonn cearta a mic léinn. Seo snáithe nua daoibh ag taispeáint pobal na Gaeilge san ollscoil agus iad ag tacú leis an Ghaeilge ar an Champas.”
Tá sé i gceist ag an gCumann Gaelach in Ollscoil na Ríona pictiúir a roinnt ar na meáin shóisialta de mhic léinn agus de bhaill foirne a bhfuil comharthaí dátheangacha ag teastáil uathu. Sa chéad phostáil, bhí an tOllamh Míchéal Ó Mainnín.
Toghadh an chéad Oifigeach Gaeilge d’Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Ríona anuraidh freisin. Ba é Aodhán Ó Baoill an chéad Oifigeach na Gaeilge d’Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Ríona. Vótáil 76 faoin gcéad de 1,267 mac léinn ar a shon an Mhárta seo caite. Tá a lán oibre roimh Ó Baoill chun stádas na Gaeilge ina ollscoil a neartú.
Tá an cuma ar an scéal go bhfuil an Coláiste sásta tacaíocht theoranta a thabhairt do sheasamh na Gaeilge san ollscoil, ach go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh conspóid a sheachaint.
Gan aon réitiú le feiceáil sa deighilt pholaitiúil ollmhór ó Thuaidh, tá todhchaí éiginnte ag stádas na Gaeilge in Ollscoileanna an Tuaiscirt.