An tseachtain seo cuireadh tús le feachtas toghchánaíochta Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU).
San rás uachtaránachta is suimiúla le fada, cuireadh brú ar an triúr iarrthóirí – Eoin Hand, Ryan Carey agus Harry Williams chun labhairt faoin deighilt idir an micrea agus an macra i bpolaitíocht an aontais.
An tús an toghcháin, ba léir go raibh dhá champas san rás uachtaránachta. Bhí Carey, an t-iarrthóir a bhfuil an taithí is mó aige le feachtasaíocht na Mac léinnn agus Comhairle TCDSU, ag cinntiú de go mbeadh fadhbanna náisiúnta polaitíochta á bplé.
Ar an lámh eile, bhí Hand agus Williams, beirt iarrthóirí neamhthraidisiúnta, ag brú a stádas mar “éin chorr” chun a bhfíseanna ar aontas atá gafa le fadhbanna áitiúla, ar nós níos mó soicéid chumhachta agus micreathonnáin a lorg, a chur chun cinn.
Ach le cúpla anuas tá athrú suntasach tagtha ar an rás. Tá an triúr iarrthóirí tar éis fadhbanna náisiúnta a phlé go minic, cosúil leis an ngéarchéim maoinithe don ardoideachas agus stádas na Gaeilge. Is léir nach bhfuil aon mholadh tuillte ag Williams dá straitéis neamhpholaitiúil. Ach d’athraigh Hand a threo go hiomlán – laistigh de chúpla lá, chuaigh an t-iarrthóir ó na seanfhadhbanna de rochtain agus spéis san aontas, go dtí tuarascáil Cassells agus an Acht Gaeilge ó 2003.
An rud a tháinig chun cinn an tseachtain seo ná go bhfuil dlúthbhaint ag an bpolaitíocht le TCDSU, agus tá sé mímhacánta iarracht a dhéanamh aontas neamhpholaitiúil a rith. In ainneoin na ngearán ar fad faoin easpa spéise le TCDSU, tá níos mó spéise léirithe ann ná aontais eile, agus d’fhéadfaí a áiteamh go bhfuil an tábhacht a leag an aontas ar fheachtais náisiúnta freagrach as sin.
Cé gur tháinig na fadhbanna coitianta ó gach treimhset toghcháin chun cinn an tseachtain seo, níor éirigh leis an smaoineamh gur cóir don aontas díriú ar fhadhbhanna áitiúla amháin.