Tá athrú ollmhór ag teacht ar an saol mar a bhí aithne againn air, agus an tsochaí ina chíor tuathail de dheasca an choróinvíris.
Ach do mhic léinn na Tríonóide – go háirithe dóibh siúd ó thar lear – ina gcónaí i lóistín an Choláiste, chuaigh cúrsaí in olcas arís aréir, nuair a insíodh dóibh go raibh 48 uair acu chun a lóistín a fhágáil, “go dtí go bhfógrófar a mhalairt”.
Is deacar cinneadh an Choláiste gan móran feasa a thabhairt dá gconaitheoirí a thuiscint.
Níl aon dul amú ar éinne maidir le scála an dúshláin roimh an tír, ach muna bhfuil rún éigin ar eolas ag an gColáiste, níl sé freagrach chun mic léinn a chuir amach i lár pandéime.
Do mhic léinn idirnáisiúnta, níl ach dhá lá acu chun pacáil agus eitilt abhaile a aimsiú. Agus tá sé dóchúil go mbeidh ar roinnt dóibh dul ar choraintín ón stáit. Is í seo an fhírinne do roinnt mac léinn, mar gheall ar chinntí an Choláiste.
Agus cé nach bhfuil tionchar ollmhór ar mhic léinn Éireannacha, tá i bhfad níos lú ama acu: i níos lú ná ocht uair a chloig, beidh orthu fhágáil agus áit nua aimsithe acu.
Tá impleachtaí millteacha ag baint le cinneadh an Choláiste. Is cinnte go bhfuil formhór na mac léinn tar éis a lóistín a fhágáil, agus is cinnte go bhfuil freagracht faoi leith ag an gColáiste bac a chur ar spré an ghalair – ach ní chiallaíonn sin go bhfuil deireadh leis an dualgas cúraim atá acu dóibh siúd atá fós ina gcónaí ina lóistín.
Cé gur féidir leis an gColáiste a áiteamh go bhfuil a lóistín mar áit phoraithe don víreas, d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi aon arásán i mBaile Átha Cliath. Ní féidir daoine a dhíbirt óna dtithe, ach sa Choláiste breathnaítear ar mar an chinneadh ceart.
An rud is tábhachtaí anseo ná go bhfuil an Coláiste ag díbirt mac léinn – i slua. Is tearc tiarna talún a d’fhéadfadh é seo a dhéanamh dá gconaitheoirí, agus gan aon bhaol píonóis.
Agus iad ag ordú do mhic léinn chun fhágáil, tá an Tríonóid sásta dul sa seans leo in am an ghátair.