An tseachtain seo, thuairiscigh an nuachtán seo faoi na táillí “maifiach”, a bheadh le híoc ag mic léinn i Hallaí dá mbeadh orthu fanacht níos faide ná mar a bhí pleanáilte.
Bhí sé beagnach ró-scigaithriseach le bheith fíor. I dtosach báire, leathnaigh an Coláiste an tréimhse measúnaithe go dtí 15ú Bealtaine, agus b’éigean do mhic léinn a bhí idir dhá chomhairle maidir le filleadh ar an mbaile fanacht i lóistín an Choláiste. Ansin dúradh leo go mbeidh orthu €30 in aghaidh an lae a íoc don phribhléid.
Rinne an Coláiste an cinneadh ciallmhar chun an tréimhse measúnaithe a leathnú ionas go laghdódh brú ar mhic léinn (cé gur bhain fadhbanna amchláir den toradh deiridh).
Is doiligh a thuiscint cén fáth ar cheap an Coláiste gur smaoineamh maith a bheadh ann chun táillí a ghearradh ar mhic léinn chun fanacht, leathbhealach tríd tréimhse scrúdaithe a mbeidh a lán brú ag baint léi.
Muna raibh seo áiféiseach go leor, d’éirigh cúrsaí níos measa arís nuair a d’fhógair an Coláiste treoir eile a chuirfeadh cónaitheoirí atá ag fanacht i Hallaí san fhoirgneamh céanna ó 17ú Bealtaine ar aghaidh.
Beag bean ar na rialacha leighis a shárófar leis an gcéim seo, éiríonn sé i bhfad níos deacra glacadh leis an mbeartas seo nuair a thógtar san áireamh go ndearna an Coláiste an cinneadh chun mic léinn a dhíbirt laistigh de 48 uair a chloig ar mhaithe le cúrsaí sláinte.
Is beag an t-iontas go bhfuil an Coláiste ag leanúint leis ag déanamh praiseach da bhainistíocht lóistín – seans gurb é sin an droch-chomhartha is mó atá ann.
Ach tá sé go hiomlán as alt go bhfuil na scéalta seo ag teacht chun solais de shíor, fiú le hoifigigh an Choláiste ag geallúint go bhfuil sé mar thosaíocht acu mic léinn a chosaint le linn na paindéime. Is beag seans a bheidh ag mic léinn chun “sos a ghlacadh” (mar a mhol ríomhphost amháin) má tá buairt orthu faoin dóchúlacht go mbeidh cíos ríchostasach á íoc acu – ar feadh i bhfad.
An mhí seo caite, cháin an Bord Eagarthóireachta seo an Coláiste as ucht mic léinn a dhíbirt le linn na paindéime. Ceithre sheachtain níos déanaí agus táimid sa chás céanna – arís.
An t-aon rud a theastaíonn ó mhic léinn faoi láthair ná cur chuige a léiríonn comhbhá, agus cumas. Ar an drochuair, níl ceachtar le feiceáil.