An tseachtain seo caite, fógraíodh gur fuair an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliaith (UCD) réidh le pleananna a bhí ar na bacáin an polasaí faoi shaoirse acadúla. Tháinig an nuacht seo ag am cuí.
Fad is atá súile gach mac máthair ag díriú go géar ar phríomhchúram amháin, tá roinnt saineolaithe ag moladh gur chóir bheith cairéiseach faoi na beartais atá á thabhairt isteach chun troid i gcoinne paindéim an choróinvíris mar d’fhéadfadh go mbeadh torthaí tromchúiseacha acu ar shaolta an phobail. Tá éifeacht ag morán de na beartais seo, ón méadú ar fhaireachas rialtais go dtí sarú ar shonraí, ar phríobháideachas, ar shaoráil faisnéise agus ar chearta bunúsacha daonna eile.
I measc anbhá domhanda, bheadh sé cóir glacadh leis go bhfuil ról tabhachtach ag ollscoileanna i gcosaint shaoirse na ndaoine. I ndeireadh na dála, is iadsan, de réir dealraimh, atá ina gcrainn taca ag láidreacht intleachta agus saoirse.
Mar sin, is amhlaidh go bhfuil aiféal mór ag baint le hiarracht UCD athruithe a dhéanamh ar a an bpolasaí saoirse acadúil – mar gan amhras dá laghad, lagódh na hathruithe seo an saoirse acadúil gur cóir dóibh bheith á cosaint ar an gcéad dul síos.
D’aithin an mheitheal UCD a mhol na hathruithe go mbeadh “baol teannais” idir saoirse acadúill agus an “ordaitheach straitéseach atá ann chun an t-ardoideachas a idirnáisiúnú”. Go bunúsach, an rud a bhí i gceist leis ná cosaint thaidhleoireachta féinchinsireachta ionas nach gcuirfí isteach ar gheallsealbhóirí cumhachtacha.
Braitheann UCD, cosúil le formhór na n-ollscoileanna Éireannacha, ar nascanna domhanda le haghaidh ioncaim agus gradaim. Ach tá cuid de na nascanna seo níos conspóidí ná a chéile: mar shampla, feidhmíonn institiúid Confucius a fhaigheann cuid dá maoiniú ó rialtas na Síne ar champas, in ainneoin conspóidí idirnáisiúnta mar gheall ar iarrachtaí atá déanta ag a leithéad de hionaid chun cur isteach ar shaoirse acadúla na n-ollscoileanna.
Gan dabht, is maith an comhartha é gur shlóg 500 daoine léinn chun achainí i gcoinne na hathruithe a shíniú, ionas nach raibh an dara rogha ag an gcoláiste ach fáil réidh leo. Ach is údar imní é go raibh a leithéad de athrú ar na bacáin ar an gcéad dul síos i gceann de na hollscoileanna is fearr sa tír.
Tá seans gur drochléiriú é seo ar fhírinne an lae inniu, go raibh na cumhachtaí i UCD ag iarraidh tús áite a thabhairt do bhrabús in ionad saoirse acadúil i bpolasaí. Tá nasc idir seo agus an ghéarchéim ardoideachais, corparáidiú na n-ollscoileanna agus domhandú luachanna acadúla.
Ach tá sé níos soiléire ná riamh, sa lá atá inniu ann, nach féidir linn glacadh leis go bhfuil saoirse acadúil slán – agus má theastaíonn uainn í a chosant, caithfidh mic léinn agus daoine léinn teacht le chéile.