Tá an domhan sách difriúil na laethanta seo, agus is annamh go mbíonn nuacht eile seachas na figiúirí de chásanna nua don choróinvíreas. Ach, dom féin agus do mhuintir na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, bhí bua beag againn i rith na héiginnteachta. Ag an gComhairle Mac Léinn dheireanach don bhliain seo, vótáil na hionadaithe ranga i bhfábhar an rúin maidir le polasaí Gaeilge nua a chumadh d’Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide. Ba chéim thábhachtach í sin do chearta teanga ar champas na Tríonóide, ag léiriú go bhfuil tábhacht ann an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sa Choláiste.
Nuair a tháinig mé isteach sa phost mar Oifigeach na Gaeilge ag tús na bliana, ní raibh fhios agam faoin bhfadhb a bhí ann leis an bpolasaí Ghaeilge a bhí ag an aontas. Chun an fhírinne a rá, ní raibh sé ar eolas agam go raibh polasaí ar bith ann go dtí mí na Samhna anuraidh. Nuair a chaith mé súil ar, bhí iontas orm nach cáipéis aonrach a bhí i gceist, ach bhí cuma ann go raibh sé mar fhonóta a bhí caite isteach chun muintir na Gaeilge a shásamh.
Chomh maith leis sin, bhí ionadh orm nach raibh an polasaí scríofa go dátheangach, ach i mBéarla amháin. Bhí an polasaí seo mar chuid de sheanbhunreacht an Aontais, agus tógtar an polasaí faoin nGaeilge agus an polasaí maidir le rochtain ón mbunreacht sin isteach i Sceidil a Ceathair.
Deirtear ag tús na Sceidile nach bhfuil an polasaí seo, nó an polasaí dóibh siúd le Míchumas mar chuid bailí don bhunreacht atá againn faoi láthair. Mar sin, níl mandáid ag an Aontas iad a leanúint seachas nuair a thugann an Chomhairle sainordú don Aontas iad a leanúint. Go teicniúil, níl an Aontas in ann an polasaí seo a leanúint i gceart, toisc go mba cheart go mbeadh sé ina cháipéis aonrach maraon le chuid de Sceidil a Ceathair. Mar sin, tá gá le cáipéis ceart chun freastal ar riachtanais mhuintir na Gaeilge sa Choláiste.
Tá riachtanais mhuintir na Gaeilge i bpobal na Tríonóide tar éis athrú thar na blianta, agus cé go bhfuil pointí maithe sa seanpholasaí, tá gá le polasaí nua le nuashochrucháin curtha isteach nuair is gá leo. Tá forbairt le déanamh ar an bpolasaí ionas go bhfreastlaíonn sé ar riachtanais an phobail Gaelach sa lá atá inniu. Táimid in ann roinnt gnéithe den tseanpholasaí a thabhairt isteach sa pholasaí nua, ach uasdátú a dhéanamh orthu ionas go n-oireann sé don tréimhse atá romhainn.
Tá fós ceisteanna ann maidir le litriú ainmneacha Gaelacha, mar shampla an t-easpa síneadh fada a bhí ar chártaí aitheantais mhic léinn, nó cáipéisí ollscoile a fháil go dátheangach. Bheadh sé tábhachtach comhairliúcháin a dhéanamh le páirtithe leasmhara, cosúil leis an gCumann Gaelach, Roinn na Gaeilge agus Oifig na Gaeilge chun na riachtanais is práinní a aithint, agus áit a thabhairt dóibh sa cháipéis nua.
Chomh maith leis sin, tá ar an ollscoil cloígh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (2003), agus is ceart go ndéanfadh Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide iarracht cloígh leis an Acht sin don méid is gur féidir leo. Níl sé maith go leor go gcuirfidh siad an dualgas uilig ar Oifig na Gaeilge cloígh leis na freagrachtaí atá ann san Acht sin, caithfidh Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide tacaíocht cheart a thabhairt don teanga, agus iad ag léiriú go poiblí go ndéanfaidís a ndícheall eilimintí don Acht a thabhairt isteach ina gcuid bpolasaithe freisin.
Tá tagairt don Acht ann sa seanpholasaí, ach muna ndéantar uasdátú ar pholasaithe mar seo, tá baol ann go mbeadh an tír ag bogadh ar aghaidh le cearta teanga, ach go mbeadh an t-Aontas greamaithe sa stad céanna gan fhorbairt ar bith.
Tá sé mar dhualgas an Aontais aitheantas agus ionadaíocht a dhéanamh ar son gach mac léinn ar champas, agus déanann an fhoireann shabóideach iarracht freastal ar na riachtanais uilig. Cabhróidh an polasaí nua seo aitheantais a thabhairt dóibh siúd a dhéanann iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn ar champas na Tríonóide. Níl sé maith go leor nach bhfuil uasdátú déanta ar an bpolasaí seo i ndiaidh aon bhliain déag, go háirithe nuair a bhí bunreacht nua á scríobh ag an Aontas. Déanann Oifigeach na Gaeilge post den scoth mar ionadaí do phobail na Gaeilge san Aontas, agus iad ag aistriú an ríomhphost seachtainiúil don Aontas chomh maith le hÉigse na Tríonoide a eagrú gach bliain.
Cé gur obair bhunriachtanach atá i gceist leis an obair seo, beidh seasamh níos deimhne ag an teanga dá mba rud é go raibh polasaí ceart ag an Aontas chun an teanga a chur chun cinn i mbealaí éagsúla agus obair mar seo a aithint agus a cheiliúradh. Go bunúsach, beidh gach duine atá bainteach le hAontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, na hoifigigh shabóideacha agus páirt-aimsearacha, in ann tacaíocht a thabhairt don teanga i mbealaí éagsúla.
Is cinnte go mbeidh daoine amuigh ann a bheadh ag argóint in aghaidh polasaí iomlán nua a chur le chéile, ach tá an polasaí seo ríthábhachtach ar fháthanna éagsúla. Bíonn gá le huasdátú agus athruithe a thabhairt isteach go rialta chun riachtanais an phobail san aontas a aithint. Léirítear an próiséas do nós imeachta bhunreachtúla atá ag an Aontas, agus an bealach a bhaintear úsáid as chun athru dearfach mar seo a chur i bhfeidhm chun ár dteanga náisiúnta a chosaint.
Beidh Coláiste na Tríonóide in ann dea-shampla a léiriú d’ollscoileanna eile atá ag iarraidh polasaí nua mar seo a thabhairt isteach, agus iad ag comhairliú na mac léinn a mbaineann sé leo ionas go mbeadh an polasaí is fearr curtha le chéile ar a son. Freisin, beidh an Aontas in ann leasuithe a dhéanamh thar na blianta ar an bpolasaí seo chun freastal ar na riachtanais malartach mhuintir na Gaeilge as seo amach.
Is céim ar an aistear é an polasaí seo chun tógáil ar an obair ata déanta go dtí seo maidir le cur chun cinn na Gaeilge, agus chun seasamh níos deimhne a thabhairt don Aontas tacú leis an obair atá fós le déanamh sna blianta romhainn. Is rud beag ach tábhachtach é an polasaí seo i ndeireadh na dála, ach ní féidir a shéanadh go bhfuil deis ann ag Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide seasamh láidir ar son na Gaeilge a léiriú as seo amach.
Is Oifigeach na Gaeilge d’Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide í Muireann Nic Corcráin