In Focus
May 13, 2020

Aithint Cainte agus Teicneolaíocht Urlabhra Anseo i gColáiste na Tríonóide

Tá ABAIR – foireann lonnaithe i saotharlann teangeolaíochta anseo sa Choláiste – ag obair le teicneolaíocht urlabhra agus sintéise.

Róise HannanScríbhneoir Foirne
blank
An tOllamh Ailbhe Ní Chasaide ag seoladh ABAIR ag Oireachtas na Samhna sa bhliain 2012.
Clive Wasson

Is féidir a rá go bhfuil an Ghaeilge ag titim chun deiridh maidir le dul chun cinn suntasach na teicneolaíochta agus is cinnte go bhfuil níos mó le déanamh ionas go mbeidh an Ghaeilge in ann cos a choinneáil le saol na teicneolaíochta.

Faoi láthair, tá Scoil na n-Eolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide ag cruthú acmhainní teicneolaíochta don Ghaeilge. ABAIR an t-ainm atá ar an tionscadal seo, agus is í an t-Ollamh Ailbhe Ní Chasaide stiúrthóir an tionscadail.

Ag labhairt leis an University Times, deir Ailbhe Ní Chasaide go bhfuil éileamh ag teacht ó mhúinteoirí agus ó thuismitheoirí faoi choinne teicneolaíocht urlabhra a chuideodh le páistí agus iad ag foghlaim na Gaeilge. Ta sé seo iontach práinneach maidir le páistí a bhfuil deacrachtaí radhairc agus éisteachta acu mar is beag acmhainní foghlamtha Gaeilge atá ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais na páistí seo.

ADVERTISEMENT

Go dtí seo tá glórtha sintéise cruthaithe ag foireann ABAIR. Ar shuíomh idirlín s’acu luaitear go mbaintear úsáid as an chineál teicneolaíocht sintéise seo sna bhfógraí i stáisiúin traenacha agus i stáisiúin bhusanna, mar sin is léir go bhfuil an saghas teicneolaíochta seo de dhíth don Ghaeilge.

Tá foireann ABAIR anois ag díriú ar acmhainní aitheanta cainte a chruthú, agus tharla go raibh deacrachtaí maoinithe acu ar tús ach tá maoiniú anois acu ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Tá an tsintéis “Téacs-go-hUrlabhra” ar fáil ar shuíomh idirlín ABAIR agus i bhfoirm aip. Mar a thugann a hainm le fios, léann an tsintéis cibé téacs Gaeilge a chuirtear isteach ann os ard i nglór chainteoir dúchais. Is féidir guth ó na trí príomhchanúintí a roghnú: glór Ghaoth Dobhair, Chonamara, agus Chorca Duibhne. Dar leis an Ollamh Ní Chasaide, tá sé ríthábhachtach go mbíonn fáil ag páistí ar chainteoirí dúchais agus iad ag foghlaim na teanga le cinntiú go mbeidh “múnla dúchasach” acu.

Tá foireann ABAIR anois ag díriú ar acmhainní aitheanta cainte a chruthú, agus tharla go raibh deacrachtaí maoinithe acu ar tús ach tá maoiniú anois acu ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Cé go bhfuil a lán daoine anois in Éirinn leis na scileanna teicneolaíochta atá de dhíth orthu, bhí sé “an-doiligh”, dar leis an Ollamh Ní Chasaide, foireann a chur le chéile a raibh na scileanna seo acu chomh maith le hardchaighdeán Gaeilge agus teangeolaíochta. Rinne sí tagairt ar chúrsa fochéime agus cúrsa iarchéime sa choláiste, áfach, “ríomheolaíocht agus teanga”, agus “próiseáil urlabhra agus teanga”, a chuireann an oiliúint riachtanach ar fáil agus is mic léinn iarchéime na gcúrsaí seo atá mar chuid d’fhoireann ABAIR. Deir Ní Chasaide go bhfuil siad ag “brath” ar na mic léinn seo maidir le fás teicneolaíocht na Gaeilge sa roinn seo.

D’admhaigh Ní Chasaide fosta, gur dúshlán nach beag é aithint cainte a chruthú do theanga mhionlaigh cosúil leis an Ghaeilge de thairbhe go bhfuil canúintí éagsúla sa Ghaeilge atá chomh bailí céanna lena chéile mar sin beidh ar an aithint cainte na canúintí uilig seo a thuiscint, rud nach bhfuil amhlaidh d’aithint cainte do theanga a bhfuil canúint chaighdeánach aici.

Anuas air sin, tá cruthaitheoirí an aithint cainte ag iarraidh go dtuigfidh an aithint cainte foghlaimeoirí agus páistí chomh maith. Mar sin tá foireann ABAIR ar lorg maithe agus móruaisle na tíre a bhfuil Gaeilge acu- páistí, foghlaimeoirí, mná, agus fir- chun páirt a glacadh san fheachtas “Míle Glór”, chun na guthanna seo uilig a bhailiú. Le páirt a ghlacadh san fheachtas, tá ar dhaoine na treoracha ar shuíomh idirlín ABAIR a leanúint agus taifead a dhéanamh de ghlór s’acu.

Tá foireann ABAIR ar lorg maithe agus móruaisle na tíre a bhfuil Gaeilge acu- páistí, foghlaimeoirí, mná, agus fir- chun páirt a glacadh san fheachtas ‘Míle Glór,’ chun na guthanna seo uilig a bhailiú

Tá sé ráite ag Ní Chasaide go mbeadh an fhoireann “ag iarraidh gléasanna cosúil le Siri’ a chruthú má bhíonn borradh ar an fheactas seo. Tá “gléas an-bhunúsach” tógtha acu cheana féin leis na guthanna atá acu cheana ó tsintéis, ach níl spriocdháta acu go fóill do lainseáil an aithint cainte de thairbhe na gconstaicí a bhíonn sa tslí ar chomhlachtaí beaga, cosúil le hABAIR, constaicí nach mbíonn ar chomhlachtaí móra a shárú.

Ceann de na constaicí seo ná nach bhfuil foireann ABAIR ag cruthú na teicneolaíocht seo ar mhaithe le brabús ach ar mhaithe le cuidiú a thabhairt do phobal na Gaeilge agus deir Ní Chasaide gurb é “fealsúnacht” na foirne gach rud a chur ar fáil saor in aisce.

Faoi láthair tá foireann ABAIR ag obair le haithint cainte a chruthú do TG4, a ligfidh do dhaoine clár a chur i dul lena nglór féin. Ar bharr seo, tá sé ráite ag Ní Chasaide dá dtiocfá éileamh ar thráchtálú a dhéanamh ar na bogearraí seo, go mbeadh sé mar aidhm fhadtéarmach ag foireann ABAIR “comhlachtaí beaga a lonnú” a bheadh bunaithe sa Choláiste agus sna ceantair Ghaeltachta leis na seirbhísí teicneolaíochta urlabhra seo a chur chun tosaigh.

Deir Ní Chasaide: “Amach anseo an rud atá i gceist againn na teicneolaíocht na hurlabhra agus teicneolaíochta na teanga a chur ar fáil go hiomlán i nGaeilge agus go mbeidh sé ar ardchaighdeán, agus go mbeidh sé chomh maith le cibé rud atá ar fáil [i mBéarla].”

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.