Tá sé fógartha inniu go gcuirfidh an rialtas nua reachtaíocht chuimsitheach ar fáil don Ghaeilge sa chóras oideachais – ón réamhscoil go dtí an tríú-leibhéal – mar chuid den dréachtpholasaí rialtais.
Ach níl na páirtithe leasmhara don Ghaeilge ar aon fhocal maidir leis na beartais don teanga.
I bpreasráiteas go dtí an University Times, dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Aithníonn Conradh na Gaeilge an soláthar uaillmhianach leagtha amach ag an trí pháirtí, An Comhaontas Glas, Fianna Fáil agus Fine Gael, sa Chlár Rialtais atá curtha le chéile acu ach aithníonn muid chomh maith an t-easnamh atá ann gan tagairt do mhaoiniú breise intomhaiste, ar an nós a gheall siad ar fad €20 milliúin nó níos mó i rith an olltoghcháin.”
Lean Comer ar aghaidh, ag scríobh: “Má tá an Rialtas nua seo dáiríre faoi na beartais seo a chur i bhfeidhm ar leibheál a dhéanfaidh difear don teanga agus don phobal, caithfidh maoiniú breise a sholáthar agus aitheantas Aire Shinsirigh a chinntiú mar bhunchloch leis an Chlár Rialtais seo. Sin a bheas á lorg ag Conradh na Gaeilge sna laethanta atá amach romhainn.”
Tá sé ráite ag Eamon Ó Cuív, Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta d’Fhianna Fáil nach dtabharfaidh sé tacaíocht don dréachtchláir rialtais, de réir ailt ó Tuairisc. Agus é faoi agallamh, dúirt sé nach bhfuil ann sa dréachtpholasaí ach “dinnéar atéite”, agus go mbeidh sé ag vótáil ina choinne.
Sheol Conradh na Gaeilge an feachtas Gaeilge4All anuraidh, feachtas a lorg reachtaíocht a neartódh an Ghaeilge sa chóras oideachais.
Luaitear nithe eile faoin nGaeilge sa dréachtpholasaí: méadú ar an tacaíocht a chuirtear ar fáil don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoilíochta, agus líon na ndaltaí i nGaelscoilíocht a dhúbailt ina measc.
Níl tagairt ar bith déanta do Aire Sinsearach don Ardoideachas sa dréachtchlár ach an oiread, in ainneoin achainí a fuair 1,700 síniú.