Comment & Analysis
Jun 3, 2020

Níl Aon Mheas ag an Rialtas Seo ar an nGaeilge sa Chóras Oideachais

Is údar díomá, seachas iontas, é an chaoi a gcaitear leis an teanga sa chóras oideachais, dar le Peter Kavanagh.

Peter KavanaghScríbhneoir Op-Ed
blank
Ivan Rakhmanin for The University Times

Bheadh sé bréagach a maíomh go raibh ionadh orm nach raibh an tairseach ar-líne do dhaltaí Ardteistiméireachta ar fáil i nGaeilge. Bhí díomá orm, ach faoin am seo, ní haon ionadh an díomá leanúnach sin. Nuair a sheas Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, sa Dáil le déanaí ag séanadh freagrachta as an nGaeltacht, níor chuir sé ionadh orm ach oiread, ach mhúscail sé an sean-díomá chéanna.

Go bunúsach in am an ghátair, nuair atá brú ar acmhainní, ar am, nó ar dhaoine, cuirtear i leataobh an Ghaeilge mar sórt “optional extra”. Tá sí deas, mar theanga, ach nuair atáimid gann ar acmhainní, nó nuair nach bhfuilimid ag iarraidh déileáil léi, ní tosaíocht í.

Is cealú é seo ar an nGaeilge mar theanga labhartha, mar theanga foghlama, agus mar theanga teaghlaigh. Is féidir é a mhaitheamh, más sin atá uait le “Sure, don’t they all speak English anyway?”, ach ní shin an pointe. Cinnte tá Béarla ag nach mór gach éinne ar an oileán, ach tá ann dóibh siúd go mb’fhearr leo teanga eile le stádas comhionann. Don dalta a chaith 14 bhliain in oideachas Gaelach, nó don mhúinteoir atá tar éis rang Ardteiste a réiteach chun na foirmeacha cuí a líonadh i nGaeilge, is feall é. Ach, faraor, ní haon ionadh é.

ADVERTISEMENT

Nuair a bhris an scéal nach raibh leagan Gaeilge den suíomh idirlín ar fáil do dhaltaí a bhí orthu clárú le haghaidh a ngrád ríofa, chuir mé glaoch ar phríomhoide mo Ghaelcholáiste áitiúil. Mar chathaoirleach an bhoird bainistíochta, tá gaol maith agam leis. D’iarr mé air an raibh aon aiseolas faighte aige ó dhaltaí agus múinteoirí maidir leis an easpa Gaeilge ar an suíomh. Ní raibh nod ar bith ón Roinn Oideachais nach mbeadh leagan Gaeilge ar fáil.

Taobh istigh den chóras oideachais, tá an Ghaeilge de shíor in áit mhíshocair

Ach arís, bhí díomá air, ach ní raibh ionadh air.

Taobh istigh den chóras oideachais, tá an Ghaeilge de shíor in áit mhíshocair. Tá gach uile bunmhúinteoir in ainm agus Gaeilge líofa a bheith acu, agus an líofacht sin a chur ar aghaidh do na páistí faoina gcúram. Glacann an córas meánscolaíochta leis seo mar bhunús, agus tosaíonn an curaclam ag an bpointe líofachta sin. Is cur i gcéill é seo, dar ndóigh, agus cé go bhfuil bunmhúinteoirí na tíre seo cumasach, stuama agus díograiseach, níl aon bealach ar bith gur féidir le héinne maíomh go bhfuil siad ar fad líofa sa teanga a mbíonn siad ag teagasc gach lá.

Cad chuige, mar sin, go ndéanaimid é seo dúinn féin? An é gur maith linn coincheap na Gaeilge? Is carr clasaiceach í atá sa gharáiste. Nach deas í a bheith agat? Nach bhfuil sí go hálainn le breathnú uirthi? Nach raibh sé gleoite nuair a d’úsáid Banríon Shasana í ar feadh soicind?

Ach ná déan iarracht cáin agus árachas a fháil chun í a thiomáint. Ní bheadh sin indéanta in aon chor.

Tá dhá chineál Ghaeilge ar an oileán seo. Nílim ag déanamh tagairt do chanúintí nó aon rud mar sin. Tá an Ghaeilge mar phíosa oidhreachta, a thagann amach nuair atá mana deas ag teastáil ó Fáilte Ireland. An béalghrá. An “ciúnas, bóthar, cailín, bainne”. An “cúpla focal, and that’s both of them!”, Is aoibhinn le hÉire Oifigiúil an Ghaeilge sin.

Tá dhá chineál Ghaeilge ar an oileán seo: an Ghaeilge mar phíosa oidhreachta agus an Ghaeilge mar chúpla focal

Ach ansin faoin dromchla, mar sórt uisce faoi thalamh, mar theanga rúnda, tá an Ghaeilge mar theanga bheo. Gaeilge na Gaeltachta. Gaeilge labhartha sna hiar-Gaeltachtaí. Gaeilge Chlub an Chonradh agus Gaeilge an Chumainn Ghaelaigh. Gaeilge mar uirlis cumarsáide le go bhféadfadh daoine an rud is bunúsaí ar domhan a dhéanamh lena chéile – caint, scríobh, teagasc agus foghlaim, mothúcháin a chur in iúl.

Tá sé deas, is cosúil, an Ghaeilge a bheith agat in Éirinn. Ach ná déan iarracht coinne dochtúra a fháil i nGaeilge, nó teiripe urlabhra agus teanga a fháil do pháiste le Gaeilge mar theanga tí, nó cabhair don mheabhairshláinte trí mheán na Gaeilge a iarradh. Ní aithníonn an córas, ní aithníonn Éire Oifigiúil, go bhfuil ann don chainteoir dúchasach Gaeilge, nó fiú don bhfoghlaimeoir nó nuachainteoir, atá níos compordaí, níos ionraic, níos daonna i dteanga nach an Béarla í. Is í an Ghaeilge an chéad teanga sa Bhunreacht, ach ní aithníonn an Stáit go bhféadfadh sí bheith mar chéad teanga, i ndáiríre, ag éinne ar an oileán.

Bíonn tacaíocht ag teastáil ó aon teanga bheo. Cosnaíonn an tacaíocht seo na milliúin, nó fiú na billiúin Euro. Ach, cosúil le fear díreach geal ag caint faoi “identity politics” ní thugaimid faoi deara an tacaíocht stáit seo nuair a thacaítear leis an mBéarla. Bhí eagarfhocal san Irish Examiner le déanaí ag gearán faoi chostas bhileog eolais COVID-19 a fhoilsiú i nGaeilge. Cinnte, ba chur amú airgid dhá bhileog ar an ábhar chéanna a chur chuig gach uile teaghlach sa tír. Bheadh bileog amháin dátheangach i bhfad níos saoire agus níos cliste, ach ní sin a bhí á rá ag an Examiner, a deir san alt anaithnid “This seems an occasion when idealism might be leavened with some common sense.”

B’shin é go díreach. An Béarla amháin, “common sense”. An Ghaeilge, “idealism”.

Don té nach n-aithníonn an Béarla éigeantach i ngach áit, níl sa Ghaeilge ach rud deas le bheith agat sa phóca ach gan í a úsáid.

Ach tá sí ann. Tá sí beo. Bheadh ionadh ort.


Is é an Comhairleoir Peter Kavanagh urlabhraí Ghaeilge agus Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais. Is comhbhunaitheoir den Pop Up Gaeltacht é, agus tá a shaol caite aige ag feachtasaíocht ar son cearta teanga.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.