Is annamh a sháraíonn ollscoil an dlí. Rud níos annaimhe fós ná ceithre ollscoil ag sárú an dlí ag an am céanna. Is é sin a tháinig chun cinn inniu le foilsiú na tuarascála ón gCoimisinéir Teanga a léirigh go raibh ceithre ollscoil ag sárú Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Más údar iontais é an nuacht gur bhris ceithre ollscoil an dlí, ní chóir go mbeidh aon iontas ar éinne maidir le nádúr na coire: cliseadh bunúsach ar chearta an phobail Gaeilge.
Theip ar ceithre ollscoil – Gaillimh, Má Nuad, Corcaigh agus Ollscoil na hÉireann Baile Átha Cliath – comharthaí dátheangacha a úsáid. I gcás áirithe, aimsíodh go raibh 54 faoin gcéad de na comharthaí in Ollscoil Mhá Nuad as Béarla amháin.
Is beag an freagra atá faighte ag an scéal seo go dtí seo – fianaise dhamhnaithe nach bhfuil ionadh ar phobal na Gaeilge san earnáil ardoideachais. Conas a shroicheamar an stad seo – stad nach bhfuil fearg, frustrachas, nó fiú caoch na súl i gceist le sárú ar chearta teanga?
Is rud thar a bheith simplí é comharthaí dátheangacha a fháil. Ní gá meabhair na seacht bhfáidh a bheith agat le haithint gur cliseadh imníoch é seo ar chearta teanga agus beidh iarmhairtí tromchúiseacha ann muna réiteofar é go luath.
Agus, nuair a bhreathnaítear ar na riachtanais iontrála do na hollscoileanna seo, feictear go bhfuil an Ghaeilge riachtanach mar ábhar Ardteiste. I bhfocail eile: measann na hollscoileanna seo go bhfuil ar mhic léinn an Ghaeilge a dhéanamh don Ardteist, ach níl siad féin sásta comharthaí as Gaeilge agus as Béarla a chur ar fáil.
Bhí an dreach ar an scéal go raibh cúrsaí ag feabhsú don Ghaeilge san ardoideachas. I Mí an Mhárta, d’fhógair Ollscoil Mhá Nuad cúrsa digiteach i múineadh na Gaeilge, agus d’fhógair an seanrialtas maoiniú de luach €1.63 milliún do chúrsaí tríú-leibhéil Gaeilge anuraidh. Anuas ar sin, fuair scéim chónaithe Choláiste na Tríonóide níos mó ná 70 iarratas i mbliana, in ainneoin na paindéime agus in ainneoin na héiginnteachta a bhaineann léi.
Ní hiad na coláistí an t-aon té atá ciontach as neamhaird a dhéanamh den Ghaeilge san ardoideachas. Thart ar mí ó shin, nuair a foilsíodh an clár rialtais, ní raibh tagairt ar bith déanta don Ghaeilge san earnáil tríú-leibhéil, in ainneoin achainí ón bhfeachtas Gaeilge4All anuraidh a bhailigh os cionn 12,000 síniú go dtí seo. Ní raibh Éamon Ó Cuív, Teachta Dála agus iar-Aire Gaeltachta de chuid Fhianna Fáil sásta leis an gclár rialtais ach an oiread, agus mhaígh sé nach raibh ann ach “dinnéar atéite” do lucht na Gaeilge.
Ach má tá locht ar choláistí as ucht na faidhbe seo, caithfidh mic léinn a lámha a chur san aer agus leithscéal a ghabháil freisin. Ní raibh aon ghluaiseacht le feiceáil ó mhic léinn sna coláistí chun déileáil leis an éagóir seo. Agus ní hé nach bhfuil taithí feachtasaíochta acu ach an oiread. Throid mic léinn in Ollscoil Éirinn, Gaillimh, go fíochmhar, chun Caifé na Gaeilge a chosaint, mar shampla, ach is beag a rinne siad chun dul i ngleic le comharthaí nach raibh aon Ghaeilge orthu. Ar an taobh eile den oileán, tá mic léinn in ollscoileanna ó thuaidh tar éis a lán oibre a dhéanamh ionas go gcrochfar comharthaí dátheangacha ina n-ollscoileanna.
Foghlaimímis ón gceacht seo. Tá deis ag na hollscoileanna, agus ag oifigigh na Gaeilge sna hollscoileanna sin an choir seo a chur ina ceart anois. Is maith an scéalaí an aimsir agus léireóidh a gcuid freagraí ar an éagóir seo conas a chaithfidh siad leis an nGaeilge ag dul ar aghaidh.