Tá a fhios ag gach mac máthair ag an bpointe seo go bhfuil sé deacair eachtraí sóisialta taitneamhacha a dhéanamh thar Zoom, ach go háirithe le mórchuid léachtaí agus ranganna teagaisc air. Ach rinne Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide jab iontach de, ar Lá na Gaeilge inné mar chuid de Sheachtain na gCumann.
Thosaigh an lá amach le plé agus pancóga. Bhí atmaisféir fáilteach ann, le scata daoine thar mhéain Zoom ag déanamh a gcuid pancóga féin ach i gcomhrá le gach duine eile. Leibhéal a cúig agus na srianta nua is mó a bhí faoi thrácht i dtaca leis an gcluiche ríomhaire, Among Us. Muna bhfuil sé cloiste agat faoi cheana is ea seo do chomhartha chun é a íoslodáil – tá seans go mbeidh cluiche ollmhór ag an gCumann go luath. Ar deireadh, thaispéain gach duine a chuid ríshaothair pancógacha go bródúil.
San iarnóin lean an plé agus caint ag an uair chaife a bhí á reáchtáil in éineacht le Litsoc. Le slua bailithe timpeall na scáileán bhí roinnt leabharagán le feiceáil sa chúlra – ina siombail dár ndóigh den chomhrá ar bun. Bhí mórchuid an imeachta rite ag Aoibh Ní Chroimín, ionadaí Litsoc, a labhair go misniúil agus go feasach. Mar mhac léinn Béarla thug sí faoi dheara go raibh mórchuid de litríocht na Gaeilge an-dorcha – i ndáiríre, bhí sé deacair ag daoine argóint léi – rinne na rann pháirtithe plé ar leithéidí Myles na gCopaleen agus an Béal Bocht, agus, dár ndóigh, Peig.
Rinneadh plé freisin ar na seanfhocail agus go gcuireann an tslí ina úsáidtear iad sa litríocht agus sa scríbhneoireacht iachall orainn “glacadh le cad a bhí ann” na blianta ó shin mar a dúirt Ní Chroimín. Roinn Ciara Ní Mhurchú, reachtaire an Chumainn Ghaelaigh roinnt dá dánta is fearr léi ar nós ‘Faoiseamh a Gheobhadsa’ le Máirtín Ó Díreáin agus ‘An Teanga seo Leath Liom” le Seán Ó Riordáin. Chas an dara dán an comhrá i dtreo “easpa muiníne” i dtaobh saibhris na Gaeilge a bhí ag na rannpháirtithe. Ag tabhairt chun solais príomhaidhm an lae – teacht le chéile daoine atá grá acu don Ghaeilge is cuma cén leibhéal atá acu – mar a dúirt Ní Mhurchú “Ní bheidh aon dúinn foirfe riamh”.
An chéad imeacht eile a bhí ar an amchlár ná an réamhbhabhta dhíospóireacht an Oireachtais a stiúr Oifigeach Díospóireachta an Chumainn, Ruairí Ó Séanáin. An rún a bhí faoi chaibidil ag na hiomaitheoirí ná: “Tá paindéim an choróinvíris tar éis maitheas a dhéanamh don nádúr daonna” le triúr i bhfábhar an rúin agus ceathrar ina choinne. Ba é seo an chéad uair a reachtáil an cumann ceann dá díospóireachtaí ar Zoom agus chuaigh gach rud ar aghaidh go binn. Leis an duais a bheith mar ionadaí ar son na Tríonóide ag díospóireacht an Oireachtais an tseachtain seo chugainn, labhair na hiomaitheoirí ar lámh amháin maidir le saint agus féinleas an duine agus ar an lámh eile an léiriú cairdis agus cumarsáid leanúnch le linn na paindéime. Ar deireadh, tar éis géariomaíocht agus roinnt pointí eolais, d’éirigh le Maitiú Charleton agus Rebecca Ní Thréanlámhaigh chun dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile.
Ag deireadh an lae bhí léiriú de ‘Le Ceangal’, cumtha agus stiúrtha ag aoichainteoir na hoíche, Oisín Mistéil. Arís ar an Zoom, bhí cuma chompordach ar an lucht féachana agus ag iad ag ligint a scíth ina pitseamí ar a sámhín só. Roinn Ní Mhúrchú a scaileáin agus taispeánadh na sceitsí faoi Zoom, thar Zoom. Is píosa grinn é ‘Le Ceangal’ maidir le conas mar atá sé ag siúl amach le daoine i lár paindéime. I scéal grá amhail le Romeo agus Juliet bhí an dá phríomhcharachtar Declan, ó chontae na Gaillimhe agus Aoife ó Bhaile Átha Cliath tar éis bualadh ar Tinder agus a saol rómánsúil a thosnú thar Zoom agus Facetime. Scéal iontach greannmhar atá ann atá le fáil ar sheinnteoir TG4.
Ina dhiaidh, labhair Mistéil leis an lucht féachana maidir lena chuid ama sa Chumann agus é ina mhac léinn Tríonóide agus faoina aistir oibre leis na méain shóisialta trí Ghaeilge. Agus é ainmnithe le haghaidh réalt óg na bliana don Oireachtas, dúirt sé nach bhfuil aon bhrú na gnáth deasgnátha a dhéanamh, ar nós ag obair le Ros na Rún nó Gael Linn, agus tú ag obair leis an nGaeilge. Dar leis cuireann an líon Gaeilge a feictear ar Twitter an-dóchas air go bhfuil an teanga ag fás, agus go mbeidh níos mó daoine cosúil leis ag déanamh na físeanna seo de dhíth chun freastal air seo.
Ar an iomlán ba lá iontach gaelaí amach is amach a bhí eagraithe ag an gCumann Gaelach, fiú le na dúshláin leis an domhan fíorúil a bhí os a chomahair. Is cinnte go raibh draíocht pobal na Gaeilge fós le brath fiú amháin agus é tríd scáileán.